Is í an Aoine lá na seachtaine idir an Déardaoin agus an Satharn.
Cineál | Laethanta na seachtaine |
---|---|
Ainmnithe in ómós | Froig (bandia), Véineas, 5, 6 agus Miotal |
Cuid de | seachtain |
Haischlib | #FridayFeeling agus #FridayMotivation |
I gCríostaíocht, is í Aoine an Chéasta an Aoine roimh Cháisc.
In Ioslam, is í an Aoine lá adhartha. I dtíortha áirithe Ioslamacha, tosaíonn an seachtain Dé Domhnaigh agus críochnaíonn sé Dé Sathairn, agus i dtíortha Ioslamacha eile, tosaíonn an seachtain Dé Sathairn agus críochnaíonn sé Dé hAoine, mar shampla an Iaráin agus an Afganastáin.
Ritheann an sabóid sa Ghiúdachas ó luí gréine Dé hAoine go dtí luí gréine Dé Sathairn.
Téann muintir Stáit Aontaithe Mheiriceá i mbun siopadóireachta go fonnmhar ar "Aoine Dhubh", tar éis Lá an Altaithe, sa tóir ar shladmhargaí. Ó na 2000idí ar aghaidh, tá "Aoine Dhubh" in Éirinn. Go minic 'séard atá á dhéanamh ag na siopaí ná 40% a bhaint den phraghas a bhí ar an táirge ag tús na bliana, seachas ar an bpraghas a bhí air an tseachtain seo caite. Mar sin, bíonn an chuma ar an scéal go bhfuil lascaine níos fearr ar fáil. Cuireann sé comhairle ar dhaoine comparáid a dhéanamh idir na praghsanna a ghearanna siopaí éagsúla ar an táirge céanna.
Tharla cúpla tubaistí stairiúla Dé hAoine. Tugtar "Aoine Dubh" orthu.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article An Aoine, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.