Thosaigh géarchéim fhioscach na Ríochta Aontaithe, 2022, ar 23 Meán Fómhair 2022 nuair a d'fhógair Kwasi Kwarteng 'mionbhuiséad', go gairid tar éis do Liz Truss a bheith tofa ina Príomh-Aire.
Bhí géarchéim airgeadais - agus conspóid mhór pholaitiúil - tarraingthe ag na polasaithe fioscacha a leagadh amach sa mhionbhuiséad. Baineann an scéal ó thús le neamhghlacadh na margaí airgeadais le polasaithe fioscacha Liz Truss. De réir na bpolasaithe sin, a bhí caite i gcártaí cúpla seachtain níos déanaí, bhíothas le raon leathan ciorruithe cánach a thabhairt isteach agus tuilleadh earnálacha den gheilleagar a dhírialú, agus é i gcuspóir borradh úr eacnamaíochta a chur faoin mBreatain.
D'fhoilsigh na feisirí óga i Westminster, Kwasi Kwarteng agus Liz Truss (in éineacht le Priti Patel agus Dominic Raab, an dream is diongbháilte ar an eite dheas sa Pháirtí Coimeádach) a straitéis don Ríocht Aontaithe sa bhliain 2012 sa leabhar "Britannia Unchained: Global Lessons for Growth and Prosperity".
Scríobh siad go raibh an tír bánaithe ag na cánacha agus níor spreag na cánacha obair chrua sa Bhreatain. "Ní mór dúinn leagan as na rialacha agus na dianrialacháin", a dheimhnigh siad. Bhí sé ráite gur eiseamláirí iad an Astráil, Ceanada, Singeapór srl.
Bhí rún acu athchóiriú a dhéanamh agus chuaigh vóta na 'Bhreatimeachta' sa bhliain 2016 sa threo sin. D'ainmnigh Boris Johnson drong na gceathrar (Truss, Kwarteng Patel agus Raab) mar airí rialtais sa bhliain 2019.
Ar 23 Deireadh Fómhair, foilsíodh, THE GROWTH PLAN 2022, de chuid HM Treasury; mhair an plean trí seachtaine.
De réir an mhionbhuiséid - a raibh an Seansailéir agus an Príomh-Aire ar aon intinn faoi - thabharfaí raon leathan ciorruithe cánach isteach agus dhírialófaí tuilleadh earnálacha den gheilleagar le súil borradh úr eacnamaíochta a chur faoin mBreatain.
Thug buiséad Kwasi Kwarteng féiríní don saibhir agus fríd don daibhir. Chuaigh na ciorruithe cánach ar sochar do lucht an tsaibhris.
An rud is measa ar fad, fógraíodh ciorruithe cánach nach raibh maoiniú socraithe dóibh.
I bhfianaise an chroitheadh a baineadh as an bpunt sterling agus an ghuagacht a chothaigh plean an tSeansailéara nua, bhí eagla ann "go bhféadfadh daoine a bheith i mbaol báis d’uireasa teasa agus bia".
Bhain na polasaithe sa Mhionbhuiséad scanradh as lucht na margaí airgeadais. Thit luach an phuint, agus d'ardaigh costais morgáistí agus iasachtaí eile (níos mó ná 7̥% i gcásanna áirithe). B’éigean Banc Shasana idirghabháil a dhéanamh agus cistí pinsin a tharrtháil i ndiaidh an bhuiséid.
B’éigean rialtas Liz Truss cúlú nuair a bhí an crú ar an tairne agus cuid dá bhuiséad a chur ar ceal. Bhí ar Kwarteng dul chuig an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta i Washington DC ar 10-12 Deireadh Fómhair agus a chruinniú ginearálta bliantúil ar siúl. I bhfianaise uirísliú Kwarteng a tharla ann, agus neamhghlacadh na margaí airgeadais lena pholasaithe fioscacha, bhí an Seansailéir briste as a phost nuair a d'fhill sé ó na Stáit Aontaithe ar 14 Deireadh Fómhair.
Agus é ag imeacht, dúirt Kwarteng gur chreid sé i gcónaí gurb í fís Truss an fhís cheart.
“Mar atá ráite agam go minic le roinnt seachtainí anuas, go bunúsach ní haon rogha é cloí leis an status quo. Rófhada atá an tír seo cráite ag rátaí fáis íseal agus cáin ard– is gá fós é sin a athrú chun go mbeadh rath ar an tír seo.”
Bhí iar-Rúnaí Gnóthaí Eachtracha na Breataine Jeremy Hunt ceaptha ina Sheansailéir ina áit. D'fhógair Hunt láithreach volte face. D'fhógair Liz Truss chomh maith go raibh rún aici dul siar ar cheann dá polasaithe agus cáin chorparáideach a ardú (mar a bhí beartaithe ag Boris Johnson roimpi). Dheimhnigh Hunt ar 17 Deireadh Fómhair inniu nach gciorrófaí rátaí cánach de réir mar a bhí beartaithe ag Liz Truss, agus sábháladh 32 billiún punt gach bliain ar Státchiste na Breataine i bhfianaise a raibh fógartha aigə.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Géarchéim fhioscach na Ríochta Aontaithe, 2022, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.