Is é Uachtarán na Stát Aontaithe an t-oifigeach polaitiúil agus feidhmeannach is airde i Stáit Aontaithe Mheiriceá.
Is é Ceann Stáit agus ceannaire na bhfórsaí armtha, agus feidhmíonn sé mar cheannaire ar thrí chraobh an rialtais (scaradh cumhachtaí). Is iad
| |||||
Sealbhóir | Joe Biden ó 20 Eanáir 2021 | ||||
---|---|---|---|---|---|
Onórach | Mr. President (en) , The Honourable (en) agus Excellency (en) | ||||
Cónaithe | An Teach Bán, Samuel Osgood House (en) , Alexander Macomb House (en) agus President's House (en) | ||||
Ceaptha ag | United States Electoral College (en) agus Teach Ionadaithe na Stát Aontaithe | ||||
Dlínse | Stáit Aontaithe Mheiriceá | ||||
Institiúid | Rialtas Feidearálach Stát Aontaithe Mheiriceá | ||||
Stáit | Stáit Aontaithe Mheiriceá | ||||
Sainordú | 4 bliain agus 4 bliain | ||||
Cruthú | 30 Aibreán 1787 | ||||
Tuarastal | 400,000 dollair na Stát Aontaithe | ||||
Ionadaí | Leas-Uachtarán na Stát Aontaithe | ||||
Liosta | liosta uachtaráin na Stát Aontaithe | ||||
Suíomh | whitehouse.gov… |
Is é an t-uachtarán agus a chomh-aireacht a choinníonn an tír ag imeacht, ach is é an brainse reachtach a mholann, a phléann, agus a cheadaíonn na dlíthe ar a ritheann an tír.
Toghtar Uachtarán na S-A chuig téarma oifige ceithre bliana. Ó 1951 i leith, ní féidir le huachtarán níos mó ná 2 théarma a chaitheamh sa phost. Go hiondúil ní thugtar dúshlán an té atá in oifig má roghnaíonn sé an dara téarma a lorg.
Níl ach ball tofa amháin sa Bhrainse Feidhmiúcháin - an t-uachtarán féin, a thoghtar gach ceithre bliana. Roghnaíonn an t-uachtarán cúigear déag dá chomh-aireacht, ach ní gá do bhaill na comh-aireachta a bheith ina bhFeisirí in aon chor.
Toghtar an t-uachtarán gach ceithre bliana, ach na baill eile ar bhonn scaipthe gach dhá bhliain. De ghnáth, tar éis toghchán lár téarma bíonn páirtí an Uachtaráin cloíte agus ciúin. Bíonn siad ag díriú ar thréimhse beagnach dhá bhliain nuair nach mbíonn sé ar a gcumas aon dul chun cinn a dhéanamh ná aon pholasaí a chur i bhfeidhm.
Is é Joseph R. Biden an t-uachtarán reatha. Toghadh sa bhliain 2020 é agus chuaigh sé i mbun dualgais ar 20 Eanáir 2021.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Uachtarán na Stát Aontaithe, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.