Is polaiteoir í Aung San Suu Kyi, a rugadh ar an 19 Meitheamh 1945 i Rangún.
Bhí Maenmar á rith aici - is cosúil - ó 2016, go dtí Eanáir 2021. Ba ghníomhaí í ar son an daonlathais agus ceannaire ar an Léig Náisiúnta ar son an Daonlathais. Ba phríosúnach coinsiasa iomráiteach agus tacadóir na frithbheartaíochta síochánta í roimh 2016.
Tharla "Glanadh eitneach" sa tír sa bhliain 2017. I mí Eanáir 2021, ghlac an t-arm i Maenmar seilbh ar riaradh na tíre agus cuireadh Aung San Suu Kyi as oifig. Dúirt an t-arm go raibh an toghchán a reáchtáladh sa tír i mí na Samhna 20200 'lochtach' agus tá Aung San Suu Kyi faoi ghlas i gcónaí.
Rugadh Aung San Suu Kyi ar an 19 Meitheamh 1945. Bhunaigh a hathair, Aung San, arm nua-aimseartha Bhurma agus rinne sé idirbheartú ar son neamhspleáchais Bhurma ón Ríocht Aontaithe i 1947; feallmharaíodh é ag a iomaitheoirí an bhliain chéanna. Ba í an tríú páiste ina clann. Tá a hainm díorthaithe ó ainmneacha triúr ina clann: “Aung San” óna hathair, “Kyi” óna máthair agus “Suu” óna seanmháthair.
Is minic a ghlaotar Daw Aung San Suu Kyi uirthi; ní cuid dá hainm é Daw, ach is ainm ómósach é le haghaidh ban uasal urramach chiallaíonn “aintín” go litriúil. Go diongbháilte, is ionann a hainm tugtha agus a hainm iomlán, ach is féidir Bean Suu Kyi nó an Dr. Suu Kyi a rá, mar leis na siollaí sin, is féidir idirdhealú a dhéanamh idir Aung San Suu Kyi agus a hathair, Ginearál Aung San.
D’éirigh sí aníos lena máthair, Khin Kyi, agus a beirt deartháir, Aung San Lin agus Aung San Oo in Yangon. Bádh an deartháir ceanáin, Aung San Lin, i dtimpiste linne nuair a bhí sí ocht mbliana d’aois. Rinne a deartháir is sinne imirce go San Diego, California, agus ghlac sé saoránacht na Stát Aontaithe. Oileadh Suu Kyi i scoileanna Caitliceacha Sasanacha ar feadh formhór a hóige i mBurma.
Tháinig Daw Khin Kyi chun suntasachta mar phearsa pholaitiúil sa rialtas nua Burmach. Rinneadh ambasadóir Bhurma san India di i 1960, agus lean Aung San Suu Kyi í ansin. Grádaíodh í ó Choláiste Bhantiarna Shri Ram i nDeilí Nua i 1964.
Lean Aung San Suu Kyi ar aghaidh lena hoideachas i gColáiste Naomh Aodh, Oxford, agus bhain sí amach céim B.A. i bhfealsúnacht, Polaitíocht agus Eacnamaíocht i 1969 agus Tráchtas i Scoil an Léinn Oirthearach agus Afracach, Ollscoil Londan i 1985. D’oibrigh sí freisin le haghaidh rialtais Aontais Mhaenmar. I 1972, phós Aung San Suu Kyi an Dr. Michael Aris, scoláire ar an gcultúr Tibéadach, a bhí ina chónaí sa Bhútáin. An bhliain dár gcionn rugadh a céad mac, Alexander, i Londain; rugadh a dara mac, Kim, in 1977. Is Búdaí Teireaváda í.
D’fhill Aung San Suu Kyi ar Bhurma i 1988 chun cúram a thabhairt dá máthair bhreoite. Tharla sé mar chomhtheagmhas gur chríochnaigh an ceannaire fadtéarmach den bPáirtí Sóisialach ceannasach, Ginearál Ne Win, a thréimhse i gceannas an bhliain chéanna. Ba é an toradh a bhí air sin ná gur tharla agóidí móra ar son an daonlathais ar 8 Lúnasa 1988 (8-8-88, deirtear gur lá rathúil an lá sin), agus cuireadh na hagóidí faoi chois go foréigneach. Ghlac giunta míleata nua seilbh ar an gcumhacht.
Spreag modh síochánta Mahatma Gandhi agus níos mó ná sin, coincheapa Búdaíocha Aung San Suu Kyi baint a bheith aici le polaitíocht chun oibriú ar son an daonlathais. Chuidigh sí an Léig Náisiúnta ar son an Daonlathais a bhunadh ar an 27 Meán Fómhair 1988, agus cuireadh í faoi choinneáil ina teach ar an 20 Iúil 1989. Ofráladh saoirse di dá bhfágfadh sí an tír, ach dhiúltaigh sí.
