Mainicín agus péiceallán sóisialta Seiceach-Mheiriceánach ab ea Ivana Marie Trump (née Zelníčková; IPA: ɪvana ˈmarɪjɛ ˈzɛlɲiːt͡ʃkova; 20 Feabhra 1949 - 14 Iúil 2022).
Ise an chéad bhean chéile ag Donald Trump.
Rugadh Ivana Zelníčková in Zlín sa tSeicslóvaic. Thug sí aghaidh ar Cheanada sa bhliain 1973 agus chaith sí tamall i Montréal. Casadh Donald Trump uirthi agus phós siad i 1977. Tá triúr páistí acu.
Ghlac Ivana páirt shuntasach i dtionscnaimh Trump. Bhí sí ina Leas-Uachtarán ar son Dearthóireacht Intí do Trump Enterprises, agus d'fhág sí a cló ar Trump Tower in Manhattan. Ina dhiaidh sin, cheap Donald Trump í mar uachtarán ar Trump Castle Hotel and Casino.
Fuair Ivana agus Donald colscaradh sa bhliain 1992. Phós sí ceithre uaire ar fad.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Ivana Trump, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.