Gluaiseacht Ioslamach de chuid na hAfganastáine is ea an Talaban.
| |||||
Sonraí | |||||
---|---|---|---|---|---|
Cineál | eagraíocht sceimhlitheoireachta eagraíocht reiligiúnach eagraíocht mhíleata gluaiseacht pholaitiúil eagraíocht pholaitiúil | ||||
Idé-eolaíocht pholaitíochta | Ioslamachas والله باذن اقترب دككم ولا ينفعكم الروساء المطبعين (en) Bunúsaíochas Ioslamach Deobandi (en) Pashtunwali (en) Jihadism (en) | ||||
Reiligiún | an tIoslam Sunnaíoch | ||||
Ailíniú polaitíochta | an eite fhíordheis | ||||
Foirm dlí | |||||
Dáta a bunaíodh | 1994, Kandahar | ||||
Bunaitheoir(í) | Mohammed Omar agus Abdul Ghani Baradar | ||||
Ócáid shuntasach | |||||
2021 1 Bealtaine 2021- | 2021 Taliban offensive (en) | ||||
15 Lúnasa 2021 15 Lúnasa 2021-15 Lúnasa 2021 | Fall of Kabul (2021) (en) | ||||
Gníomhaíocht | |||||
Ballraíocht | 70,000 (2021) | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Ceanncheathrú | |||||
Ceanncheathrú | |||||
Ceanncheathrú | |||||
Uachtaránacht | Mohammed Omar (1994–2013) Akhtar Mansour (2015–2016) Haibatullah Akhundzada (2016–) | ||||
Suíomh gréasáin | alemarahenglish.af | ||||
Bhunaigh an Talaban stát Ioslamach bunúsaíoch san Afganastáin sa bhliain 1996, an 'Éimíríocht Ioslamach na hAfganastáine' mar a thugtaí uirthi.
Ach bhí sárú ar chearta an duine. Gearradh pionóis chorpartha ar dhaoine faoi rialacha éagsúla a shárú. Crochadh, lámhachadh, lascadh agus buaileadh daoine le clocha os comhair an tsaoil i gcaitheamh na mblianta sin. Cuireadh mná faoi chois freisin agus ní raibh cead acu dul ag obair.
Mar sin, le Rún 2513 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe an 10 Márta 2020, glacadh leis go raibh 'comhréiteach polaitiúil' ag teastáil.
Rinne na Stáit Aontaithe ionradh ar an Afganastáin i mí Dheireadh Fómhair 2001. Tháinig 'Poblacht Ioslamach na hAfganastáine' ar an bhfód, stát a bhí ar teaghrán ag na Stáit Aontaithe.
Thréig SAM an tír sa bhliain 2021 agus tháinig an Talaban ar ais i gcumhacht ar 15 Lúnasa 2021. Bhí na mílte daoine ag teitheadh ón Afganastáin dá bharr sin. Tugadh taidhleoirí agus sibhialtaigh amach as an Afganastáin ar eitleáin mhíleata. Bhí sé ina chíor thuathail timpeall i mí Lúnasa ag an aerfort i gCabúl agus an draoi daoine ag féachaint le teitheadh ón tír. Bhí anord ceart san áit le tamall ó bhailigh na sluaite ag an aerfort ag iarraidh teitheadh.
Thug urlabhraí sinsearach an Talaban le fios ag preasócáid ar 17 Bealtaine nach mbeidís chomh dian ar dhaoine agus a bhí nuair a bhí siad i gcumhacht cheana idir na blianta 1996 agus 2001. Dúirt urlabhraí an Talaban ag an am go mbeadh sé i gceist acu glacadh le cearta ban agus mionlach san Afganastáin feasta "de réir ghnáis na tíre agus suáilcí Ioslamacha." Bhí iarrtha ag an Talaban ar dhaoine oilte gan an tír a fhágáil. Gheall siad nach sáróidh siad cearta daonna aon ghrúpa.
Ina ainneoin sin, bhí go leor de mhuintir na hAfganastáine scanraithe roimh an Talaban agus a gcuid dianpholasaithe. Bhí faitíos ar dhaoine oilte agus ar mhná ach go háirithe nach mbeidh na cearta daonna agus oibre céanna acu faoi réimeas Ioslamach an Talaban agus a bhí faoin iar-rialtas. Mar sin theith daoine ón Afganastáin agus faitíos orthu roimh dhianpholasaithe tiarnasacha an Talaban.
Lean cogadh cathartha ar aghaidh i dtuaisceart na tíre, leis na Panjshir i mbun.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article An Talaban, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.