Tubaiste Stardust

Is éard atá i dTubaiste Stardust ná dóiteán a tharla ag club oíche Stardust in Ard Aidhin, Contae Bhaile Átha Cliath, ar 14 Feabhra 1981 ; maraíodh ocht nduine agus dhá scór idir 16-27 bliain (agus bhí 214 duine leonta i gcorp agus in intinn) de bharr dóiteáin sa chlub oíche.

Bhí 841 duine i láthair ag an dioscó, a tharla ar Lá Fhéile Vailintín.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtTubaiste Stardust
Íomhá
 53°23′N 6°13′W / 53.38°N 6.21°W / 53.38; -6.21
Cineáltine struchtúr Cuir in eagar ar Wikidata
TírÉire Cuir in eagar ar Wikidata

Mar sin tharraing an tragóid conspóid agus fiosrúcháin go leor le linn na mblianta. Fuair na húinéirí cúiteamh breá sna 1980idí. Ach faoi dheireadh, in 2024, tugadh an breithiúnas "marú neamhdhleathach a bhí i mbás an 48 duine" sa tubaiste.

Tubaiste Stardust
Léarscáilː bhí na doirse éalaithe faoi ghlas

Imeachtaí

Oíche San Vailintín, an 14 Feabhra 1981, bhí 841 duine ag ceiliúradh fhéile an ghrá ag dioscó i gClub an Stardust in Ard Aidhin i dtuaisceart na príomhchathrach, nuair a réab tine mharfach tríd an gclub.

I gcófra te sa bpríomhbheár a thosaigh an tine agus gur fabht leictreachais ba shiocair léi.

Bhí na bealaí éalaithe ar fad as bálseomra an chlub oíche faoi ghlas, ceangailte le slabhraí nó go raibh bac éigin sa mbealach orthu nuair a tharla an tine. Chuidigh na tíleanna cairpéid a bhí ar bhallaí an Stardust leis an tine a scaipeadh.

Fuarthas os cionn fiche corp in aice le doirse éalaithe i ndiaidh an dóiteáin.

Fiosrúcháin

1981

Bhí an Breitheamh Ronan Keane i gceannas ar fhiosrúchán poiblí Stardust ag an am. Measadh go raibh "dó mailíseach" i gceist.

Ba leis muintir Butterley an Stardust nuair a tharla an dóiteán. Mar sin saoradh ó gach cúis muintir Butterly (an bainisteoir Éamon Butterly agus daoine eile óna theaghlach). Ina theannta sin fuair siad cúiteamh as an damáiste, IRL 581,000.

1986

Reáchtáladh an Victims Compensation Tribunal agus an breitheamh Donal Barrington i mbun,

2008

Ar an 22 Meán Fómhair 2008, bhí tús curtha le fiosrúchán neamhspleách féachaint ar cheart an fiosrúchán poiblí maidir le dóiteán an Stardust a athoscailt. Ach níor tharla mórán. Níos déanaí mhol an t-abhcóide Paul Coffey, a rinne athbhreithniú ar an bhfianaise, go gcuirfí an tuairim faoi chúis dhóchúil na tine i leataobh (mar a tharla) ach níor mhol sé fiosrúchán mar a d’iarr na gaolta.

2009

Cuireadh an breithiúnas de chuid Keane ar neamhní.

2017

In 2017 rinne an t-iarbhreitheamh Patrick McCartan athbhreithniú eile ar an bhfianaise thar ceann an rialtais ach mhol sé gur chóir diúltú don iarratas go mbunófaí fiosrúchán nua. Dúirt an Taoiseach Enda Kenny sa Dáil gur cheart Coimisiún Fiosrúcháin a bhunú faoin dóiteán.

2022

Sa bhliain 2022, d'iarr Éamon Butterly, ar an Ard-Chúirt ordú a thabhairt nach mbeadh cead ag giúiré an choiste cróinéara a rialú go raibh marú neamhdhleathach i gceist. Bhí sé á mhaíomh ag Butterly gur air féin a leagfaí an milleán dá rialófaí go raibh marú neamhdhleathach i gceist.

Chuir gaolta na marbh agus an cróinéir in aghaidh iarratas Éamoin Butterly. Agus bhí an bua leo... rialaigh an breitheamh go raibh cead ag giúiré fíorasc mar é a dhearbhú ar acht nach leagfaí an marú ar aon duine ar leith. Is faoin gcróinéir féin atá sé treoir a thabhairt don ghiúiré maidir leis an bhfíorasc, a dúirt an breitheamh ag an am.

