Oifig meitéareolaíochta náisiúnta na hÉireann is ea Met Éireann.
Bunaíodh sa bhliain 1936 é. Cuid den Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil atá ann. Is é Met Éireann an príomhsholáthróir a chuireann eolas faoin aimsir agus faoi sheirbhísí bainteacha ar fáil do mhuintir na hÉireann.
Sonraí | |
---|---|
Cineál | gníomhaireacht rialtais meteorological service (en) |
Foirm dlí | |
Dáta a bunaíodh | 1936 |
Rialachas corparáideach | |
Ceanncheathrú | |
Máthaireagraíocht | An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreacht |
Suíomh gréasáin | met.ie |
Ar an 8 Deireadh Fómhair 1860, tarchuireadh an chéad bhreathnadóireacht aimsire ‘fíor-ama’ ó Oileán Dhairbhre, gar do chósta Chontae Chiarraí. Bhí an stáisiúin aimsire seo ina chuid den líonra a bhunaigh na húdaráis Chabhlaigh ar fud chóstaí na hÉireann agus na Breataine (chun cabhrú leo rabhaidh stoirme a thabhairt do longa).
Fiú nuair a bhain Éire amach neamhspleáchas, lean Oifig Meitéareolaíochta na Breataine ar aghadih ag freastal ar riachtanais na hÉireann ó thaobh cúrsaí aimsire de. Faoi lár na 1930dí, ámh, ba léir go raibh custaiméir suimiúil nua ar an mbealach. Sa bhliain 1936, áfach, bunaíodh Seirbhís Meitéareolaíochta na hÉireann d'fhonn eolas aimsire a sholáthar don eitlíocht thrasatlantach.
Ceapadh Austen H. Nagle, an chéad Stiúrthóir, i mí Dheireadh Fómhair, agus d’imigh sé i mbun oibre i gceannceathrú na heagraíochta nua ar Shráid San Aidrias i mBaile Átha Cliath. Ghlac an eagraíocht uirthi féin na freagrachtaí riaracháin a bhíodh ar an eagraíocht Bhriotanach i mí Aibreáin 1937: san áireamh bhí
Ar dtús, bhí baill foirne ar iasacht ó Londain le hobair i bhFaing i gContae Luimnigh, (bhí báid eitilte ag feidhmiú san áit). Faoin mbliain 1941, áfach, bhí an eagraíocht Éireannach ábalta freastal ar na freagraíochtaí a bhí uirthi lena hacmhainní féin.
Ghlac an eagraíocht uirthi an fhreagracht as réamhaisnéisí aimsire a sholáthar a chraol Raidió Éireann, a cuireadh ar fáil ó Shasana sa tréimhse eatramhach, den chéad uair sa bhliain 1948. Thosaigh sí ag soláthar réamhaisnéisí do nuachtáin laethúla Sa bhliain 1952. Osclaíodh an Lároifig nua Anailíse agus Réamhaisnéise ag an gCeanncheathrú, atá anois ag 44 Sráid Uí Chonaill Uachtarach, Baile Átha Cliath, sa bhliain 1961. Sa bhliain 1962 thosaigh a réamhaisnéisí ag craoladh beo ar Theilifís Éireann.
Thosaigh réamhaisnéisí taifeadta ar an teileafón i rith 1960dí, íomhánna satailíte sna 1960dí agus ré na ríomhaireachta i rith na 1970í.
Ba bhall iomlán Eagraíocht Dhomhanda Meitéareolaíochta ó na 1950dí ar aghaidh agus ba bhall bunaidh í den Lárionad Eorpach do Réamhaisnéisí Aimsire Meánraon agus den Eagraíocht Eorpach Satailítí Meitéareolaíochta, EUMETSAT. Ghlac an eagraíocht páirt i gcruthú gníomhaireachtaí comhoibritheacha amhail EUMETNET agus ECOMET. Ó 1989 ar aghaidh ba bhall í de HIRLAM, comhfhiontar chun forbairt a dhéanamh ar shamhail uimhriúil do réamhaisnéisí gearr-raoin.
Sa bhliain 1979, bhog an tSeirbhís chuig Foirgnimh a Ceanncheathrún i nGlas Naíon. Sa bhliain 1996, d’athraigh an tSeirbhís a hainm chuig Met Éireann.
Is é Déaglán Ó Murchadha an Stiúrthóir,
Tá Liam Campbell (Leas-Stiúrthóir Oibríochtaí agus Riarachán) freagrach as na rannóga seo
Tá Tom Sheridan (Leas-Stiúrthóir/ Tacaíocht Eolaíochta agus Theicniúil) freagrach as na rannóga seo
Aeradróm Mhic Easmainn, Baile Dhónaill; Aerfort Bhaile Átha Cliath, Aerfort Chnoc Mhuire, Aerfort Chorcaí; Aerfort na Sionainne.
Béal an Mhuirthead; Biorra: Cathair Saidhbhín: Cill Chainnigh; Cionn Mhálanna; Clár Chlainne Mhuiris; Cluain Eois; An Muileann gCearr; Réadlann Dhairbhre, Ros Láir.
Le linn na bliana 2005 rith samhail HIRLAM ceithre huaire sa lá ar bhraisle Linux de chuid Met Éireann agus an réamhaisnéis ghearrthréimhseach (suas le 48 uair roimh ré) bunaithe go príomha ar an aschur. (Comhthionscadal idir seirbhísí náisiúnta meitéireolaíochta na hÉireann, na Spáinne, na hÍsiltíre agus na dtíortha Nordacha is ea HIRLAM). Tugann an Tonnsamhail Réamhaisnéise (WAM) réamhaisnéis ar dhálaí ar an lear agus rith sí lena taobh.
Sa raon 3-7 lá roimh ré is iad na treoir a chuireann an tIonad Eorpach um Réamhaisnéisí Meánraoin (ECMWF) i Reading na Breataine príomhbhunús na réamhaisnéisí.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Met Éireann, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.