Tagraíonn an t-ainm an Mheaspatáím, Mesopotamia, ón Sean-Ghréigis Μεσοποταμία, idir na haibhneacha, do réigiún i gcóras aibhneacha an Tigris agus an Euphrates.
Is ionann an Mheaspatáim agus an Iaráic, chomh maith le cuid d'oirthuaisceart na Siria, oirdheisceart na Tuirce agus iardheisceart na hIaráine. Úsáidtear an téarma bilád al-rafidain, "tír an dá bhruach", in Araibis ó am go chéile mar mhalairt ainm don Iaráic.
An Mheaspatáim | |||||
---|---|---|---|---|---|
Suíomh | |||||
| |||||
Ba iad muintir na Suiméire agus na hAcáide (ina measc muintir na hAisiria agus na Bablóine) príomhshibhialtachtaí na Measpatáime ó thús na staire scríofa (circa 3100 bliain roimh Chríost) go dtí turnamh na Bablóine sa bhliain 539 R.C. Sa bhliain sin, ghabh na Peirsigh í. Ghabh Alasdar Mór sa bhliain 332 R.C. í, agus bhí sí faoi smacht na Seiliúcach i ndiaidh a bháis.
Timpeall na bliana 150 R.C., bhí an Mheaspatáim faoi smacht na bPairtiach, agus lonnaigh siad a bpríomhchathair, Ctesiphon, inti, ní i bhfad ón áit ina bhfuil Baghdad na hIaráice sa lá atá inniu ann. Bhí sí ina cnámh spairne idir na Pairtiaigh agus na Rómhánaigh. Sa bhliain 226 AD, ghabh ríthe Sasánacha na Peirse í. D'fhan an réigiún faoi cheannas na bPeirseach go dtí teacht na nArabach sa 7ú céad.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article An Mheaspatáim, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.