Is séasúr é an samhradh, an séasúr is teo nó is grianmhara den bhliain.
Bíonn an samhradh ann idir an t-earrach agus an fómhar.
De réir fhéilire traidisiúnta na hÉireann, tosaíonn an samhradh ar an gcéad lá de mhí na Bealtaine agus leanann sé ar aghaidh go dtí 31ú Iúil. Bíonn Bealtaine, Meitheamh agus Iúil níos tirime agus níos grianmhara in Éirinn ná mí Lúnasa.
Ach tosaíonn an samhradh san Eoraip anois ar na gcéad lá de mhí an Mheithimh agus leanann an samhradh ar aghaidh go dtí deireadh mhí Lúnasa. De réir Met Éireann, is sa samhradh a bhíonn na trí mhí is teo den bhliain. In Éirinn is iad Meitheamh, Iúil agus Lúnasa na míonna sin. Is minic a bhíonn Lúnasa fliuch, i bhfad níos fliche ná Bealtaine-Iúil, ach bíonn daoine ar a laethanta saoire fós.
De bhrí go bhfuil ais an Domhain claonta i dtaca lena fhithis thart ar an nGrian, ní hionann an oiread griansolais a thiteann ar an dá leathsféar an t-am ar fad i rith na bliana.
Cuireann sé seo leis na hathruithe aeráide is bun leis na séasúir éagsúla sna leathsféir, samhradh sa leathsféar theas nuair atá sé ina gheimhreadh sa leathsféar thuaidh, agus a mhalairt.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Samhradh, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.