Thosaigh Cúiseamh Donald Trump i Nua-Eabhrac, an cás The People of the State of New York v.
Donald J. Trump, i Nua Eabhrac ar an 15 Aibreán 2024, an chéad triail choiriúil riamh d'iar-uachtarán na Stát Aontaithe. Bhí Donald Trump os comhair na cúirte ar dhíotálacha feileonacha, gur fhalsaigh sé taifid ghnó chun airgead tosta, a deirtear gur íoc sé don striapach Stormy Daniels, a fholú, díreach roimh an toghchán uachtaránachta in 2016. Bhí na líomhaintí uilig séanta ag Trump.
Lipéad sa teanga dhúchais | (en) The People of the State of New York v. Donald J. Trump | |||
---|---|---|---|---|
Cineál | bill of indictment (en) de Donald Trump cás coiriúil | |||
Cuid de | March 2023 Donald Trump arrest rumors (en) agus indictments against Donald Trump (en) | |||
Dáta foilsithe | 4 Aibreán 2023 | |||
Príomhábhar | Stormy Daniels–Donald Trump scandal (en) Toghchán Uachtaránachta na Stát Aontaithe, 2016 | |||
Tír | Stáit Aontaithe Mheiriceá | |||
Baint le limistéar údaráis | New York Supreme Court (en) | |||
Donald Trump | ||||
Alvin Bragg | ||||
Stormy Daniels | ||||
Teanga an tsaothair nó an ainm | Béarla | |||
Cosantóir | ||||
Cúirt | New York Supreme Court (en) | |||
Breitheamh | Juan Merchan (en) | |||
Haischlib | #TrumpIndictment, #LockHimUp agus #TrumpForPrison |
Bhí sé deacair giúiré a roghnú - próiseas a thóg tamall mar d'admháil roinnt mhaith iarrthóirí don ghiúiré nach raibh siad neamhchlaonta. Bhí ar Trump freastal ar an gcúirt gach lá a bhí an cás ar siúl.
Thug an breitheamh ordú do Trump gan a bheith ag déanamh trácht ar an gcás ar na meáin shóisialta. Tamaill níos déanaí, in iarracht teacht timpeall ar an ordú, rinne Trump tagairt d’iníon Merchan ar na meáin shóisialta, chomh maith le cúpla ionsaí eile a dhéanamh ar obair na cúirte.
Bhí Trump ag baint leas as na cásanna cúirte ar fad atá ina aghaidh le bolscaireacht a chruthú dó féin. Bhí suim na meán in imeachtaí na gcásanna éagsúla ag cur leis an méid poiblíochta a bhí á fháil aige.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Ionchúiseamh Donald Trump i Nua-Eabhrac, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.