Is bealach é Am samhraidh nó Am an tsamhraidh (nó Am geimhridh) chun sochar níos mó a bhaint as na huaireanta de sholas an lae le linn míonna an tsamhraidh, de ghnáth trí na cloig a chur chun tosaigh d'uair ionas go maireann solas an lae isteach san oíche.
Am coigilte sholas an lae a thugtar air seo i Meiriceá.
San Aontas Eorpach, tagann athrú ar an am ar an gclog faoi dhó gach bliain. San earrach, ag 2 a.m. bogann an t-am ar aghaidh go 3 a.m. ar an gclog. Ansin san fhómhar, bogann an t-am siar arís.
Mhol Benjamin Franklin an beart ar dtús. Sa bhliain 1784, scríobh sé chuig nuachtán agus mhol sé athrú ar an am chun coinnle a shábháil mar nach mbeadh sé dorcha chomh luath sin sa samhradh.
Chuir an Ghearmáin i bhfeidhm é ar an 30 Aibréain 1916 don chéad uair, chun breosla agus fuinneamh a spáráil. Rinne an Bhreatain amhlaidh. Thosaigh an cleachtas seo sa Ríocht Aontaithe (in Éirinn chomh maith) i mí Bealtaine sa bhliain 1916.
Nuair a thosaigh an t-athrú ar an am, thaitin sé le daoine áirithe agus níor thaitin sé le daoine eile. Bhí sé go maith do na feirmeoirí, mar bhí lá níos faide acu don obair ar an bhfeirm i rith an tsamhraidh.
Sa bhliain 1922, ritheadh an "Summer Time Act, 1922 (12 & 13 Geo. 5. c. 22)" sa Ríocht Aontaithe. Fágadh an reachtaíocht in Éirinn go dtí an bhliain dár gcionn; ar 19 Aibreán 1923 in Éirinn, ritheadh an t-Acht um Am Samhraidh (tháinig an t-athrú bliantúil ar bhonn buan sa Chreat Reachtaíochta na hÉireann ó 1925 ar aghaidh).
Bhí an Ríocht Aontaithe ar "Am samhraidh dúbailte" le linn an Dara Cogadh Domhanda. Mar sin bhí Béal Feirste uair an chloig chun cinn ar Bhaile Átha Cliath.
Cuireadh an clog ar aghaidh gach bliain ó shin in Éirinn, seachas Deireadh Fómhair 1968 go Deireadh Fómhair 1971, nuair a d'fhan am an tsamhraidh i bhfeidhm an bhliain ar fad (sa Ríocht Aontaithe chomh maith).
Sna Stáit Aontaithe i 1966, achtaíodh rialachán feidearálach le "Am coigilte sholas an lae" a chur i bhfeidhm (bíodh is gur dhiúltaigh stáit áirithe é a chur i bhfeidhm)., Mar shampla ní raibh Am samhraidh riamh i bhfeidhm in Arizona (seachas na plandálacha Navajo).
Sna 2010idí, thosaigh tíortha éagsúla ag caint faoin gcleachtas. Stop Maracó an cleachtas go tobann sa bhliain 2019.
Tá daoine ann a chreideann go gcuireann an uair an chloig d’athrú ar an gclog isteach ar shláinte intinne agus choirp an duine agus nach bhfuil aon chúis mhaith lena leithéid níos mó. Mar shampla,nuair a rinneadh cinneadh gan an clog a athrú sna blianta 1968-1971, mheas an Roinn Iompair sa Ríocht Aontaithe ag an am gur ardaigh líon na dtimpistí ar maidin. Mar sin chuidigh an t-athrú le timpistí bóthair a laghdú mar gurb é an clapsholas is contúirtí ar na bóithre.
I mí Deireadh Fómhair 2017, d’fhoilsigh Seirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa staidéar ar am samhraidh an AE inar maíodh go raibh impleachtaí sláinte an athraithe níos tromchúisí ná mar a ceapadh. D’aontaigh coiste san Aontas Eorpach i 2018 go mbeadh deireadh leis ach níor tharla faic ina dhiaidh sin.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Am samhraidh, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.