Is é ceann dá hóráidí is iomráití ná an óráid “Saoirse ón Eagla”, a thosaíonn mar a leanas:
Gafa, 19 Iúil 1989, curtha faoi choinneáil ina teach in Yangon faoi dhlí airm ina bhfuil sé foráilte gur féidir duine a chur faoi choinneáil gan chúiseamh nó triail ar feadh trí bliana.
Thosaigh agóidí, a bhí treoraithe ag manaigh Bhúdaíocha, ar an 19 Lúnasa 2007 i ndiaidh méadú mór i bpraghas an bhreosla, agus lean siad ar aghaidh gach lá, in ainneoin go raibh bagairt chniogbheartaíocht an airm.
Dé Sathairn, 22 Meán Fómhair 2007, cé go raibh sí faoi faoi choinneáil ina teach, tháinig Suu Kyi go dtí geata a tí in Yangon ar feadh tréimhse ghairid chun beannachtaí na manach a bhí ag máirseáil ar son chearta an duine a ghlacadh.
Tuairiscíodh gur bogadh í an lá dár gcionn go Príosún Insein (áit ar cuireadh í faoi choinneáil in 2003), ach léiríodh go raibh sí fós faoi choinneáil ina teach toisc cruinnithe le Ibrahim Gambari, toscaire na Náisiún Aontaithe, in aice an tí in Yangon ar an 30 Meán Fómhair agus 2 Deireadh Fómhair.
Reáchtáladh olltoghchán sa bhliain 2015. Ach ní raibh cead ag an nach mór milliún Moslamach Rohingya, a bhfuil cónaí orthu in iarthar Maenmar, páirt a ghlacadh sa toghchán seo.
Bhí an lá le Aung San Suu Kyi ar 10 Samhain 2015
Ghlac an deachtóireacht mhíleata le bua páirtí Aung San Suu Kyi, an Conradh Náisiúnta ar son an Daonlathais.
Ar an 6 Aibreán 2016, ceapadh Aung San Suu Kyi mar "State Counsellor" nó príomhaire.
Sa bhliain 2017, theith na céadta míle Róihinse (Rohingya), pobal Moslamach a raibh géarleanúint á déanamh orthu i Maenmar, thar teorainn go dtí an Bhanglaidéis. Cuireadh glanadh eitneach i leith arm Mhaenmar agus cáineadh ceannaire de facto na tíre Aung San Suu Kyi go géar toisc nach ndearna sí tada, is cosúil, chun na Róihinsí a chosc.
Ar 1 Feabhra 2021, ghlac an t-arm i Maenmar seilbh ar riaradh na tíre. Cuireadh Aung San Suu Kyi faoi ghlas. Dúirt an t-arm go raibh an toghchán a reáchtáladh sa tír i mí na Samhna 20200 'lochtach'.
Bhí staid éigeandála fógraithe sa tír 'go ceann tamaill' ach níor thug an ceannasaí airm, Min Aung Hlaing, aon leide maidir le cén uair a thiocfadh deiridh leis, agus go reáchtáiltí toghchán nua.
Creideann na saighdiúirí go bhfuil sé de cheart acu a bheith faoi réim de bharr a ndiansaothair agus a bhfulaingíonn siad ar son a dtíre. Creideann siad i ‘mbealach Burmach’ ar leith atá naimhdeach do pholaiteoirí agus do pháirtithe. Níl sna heasaontóirí agus i lucht déanta léirsithe ach brabúsaithe leisciúla. Seo é an dearcadh a fhágann na ginearáil scoite amach ón bpobal.
Bhí beartas an airm in aghaidh Aung San Suu Kyi cáinte ag Ard Rúnaí na Náisiún Aontaithe, Antonio Guterres, ag iarraidh go gcuirfí i bhfeidhm toil na ndaoine mar a léiríodh é sa toghchán sa bhliain 2020.
Dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha,Simon Coveney, go raibh an coup 'frithdhaonlathach', 'gur chóir dul siar air láithreach' agus go dtugann an coup an tír ar ais ag na laethanta dorcha roimh 2011.
Bhuaigh Aung San Suu Kyi Duais Rafto agus Duais Sakharov ar son Saoirse Smaointeoireachta i 1990 agus Duais Nobel na Síochána sa bhliain 1991.
I 1992 bhronn rialtas na hIndia duais Jawaharlal Nehru don tsíocháin uirthi le haghaidh coimhlinte síochánta faoi dheachtóireacht mhíleata.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Aung San Suu Kyi, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.