Ceannaire na heagraíochta sceimhlitheoireachta al-Qaeda, ab ea Ayman al-Zawahir (10 Meitheamh 1951 - 31 Iúil 2022).
Bhí baint mhór aige le 9/11, na hionsaithe sceimhlitheoireachta sna Stáit Aontaithe ar an 11 Meán Fómhair 2001 ar maraíodh beagnach 3,000 duine dá mbarr. Bhí sé ar dhuine de na daoine a bhí freagrach as na hionsaithe buamála ar ambasáidí na Stát Aontaithe sa Chéinia agus sa Tansáin i 1998 agus ar long Mheiriceánach in Éimin in 2000.
(2001) | |
Ainm sa teanga dhúchais | (ar) أيمن الظواهري |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | (ar) أيمن مُحمَّد ربيع الظواهري 19 Meitheamh 1951 Maadi (Ríocht na hÉigipte) |
Bás | 31 Iúil 2022 71 bliana d'aois Cabúl, An Afganastáin |
Siocair bháis | Dúnmharú (Ionsaí dróin) |
2 General Emir of Al-Qaeda (en) | |
16 Meitheamh 2011 – 31 Iúil 2022 ← Osama bin Laden | |
Faisnéis phearsanta | |
Ainm cleite | Abdul Mu'iz |
Reiligiún | Ioslam |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Chaireo |
Teanga dhúchais | an Araibis |
Gníomhaíocht | |
Gairm | máinlia, ulema, ceannaire míleata |
Tréimhse oibre | 1980 – 31 Iúil 2022 |
Ball de pháirtí polaitíochta | Al-Qaeda |
Ball de | |
Gluaiseacht | Salafi jihadism (en) |
Teangacha | An Araibis, Béarla agus an Fhraincis |
Gairm mhíleata | |
Géillsine | Arm na hÉigipte, Egyptian Islamic Jihad (en) agus Al-Qaeda |
I gceannas ar | Al-Qaeda |
Coinbhleacht | Cogadh san Afganastáin, insurgency in Khyber Pakhtunkhwa (en) , An Cogadh in éadan na Sceimhlitheoireachta, Cogadh na Sé Lá agus Cogadh na hAfganastáine (1979-1989) |
Teaghlach | |
Siblín | Muhammad al-Zawahiri agus Hussein al-Zawahiri |
Duine muinteartha | Muḥammad al-Aḥmadī Ẓawāhirī (seanathair) Abd al-Rahman al-Maghribi (mac cleamhnais) |
Croineolaíocht | |
31 Iúil 2022 | death of Ayman al-Zawahiri (en) |
Máinlia de bhunadh na hÉigipte ab ea Ayman al-Zawahiri.
Bhí Zawahiri ar troigh gan tuairisc ó 2001. Bhí luach $25 milliún á thairiscint ag na Meiriceánaigh i ndíol ar fhaisnéis ina leith.
Maraíodh bin Laden sa bhliain 2012. Bhí Ayman al-Zawahiri i mbun Al-Qaeda idir 2012-2022. Bhíothas riamh den tuairim go raibh sé ag cur faoi san Afganastáin nó sa Phacastáin. É sin ainneoin gur gheall an Talaban sa bhliain 2021 nach dtabharfaidís tearmann san Afganastáin do lucht al-Qaeda feasta choíche.
Ar 31 Iúil 2022, mharaigh na Meiriceánaigh Ayman al-Zawahiri, san Afganastáin (71 bliain d'aois ag an am). Scaoileadh dhá dhiúracán leis ó dhrón agus é ina sheasamh ar bhalcóin a árais chónaithe i bpríomhchathair na hAfganastáine Cabúl. Bhí daoine muinteartha le Zawahiri san áras cónaithe ag an am ach nár maraíodh ná nár leonadh aon duine acu mar gheall ar an ionsaí.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Ayman al-Zawahiri, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.