Tubaiste Stardust 
Cuimhneacháin

2023

Cuireadh tús le hionchoisne nua faoi thubaiste an Stardust ar 25 Aibreán 2023, an t-ionchoisne is mó riamh sa Stát. Tháinig an coiste cróinéara le chéile ceithre lá sa tseachtain agus chuir gaolta na marbh, saineolaithe agus finnéithe éagsúla eile fianaise os a gcomhair. Ar ócáid amháin, taispeánadh léaráid don choiste cróinéara de gach ball den chlub oíche ina bhfuarthas na coirp. De réir na léaráide, is in aice le trí dhoras éalaithe a fuarthas a leath acu..

Tugadh fianaise go raibh doirse Stardust faoi ghlas nuair a chuaigh an club oíche trí thine; bhí glas fraincín ar na doirse. (Dúirt Michael Kavanagh leis na Gardaí agus leis na meáin i 1981 go raibh na bealaí éalaithe éigeandála ar oscailt nuair a chuaigh an club trí thine. Ach tharraing sé an ráiteas siar ina dhiaidh. Dúirt sé gur nuair a tharla an tragóid, gur bhraith sé go ndearnadh ceap milleáin dó).

Tubaiste Stardust 
Páirc Chuimhneacháin Stardust,

2024

Tháinig deireadh le héisteacht na fianaise.. Seachtar ban agus cúigear fear a bhí ar an ngiúiré agus chuaigh siad i mbun a marana ar an gcás ar an 3 Aibreán 2024. Sna treoracha a thug sí do na giúróirí, dúirt an cróinéir an Dr Myra Cullinane go raibh rogha de chúig fhíorasc acu, mar atá, bás tionóisceach, bás de bharr míthapa, marú neamhdhleathach, fíorasc oscailte nó fíorasc tuairisciúil.

Ar an 18 Aibreán 2024, tugadh breithiúnas ag Cúirt an Chróinéara gur marú neamhdhleathach ba chúis le bás 48 ógánach i dtine an Stardust. Chuir an breithiúnas sin ar neamhní an breithiúnas a thug Binse Fiosraithe Keane sa bhliain 1982 "gur dóigh gur in aon turas a lasadh an tine." (Cuireadh ar neamhní ón taifead oifigiúil é i 2009 ach ghoill an an breithiúnas Keane go trom go dtí 2024).

D'iarr gaolta íospartaigh Stardust go dtabharfaí ar ais an t-airgead (IR £ 580,000, suim ollmhór ag an am) a bronnadh ar theaghlach Butterly i 1983.Déanadh éileamh oifigiúil ar airgead a íocadh mar chúiteamh le teaghlach Butterly a aisíoc.

Féach freisin

Naisc sheachtracha

  • Finné - Scéal Lisa Lawlor ː ní raibh sí ach seacht mí dhéag nuair a fágadh ina dílleachta í tar éis dá máthair agus dá hathair bás a fháil i dtragóid an Stardust.

Tagairtí

Tags:

Tubaiste Stardust ImeachtaíTubaiste Stardust FiosrúcháinTubaiste Stardust Féach freisinTubaiste Stardust Naisc sheachtrachaTubaiste Stardust TagairtíTubaiste Stardust14 Feabhra1981Ard AidhinContae Bhaile Átha CliathDioscóLá Fhéile Vailintín

🔥 Trending searches on Wiki Gaeilge:

Comhairle Contae na GaillimheMuireLá Taraimsithe an DomhainNa hOileáin FhilipíneachaPatrick BrownCill bhreoslaScúncAcht na Gaeltachta 2012Corp an duineCoistí Oireachtais1711VicíMarie Antoinette na hOstaireTuaisceart ÉireannMailíMeitibileachtAthnuachanGrace HopperTíreolaíochtAgairg na gcuileannaMartin LutherFarraigeAn Chearnóg DheargFionn mac CumhaillStairMissouriPápa Eoin Pól IAn GhealachCóras comhordanáide geografaíÉigrit bheagComhaontú Aoine an Chéasta1974LochlannaighLitríocht na RúiseRollmopsBuamáil La Mon (1978)EaspagGarraíodóireacht phictiúrthaMike PenceOcsaiginTwitterBarbra StreisandTuathRoisínCoirbéaladhAigéaneolaíochtSíceolaíochtLéann clasaiceachTineAn GhaeltachtHerbert C. HooverDeclan KidneyBusGarden Grove, CaliforniaFisic mhatamaiticiúilBacstaíGuma cogantaUSENETAigísGrowing PainsCros Domhnaigh2002An MheaspatáimFinding Dory1859Stáit Aontaithe MheiriceáFrank FieldTraeinThe SimpsonsPoblacht na hÉireann🡆 More