Tír sa Mheánoirthear agus in iardheisceart na hÁise í Poblacht na hIaráice.
Tá sí ag críocha aici leis an Araib Shádach agus le Cuáit ó theas, leis an Tuirc ó thuaidh, leis an Siria san iarthuaisceart, leis an Iordáin san iarthar, agus leis an Iaráin san oirthear. Thugtaí an Mheaspatáim ar an dúiche seo.
An Iaráic | |||||
---|---|---|---|---|---|
| |||||
Aintiún | Mawtini | ||||
Mana | «Takbir (en) » | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Príomhchathair | Bagdad | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 38,274,618 (2017) | ||||
• Dlús | 87.57 hab./km² | ||||
Teanga oifigiúil | an Araibis an Choirdis | ||||
Reiligiún | Ioslam | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | An Meánoirthear Iarthar na hÁise | ||||
Achar dromchla | 437,072 km² | ||||
Pointe is airde | Cheekha Dar (en) (3,611 m) | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | Coalition Provisional Authority (en) | ||||
Cruthú | 1932 | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Córas rialtais | poblacht chónaidhme agus stát cónaidhme | ||||
Comhlacht reachtach | Council of Representatives of Iraq (en) | ||||
• Uachtarán na hIaráice | Barham Salih (2018–2022) | ||||
• Príomh-Aire na hIaráice | Mohammed Shia' Al Sudani (2022–) | ||||
Eacnamaíocht | |||||
OTI ainmniúil | 207,691,599,310 $ (2021) | ||||
Airgeadra | dinar na hIaráice | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Fearann Idirlín barrleibhéil | .iq | ||||
Glaochód | +964 | ||||
Uimhir theileafóin éigeandála | 112, 104, 115, 122 agus 100 | ||||
Cód tíre | IQ | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | gds.gov.iq |
Ba i réigiún na Measapatáime, idir an Eofrait agus an Tígris, a cuireadh tús le roinnt de na sibhialtachtaí is ársa ar domhan, na Suiméaraigh, na Bablóinigh agus na hAsaírigh. Tar éis a bheith faoi cheannas na Peirse ar feadh i bhfad, ghabh na hArabaigh seilbh ar an réigiún sa bhliain 656, agus aistríodh an Chailifeacht go dtí an chathair nua í mBagdad sa bhliain 762 (in aice leis an Bhablóin ársa). Bhí Bagdad ina príomhchathair don domhan Arabach ar feadh na gcéadta bliain go dtí gur chuir an Impireacht Otamánach an ceantar faoi chois sa bhliain 1534.
Ar an 22 Meán Fómhair 1980, bhris cogadh amach idir an Iaráin agus an Iaráic. Rinne Saddam Hussein ionradh ar an Iaráin.
Maraíodh 1,000,000 ar an dá thaobh.
Chuir na Náisiún Aontaithe deireadh leis an doirteadh fola sa bhliain 1988.
Ar an 2 Lúnasa 1990 nuair a thug Saddam Hussein an t-ordú ionsaí a dhéanamh ar Chuáit.
Thosaigh an Cogadh na Murascaille dá bharr Bhí an bua ag na gComhguallithe sa deireadh ar an 28 Feabhra 1991, ach níor cuireadh an ruaig ar Saddam Hussein. Agus iad ag teitheadh ó Chuáit, dhóigh na hIarácaigh a lán de na tobair ola atá go flúirseach sa tír seo.
Ar an 19 Márta 2003 chuir an chomhghuáillíocht tús leis an gcogadh in aghaidh na hIaráice. Chuaigh Tony Blair agus George W. Bush glan i gcoinne na tuairime a bhí ag na Náisiúin Aontaithe gur cheart fanacht níos faide agus nár cheart ionsaí a dhéanamh ar an Iaráic de bharr na tubaiste a d’fhéadfadh tarlú.
Is iomaí tuairim fós faoi cad chuige a rinne siad é, agus cé atá freagrach as an gcinneadh tubaisteach sin.
I mí Aibreáin 2010, chuir WikiLeaks físeán d'eachtra a tharla sa bhliain 2007 inar mharaigh fórsaí SAM sibhialtaigh hIaráice agus iriseoirí, ar a dtugtar Collateral Murder.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article An Iaráic, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.