Galfaire gairmiúil é Shane Lowry, a rugadh ar an 2 Aibreán 1987.
Is as Clóirtheach, Contae Uíbh Fhailí, é.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 2 Aibreán 1987 37 bliana d'aois Clóirtheach, Éire |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Luain |
Gníomhaíocht | |
Gairm | galfaire |
Tír spóirt | Éire |
Spórt | galf |
Ghlac sé/sí páirt i | |
2021 | golf at the 2020 Summer Olympics – men's individual (en) (22) |
Suíomh gréasáin | shanelowrygolf.com |
Nuair a bhí Lowry dhá bhliain déag d’aois, thosaigh sé ag imirt gailf.
Thosaigh Lowry ag imirt mar amaitéarach agus sa bhliain 2009 bhuaigh sé Craobhchomórtas Oscailte Gailf na hÉireann. Ina dhiaidh sin chuaigh Lowry ina cheann go gairmiúil.
Bhuaigh Lowry Craobh na Máistrí sa Phortaingéil sa bhliain 2012.
Sa bhliain 2019, bhuaigh sé an Craobhchomórtas in Abú Daibi., bua iontach; tháinig sé ar ais go láidir sa chluiche.
An sin i mí Iúil 2019, bhí Craobh Oscailte na Breataine buaite aige i bPort Rois. Bhuail Lowry 72 buille ina bhabhta deireanach chun críochnú ar -15, sé bhuille chun tosaigh ar an Sasanach Tommy Fleetwood. Deich mbliana tar éis dó Craobh Oscailte na hÉireann a bhuachan agus é ina imreoir amaitéarach, tá Lowry ag ceiliúradh agus ceann de mhórchomórtais an ghailf buaite aige.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Shane Lowry, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.