Clíodna Cussen: Dealbhóir agus scríbhneoir Éireannach

Ba dhealbhóir, fhile agus scríbhneoir í Clíodna Cussen (1932 — 1 Lúnasa 2022).

Tá sí áirithe ar dhuine de shárdhealbhóirí na hÉireann agus tá a cuid saothar le feiceáil in áiteanna poiblí ar fud na tíre, i mBaile Átha Cliath go háirithe.

Infotaula de personaClíodna Cussen
Beathaisnéis
Breith18 Meán Fómhair 1932
An Caisleán Nua, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás2 Lúnasa 2022
89 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmdealbhóir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge
Teaghlach
CéilePádraig Ó Snodaigh Cuir in eagar ar Wikidata
Clíodna Cussen: Beatha, Saothair, Féach freisin

Is i mBaile Átha Cliath a chaith sí an chuid is mó dá saol, áit ar chruthaigh sí saothair ealaíne a bhain clú agus cáil náisiúnta agus idirnáisiúnta amach i gcaitheamh na mblianta.

Thar aon ní eile, is iad na dealbha cré-umha agus cloch a mhúnlaigh agus a shnoigh sí is mó a fhágann sí le huacht ó tá a lán acu crochta in áiteanna poiblí ar fud na tíre. Áirítear ina measc An Chloch Fhada i gceantar Shráid an Phiarsaigh i mBaile Átha Cliath, Cé a Rinne an Domhan? i nDroichead na Dothra agus an dealbh de Naomh Pádraig i Mám Éan i gConamara.

Clíodna Cussen: Beatha, Saothair, Féach freisin
Dealbh Cussen de chuid Naomh Pádraig, Máméan i gConamara.

Beatha

Saolaíodh Cussen i gCaisleán Nua Thiar i gContae Luimnigh sa bhliain 1932.

D'fhreastail sí ar an ollscoil i mBaile Átha Cliath agus i bhFlórans, san Iodáil. Ag saothrú le cré-umha agus le cloch is mó a bhíonn sí. Chomh maith leis sin, tá saothar grafaicí déanta aici don Stiúideó Grafach i mBaile Átha Cliath.

Bhí Cussen pósta le bunaitheoir an chomhlachta foilsitheoireachta Coiscéim, an staraí Pádraig Ó Snodaigh; bhí seisear clainne orthu, baill de chuid Kíla ina measc agus TD de chuid Sinn Féin, Aengus Ó Snodaigh.

Clíodna Cussen: Beatha, Saothair, Féach freisin 
The Herbert Park Hotel - Who Made The World

Saothair

Clíodna Cussen: Beatha, Saothair, Féach freisin 
An Gallán Gréine - Clíodna Cussen (1983) , Dumhach Thrá, BÁC

Tá saothar Cussen léirithe go forleathan agus ghnóthaigh sí duais dá dealbhóireacht ag an Oireachtas, chomh maith le Bonn Órga don dealbhóireacht as Lios Tuathail. Bronnadh go leor coimisiún oibre poiblí uirthi agus tá a dtorthaí le fáil ar fud na hÉireann, agus bhí dealbha á ndéanamh go deireadh a saoil aici. Le cloch agus cré-umha is mó a d'oibríodh sí.

Ar na saothair is cáiliúla léi, tá an an dealbh Steine nó ‘An Chloch Fhada’ atá lonnaithe san áit a dtagann Sráid an Phiarsaigh agus Sráid an Choláiste le chéile. Cuireadh macasamhail na Cloiche Fada (Ivar the Boneless' Pillar) in airde sa bhliain 1986, suíomh na bunchloiche Lochlannachaí a chuireadh ann chun cosc ​​a chur ar na longa fada rith cladaigh a thabhairt.

Is í a rinne an dealbh ‘Who Made The World’ i nDroichead na Dothra.

Sa bhliain 1986, rinne sí dealbh de Naomh Pádraig lena léirítear é mar aoire agus caoirigh taobh leis. Ag láthair oilithreachta r Mhám Éan i gConamara atá an dealbh.

Ar na saothair eile is cáiliúla léi, tá an Gallán Gréine le feiceáil i mBaile Gaelach.

Clíodna Cussen: Beatha, Saothair, Féach freisin 
"An Priosunach"

Leabhair

Chomh maith le líon mór leabhar agus féilirí a dhearadh, foilsíodh leabhair dá cuid féin freisin.

Leabhair eile

  • Trupall Trapall, Oifig an tSoláthair (1972)
  • Síle Bhuí, Oifig an tSoláthair (1975)
  • Buile Shuibhne, Conradh na Gaeilge (1976)
  • Tomhais, Oifig an tSoláthair (1977)
  • Éalú ón gCaisleán, Oifig an tSoláthair (1978)
  • Mat agus Muta, Clódhanna Teoranta (1978)
  • Gearóid Iarla, Clódhanna Teoranta (1978)
  • An Droch Shaol, Clódhanna Teoranta (1980)
  • Bainne na Bó (i dteannta Mairéad ní Chinnéide), An Gúm (1986)
  • Some Observations on Stone, Aisling Press, (1988)
  • Torfinn, Coiscéim (1988)
  • An Bhean úd Thall, Bord na Gaeilge (1990)
  • An Eala Dubh, Coiscéim (1996)
  • Conal agus Údaí, Coiscéim (2005)
  • Ar Dheisiúr na Gréine, Coiscéim (2006)
  • Tiompán Tráthnóna, Coiscéim (2017)
  • Bhíodar Aréir Ann, Coiscéim (2019)

Féach freisin

Tagairtí

Tags:

Clíodna Cussen BeathaClíodna Cussen SaothairClíodna Cussen Féach freisinClíodna Cussen TagairtíClíodna Cussen1 Lúnasa19322022Dealbhóireacht

🔥 Trending searches on Wiki Gaeilge:

Aimsir na bliana 202326 MártaAn RúisBaile Átha CliathCristiano RonaldoEris (abhacphláinéad)TeangaBrad PittBlátholaEolaíocht pholaitiúilGoogle ChromeMarlene DietrichClint EastwoodCoimhlint Iosrael-Hamas, 2023VicífhoclóirRedmondCluichí OilimpeachaCumarsáidFéilireÉastraiginÍosa CríostBreandán Ó DoibhlinAn TéalainnIúil CaesarReachtMaigh NuadMaifiaComhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an athrú aeráide, 2023Ronna Romney McDanielCicearóAn Bhreatain BheagBéaloideas na hÉireann2006 sa scannán28 SamhainColáiste na nÉireannach i bPárasSeán GarveyTuaisceart ÉireannThe Walking DeadSeattle, Washington13 NollaigNua-Inse GhallImirce (daonra)MicribitheolaíochtKennewickCorónú Shéarlais III agus CamillaMassielConway TwittyTeangeolaíochtNormannaigh894CléópátraNoel Coward29 BealtaineAn AstráilGurdbharaCogadh Vítneam agus na Síne988Carolina TheasCaitheamh aimsireAn tAontas SóivéadachSéarlas I, Rí Shasana, na hÉireann agus na hAlbanMartin Van BurenMílechosachIntleacht shaorgaFealsúnachtCluicheBuamáil mhosc Peshawar, 20232021Texas14 Bealtaine2005 sa scannán🡆 More