Clúdaíonn an tAtlantach (uaireanta an tAigéan Atlantach, nó An Fharraige Mhór) limistéar 100,000,000 km², agus é ar an dara haigéan is mó ar domhan ó thaobh acra de.
Is ó scaradh mhór-roinne na hAfraice agus Mheiriceá na miliúnta bliain ó shin a cruthaíodh é. An doimhne is mó atá aige ná 9,560m (ag scoilt Phórtó Rícó atá sé seo). Ina lár tá sraith sléibhte fo-mhuireach, an Droim Lár-Atlantach.
Síneann an tAtlantach ón Eoraip siar go Meiriceá Thuaidh, agus ó dheas idir Meiriceá Theas agus an Afraic. Clúdaíonn an t-aigéan an limistéar ar fad ón Artach ó dheas go dtí Antartaice. An tAtlantach Thuaidh a thugtar ar an gcuid ó thuaidh ón Meánchiorcal, agus an tAtlantach Theas ar an gcuid ó dheas uaidh.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article An tAigéan Atlantach, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.