Is éard é an Prótacal Aistrithe Hipirtéacs (as Béarla, HyperText Transfer Protocol, nó HTTP) ná an modh is tábhachtaí a úsáidtear chun faisnéis a iompar ar an nGréasán Domhanda.
Prótacal cumarsáide atá ann a cuireadh chun cinn le haghaidh ailtireacht chliaint/freastalaí a chur i bhfeidhm, agus úsáidtear é chun leathanaigh HTML, íomhánna, stílbhileoga cascáideacha (CSS) agus ábhair eile a aistriú idir freastalaithe HTTP agus brabhsálaithe Gréasáin, agus duine ag tabhairt cuairte ar shuíomh Idirlín.
Cineál | computer network protocol (en) |
---|---|
Bunleagan | 1989 |
Leagan bogearraí | |
Cuid de | TCP/IP agus an Gréasán Domhanda |
Tuilleadh eolais | |
Láithreán Gréasáin | httpwg.org… (Béarla) |
Stack Exchange | Nasc |
| |
Déanann RFC 2616 cur síos ar an bprótacal HTTP (leagan 1.1 an leagan reatha). Déanann RFC 2818 cur síos ar an bprótacal HTTPS. Is leagan criptithe de HTTP é HTTPS, a úsáideann SSL.
Seolann an cliant (don chuid is mó brabhsálaí Idirlín) iarratas don freastalaí ag iarraidh acmhainne. Seolann an freastalaí freagra ar ais.
Tá na ceannteidil seo a leanas simplithe go mór ionas go mbeifear in ann an oibríocht a thuiscint, ach is féidir i bhfad níos mó eolais a sheoladh don chliant nó don fhreastalaí.
Seolann an cliant:
GET /index.html HTTP/1.1
Séard is brí leis seo ná : Tabhair dom inneachar an leathanaigh index.html ag bun do fhreastalaí agus a fhios agat go bhfuilim ag labhairt as HTTP 1.1.
Seolann an freastalaí an méid seo ar ais :
HTTP/1.1 200 OK Date: Sun, 05 Nov 2000 20:24:23 GMT Server: Apache/1.3.14 (Unix) PHP/4.0.3 Last-Modified: Sat, 03 Jun 2000 07:12:12 GMT Content-Length: 3069 Content-Type: text/html [...]
Séard is brí leis seo ná : Fuair mé d'iarratas, is freastalaí den saghas
Tugann HTTP sainmhíniú ar ocht modh (nó briathra mar a thugtar orthu uaireanta) ag cur in iúl an t-aicsean is mian a dhéanamh ar an acmhainn aitheanta. Is iad seo na modhanna iarratais de réir na sonraíochta RFC 2616:
D'eascair leaganacha prótacail comhoiriúnacha go siarghabhálach, don chuid is mó, as HTTP. Déanann RFC 2145 cur síos ar úsáid uimhreacha leagain HTTP. Insíonn an cliant cén leagan atá á húsáid aige ag tús an iarratais agus baineann an freastalaí úsáid as an gceann céanna nó leagan níos luaithe sa fhreagairt.
Tá cúig shaghas cóid sa fhreagairt ann:
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Prótacal Aistrithe Hipirtéacs, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.