Banna rac-cheoil as Cambridge Shasana is ea Pink Floyd, ceann de na bannaí ba mhó sa domhan, go hairithe sna 1970í agus na 1980í.
Ba iad Roger Waters agus David Gilmour na príomhchumadóirí.
(1973) | |||||
Ainmnithe in ómós | Pink Anderson agus Floyd Council | ||||
---|---|---|---|---|---|
Sonraí | |||||
Cineál | racbhanna | ||||
Réimse oibre | ceol | ||||
Foirm dlí | |||||
Dáta a bunaíodh | 1964, Londain | ||||
Gníomhaíocht | |||||
Tréimhse oibre | 1965 – 2014 | ||||
Lipéad ceoil | Tower Records Parlophone Columbia Graphophone Co. Ltd. (en) Sony Music EMI Capitol Records Columbia Records Harvest Warner Music Group | ||||
Seánra | Rac forásach, rac sícideileach, rac-ealaine, space rock (en) , gormrac, rac turgnamhach, acid rock (en) agus proto-prog (en) | ||||
Le cuid | Nick Mason Bob Klose (1964–1965) Syd Barrett (1965–1968) David Gilmour (1967–) Richard Wright (–1979) Roger Waters (–1985) | ||||
Eile | |||||
Gradam a fuarthas
| |||||
Suíomh gréasáin | pinkfloyd.com | ||||
Ar an 5 Lúnasa 1967, tháinig Pink Floyd ar an bhfód leis an albam, The Piper at the Gates of Dawn. Bhí ard-mholadh as a nuálaíocht ag an am, mar shampla "Bike".
Bhain Pink Floyd clú is cáil idirnáisiúnta amach leis na halbaim choincheapa The Dark Side of the Moon (1973), Wish You Were Here (1975), Animals (1977), The Wall (1979), agus The Final Cut (1983).
Faoi na 1980idí luatha, bhí siad ar cheann de na bannaí is mó díol i stair an cheoil; faoi 2012, bhí níos mó ná 250 milliún taifead díolta acu ar fud an domhain, 75 milliún sna Stáit Aontaithe amháin.
D´fhág Syd Barrett an banna in 1968 de dheasca drochshláinte mheabhrach, agus d'fhág Waters in 1985.
Lean an grúpa ar aghaidh, áfach. Tháinig na baill go léir (ach amháin Barrett) le chéile i samhradh 2005 chun cúpla amhrán a chasadh ag Live8.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Pink Floyd, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.