Aigéan: Dúlra na tíre

Is achar mór uisce é aigéan, nó an fhairsinge uisce sin a chlúdaíonn timpeall 70% de dhromchla an domhain agus a thimpeallaíonn na hilchríocha.

Tugtar Muir ar chuid d'aigéan.

Aigéan: Bunús, Tréithe, Aigéin an domhain
Aigéin an Domhain.

Má fhéachann muid ar aigéan i bhfad uaim, níl le feiceáil ann ach uisce agus a thuilleadh uisce. Ach tá na haigéin lán de bheatha. Maireann níos mó ná 1 mhilliún speiceas de phlandaí agus d’ainmhithe sna haigéin. Deir eolaithe go mb’fhéidir go bhfuil suas le naoi milliún sórt eile nach bhfuil aimsithe acu fós.

Tagann 71% d’ocsaigin an domhain ó na haigéin. is sna haigéin atá na sléibhte is airde ar domhan agus na gleannta is doimhne ar domhan. Is sna haigéin atá cónaí ar an ainmhí is mó riamh – an míol mór gorm.

Bunús

Aigéan: Bunús, Tréithe, Aigéin an domhain 

Cruthaíodh na haigéin go luath i stair an domhain de réir dealraimh, chomh luath is a d'fhuaraigh an pláinéad a dhóthain chun go dtiocfadh an t-uisce leachtach, timpeall 4,000 milliún bliain ó shin.

Tháinig an salann as ceimiceáin sa screamh agus ó chisil níos doimhne trí bholcánacht.

Aigéan: Bunús, Tréithe, Aigéin an domhain 

Is é an toradh ar chruthú na n-ilchríoch ná an 5 phríomhaigéan: an tAigéan Atlantach, an tAigéan Indiach, an tAigéan Ciúin, an tAigéan Artach, agus an tAigéan Antartach nó tAigéan Theas.

Tréithe

Bíonn uisce na n-aigéan ag síor-ghluaiseacht de bharr na feachtaí is an taoidí a iompraíonn uisce na n-aigéan ó áit go háit.

sléibhte is gleannta ar ghrinneall na farraige go díreach mar atá ar talamh. Is oileáin iad cuid de na sléibhte mar éiríonn siad chomh hard sin go bhfuil siad le feiceáil os cionn na farraige.

Tugtar dromanna aigéin ar na sliabhraonta is trinsí ar na gleannta.

Aigéin an domhain

Tá breis is dhá thrian de dhromchla an domhain faoi fharraigí is faoi aigéin.

Clúdaíonn an t-aigéan is mó, an tAigéan Ciúin, réimse níos mó den domhan ná na tíortha uile le chéile.

Cúig aigéan atá ann. Seo iad de réir a méid i milliúin ciliméadar cearnach:

Téamh domhanda

Tá dlús á chur leis an luas ina bhfuil oighear á chailliúint timpeall an domhain. Tá fianaise ann anois, gan ardú teochta domhanda níos mó, go n-ardóidh leibhéal na mara 0.27m, mar tá an oiread "leac oighir zombaí" i Muir na Graonlainne agus ar chósta thiar na Graonlainne i láthair na huaire.

Dar le Richard Alley, ollamh le geolaíocht, dá mbeadh ardú teochta ollmhór ann (níos mó ná 2°C), leáfaí oighearchaidhp na Graonlainne ar fad. Toirt ollmhór uisce breise ab ea é sin i dteiscinn an domhain, agus d’ardófaí leibhéal na mara timpeall cúpla méadar dá bharr. Bheadh tíortha iomlána éagsúla caillte faoi thoinn.

Aigéan: Bunús, Tréithe, Aigéin an domhain 
Slí an Atlantaigh Fhiáin

Féach freisin

Tagairtí

Tags:

Aigéan BunúsAigéan TréitheAigéan Aigéin an domhainAigéan Téamh domhandaAigéan Féach freisinAigéan TagairtíAigéanMuirUisce

🔥 Trending searches on Wiki Gaeilge:

FeastaSharon Ní Bheoláin6 LúnasaAigéad hidricianachCaipitleachasBratach na SíneSamhail teanga mhórEolaíocht shóisialtaAn MheaspatáimSéarlas MórÉire (Poblacht na hÉireann)Nicolás AlmagroAn OllainnisAn BhrasaílAngaíleGnóBliain bhisighÚdarás na GaeltachtaÉigrit bheagThe Weakest Link (RA)Naomh PádraigWilliam OrpenDOIBrendan GleesonContaetha ShasanaGíreascópContae na GaillimheFelix MendelssohnAn tAontas EorpachCíochAclaíocht isiméadrachOileán na CáscaLeachtSláinteBrabhsálaí GréasáinNico RosbergSão Paulo (stát)BlagHans ZinsserAn tSean-ChoraintBundúchasaigh MheiriceáGealtacht Mael MórdhaGrianghrafSeve BallesterosSeán Ó RiadaContaetha in Missouri21ú céadLiosta pearsana miotaseolaíoch na GréigePornagrafaíochtCernunnosStánMahatma GandhiAibítir Idirnáisiúnta FoghraíochtaGineadóir leictreastatachBig Brother (RA)Banríon draigOracle CorporationJimín Mháire ThaidhgAgairg na gcuileannaKen DoddFolúsghlantóirPoblachtCeathrúna Bhéal Feirste1 MártaWashington, D.C.IoslamJohn ReidyAn Ríocht AontaitheMustardComhartha ceisteAngólaBaile fearainnCamille Pissarroc7pla🡆 More