Ceiliúrtar Uair ar son an Domhain (Earth Hour i mBéarla) oíche amháin sa bhliain, i mí na Márta, idir leathuair tar éis a hocht i.n.
agus leathuair tar éis a naoi i.n. (is cuma an t-amchrios – an t-amchrios áitiúil atá i gceist). Ar fud an domhain. múchann daoine na soilse nach bhfuil ag teastáil ina dtithe. Ba mhaith leo a thaispeáint do na polaiteoirí go bhfuil siad imníoch faoin domhan agus faoin timpeallacht. Cuireann sí i gcuimhne dúinn go bhfuil an cumas sa duine athrú suntasach a dhéanamh agus tugann cuireadh do gach duine ar an bpláinéad machnamh a dhéanamh ar an tionchar atá againn ar an dúlra.
Cineál | imeacht féiltiúil |
---|---|
Ainmnithe in ómós | An Domhan |
Bailíocht | 31 Márta 2007 - |
Lá den tseachtain | An Luan |
Fad ama | 10 h |
Eatramh imeacht | 3 bliain |
Bunaitheoir(í) | WWF na hAstráile |
Príomhábhar | téamh domhanda |
Eagraí | Ciste Domhanda Fiadhúlra |
Meán cumarsáide | |
Le cuid | |
Suíomh gréasáin | earthhour.fr |
Haischlib | #EarthHour |
Castar as na soilsí in os cionn 350 de na sainchomharthaí is aitheanta ar domhan, amhail Túr Eiffel, an Empire State Building agus Áras Ceoldrámaíochta Sydney, agus sna milliúin tithe cónaithe chomh maith.
Gluaiseacht dhomhanda dlúthpháirtíochta atá ann, chun aird a tharraingt ar an tábhacht a bhaineann le gníomhú chun ár bpláinéad leochaileach a chosaint ó éifeachtaí an athraithe aeráide. Is féidir féachaint ar chasadh as na soilse mar ghníomh siombalach agus mar chuireadh dúinn mar shaoránaigh ár gcumhacht féin a chasadh air.
Tá roinnt daoine ar son an choincheapa seo, “Uair ar son an Domhain.” Agus tá daoine eile ina aghaidh. Deir siad nach bhfuil gá fanacht bliain eile. Is féidir linn na soilse breise a mhúchadh anocht, agus gach oíche sa bhliain.
Cuireadh tús le Earth Hour sa bhliain 2007 ó shin i Sydney na hAstráile le hócáid “soilse múchta”. Bíonn na milliúin páirteach ann anois ar fud an domhain.
Le linn "Uair ar son an Domhain 2017", i ngotha siombalach chun léiriú gur féidir gníomhartha duine aonair dul i bhfeidhm ar an domhan mhór, mhúch gach solas neamhriachtanach in Áras an Uachtaráin, seachas solas an Uachtaráin a lonraíonn ó fhuinneog d’eisimircigh na hÉireann agus a sliocht.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Uair ar son an Domhain, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.