Tír Arabach is ea Éimin, atá lonnaithe sa Mheánoirthear in iardheisceart na hÁise.
Tá teorainn aici leis an Araib Shádach thuas agus Óman thoir. Is é Sanaa an phríomhchathair.
Éimin | |||||
---|---|---|---|---|---|
الجمهوريّة اليمنية (ar) | |||||
| |||||
Aintiún | Amhrán náisiúnta Éimin | ||||
Mana | «الله ،الوطن، الثورة، الوحدة» | ||||
Siombail oifigiúil | iolar | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Príomhchathair | San’a agus Áidin | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 28,250,420 (2017) | ||||
• Dlús | 50.9 hab./km² | ||||
Teanga oifigiúil | an Araibis | ||||
Reiligiún | Ioslam | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | An Meánoirthear Iarthar na hÁise | ||||
Achar dromchla | 555,000 km² | ||||
Imeallbhord | 2,500 km | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | An Mhuir Rua agus Muir Arabach | ||||
Pointe is airde | Jabal an Nabi Shu'ayb (en) (3,666 m) | ||||
Pointe is ísle | Muir Arabach (0 m) | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | Yemen Arab Republic (en) agus Éimin Theas | ||||
Cruthú | 1990 | ||||
Saoire phoiblí | |||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Córas rialtais | poblacht agus córas uachtaránachta | ||||
Comhlacht feidhmiúcháin | Rialtas Éimin | ||||
Comhlacht reachtach | Parlaimint Éimin | ||||
• President of Yemen (en) | Ali Abdullah Saleh (1990–2011) | ||||
• Príomh-Aire Éimin | Maeen Abdulmalik Saeed (2018–) | ||||
Údarás breithiúnach is airde | Binse Uachtarach Éimin | ||||
Eacnamaíocht | |||||
Airgeadra | rial Éimin | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Fearann Idirlín barrleibhéil | .ye | ||||
Glaochód | +967 | ||||
Uimhir theileafóin éigeandála | 199 | ||||
Cód tíre | YE | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | yemen.gov.ye |
Lárionad sceimhlitheoireachta Ioslamacha is ea Éimin ó na 1990idí ar aghaidh. Mar shampla, sa bhliain 2015, mhaígh Al Qaeda i Éimin gurb iad a bhí taobh thiar de na hionsaithe sceimhlitheoireachta ar oifigí na hirise, Charlie Hebdo i bPáras na Fraince.
In Éimin, is minic a choinnítear cailíní sa bhaile mar gheall ar imní i dtaobh sábháilteachta.
Thosaigh seach-chogadh in Éimin i ndeireadh na bliana 2014. Chuaigh cúrsaí ó smacht agus an teannas idir an Araib Shádach (agus a comhghuaillithe cumhachtacha, na Stáit Aontaithe agus an Ríocht Aontaithe go háirithe) agus an Iaráin (agus na réabhlóidithe Houthi) ag géarú.
D'éirigh an choimhlint go gasta 'an ghéarchéim daonna is measa ar domhan', de réir na Náisiúin Aontaithe.
Idir 2014 agus 2021, fuair timpeall 277,000 bás, de réir Clár um Fhorbairt na Náisiúin Aontaithe (154,000 de bharr na cogaíochta; básanna indíreacha, an gorta go háirithe, 233,000). Is ar na leanaí is measa a thiteann an choimhlint.
Tá an chomhghuaillíocht freagrach as an gcuid is mó de na básanna. Agus le linn na 2010idí, bhí an Bhreatain agus Stáit Aontaithe Mheiriceá ar an dá thír a dhíol an líon is mó d’airm leis an Araib Shádach. Bhí siad ag armáil agus ag tacú le taobh amháin agus bhí gasúir ag fáil bháis chuile lá agus ní raibh suim dá laghad ag an domhan mór é sin a chur amach ar na leathanaigh nuachta.
Sa Mhuir Rua, lean reibiliúnaithe Houthi Éimin lena mbagairtí ar loingseoireacht tráchtála in ainneoin foláirimh ó na Stáit Aontaithe agus a gcomhghuaillithe.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Éimin, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.