Ríomheolaí agus seachaimiréal i gCabhlach na Stát Aontaithe ab ea Grace Brewster Murray Hopper (née Murray; 9 Nollaig 1906 – 1 Eanáir 1992).
Bhí sí ar na chéad chláraitheoirí a d'oibrigh ar an ríomhaire Mark I sa bhliain 1944, cheap sí an chéad tiomsaitheoir i gcomhair teanga ríomhchláracháin agus scaip sí coincheap na dteangacha cláracháin a bheadh neamhspleách ar mheaisín amháin, coincheap as ar forbraíodh an teanga COBOL, ceann de na chéad teangacha cláracháin ard-leibéil.
Rugadh Hopper i gCathair Nua-Eabhrac ar an 9 Nollaig 1906. Girseach fhiosrach a bhí inti agus—sula raibh a fhios ag a máthair cad a bhí ar siúl aici—bhain sí seacht gclog aláraim as a chéile le fáil amach conas a oibríonn siad. Sa bhliain 1928 bhain sí fochéim amach sa mhatamaitic agus san fhisic i gColáiste Vassar. Bhain sí céim mháistreachta sa mhatamaitic amach in Ollscoil Yale agus sa bhliain 1934 bronnadh Ph.D. sa mhatamaitic uirthi san ollscoil chéanna.
Nuair a bhris an Dara Cogadh Domhanda amach rinne Grace iarracht dul isteach i gCabhlach na Stát Aontaithe ach bhí sí i bhfad ró-éadrom. Rinneadh eisceacht di, áfach, agus d'oibrigh sí ar fhorbairt na gcéad ríomhairí i measc ban agus fear Meiriceánach agus Sasanach eile. Lean sí i gCúltaca an Chabhlaigh an chuid is mó den am i ndiaidh an chogaidh. Rinne sí a bealach trí na ranganna; rinneadh captaen di agus faoi dheireadh seachaimiréal.
Fuair Hopper bás ar 1 Eanáir 1992 in Arlington, Virginia. Tá long i gCabhlach na Stát Aontaithe ainmnithe ina diaidh, an scriostóir USS Hopper. Is é "an Hopper" an t-ainm a tugadh ar an Cray XE6, sár-ríomhaire, ag NERSC. "Amazing Grace" an leasainm a tugadh uirthi.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Grace Hopper, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.