Reáchtáladh olltoghchán, toghcháin réigiúnacha agus toghchán uachtaránachta sa Bhrasaíl idir Meán Fómhair - Deireadh Fómhair 2022.
Fuair Lula – agus an daonlathas féin – an lámh in uachtar ar Jair Bolsonaro tar éis ceithre bliana. Ach ba ar éigean é: ní raibh dhá faoin gcéad féin idir é agus Bolsonaro i dtoghchán uachtaránachta na Brasaíle 2022.
Cineál | grúpa toghchán | |||
---|---|---|---|---|
Dáta na bliana | 2 Deireadh Fómhair 2022 | |||
Tír | an Bhrasaíl | |||
Baint le limistéar údaráis | an Bhrasaíl | |||
Le cuid | ||||
Toghadh Jair Bolsonaro, i mí Dheireadh Fómhair 2018, i bhfad amach ar an eite dheis. Bhain paindéim an choróinvíris an ghaoth as seolta Bolsonaro le linn 2020-2022. Fuair os cionn 700,000 Brasaíleach bás le linn na paindéime.
Bhí sé deimhnithe gurbh é iarrthóir na heite clé, Luiz Inácio Lula da Silva, a bhuaigh an toghchán uachtaránachta ar 31 Deireadh Fómhair 2022. Fíorbheagán — 50.9% den vóta le hais 49.1% — a bhí idir é agus a chéile comhraic, Jair Bolsonaro ón eite dheis. D'éirigh an Lúlach ina uachtarán ar an mBrasaíl den tríú huair, in aois 77 dó ag an am. Ní raibh idir an bheirt iarrthóirí ach oiread na fríde: níos lú ná 2 mhilliún vótaí.
Chuir Uachtarán na hÉireann Mícheál D. Ó hUigínn teachtaireacht chomhghairdis chuig Lula, ag tnúth go mór le leanacht den chomhoibriú idir Éire agus an Bhrasaíl.
Ní raibh ach seachtain caite in áras an uachtaráin ag Lula nuair a rinne lucht leanúna Bolsonaro iarracht coup d’état dáiríre a dhéanamh. In 2024, d’aimsigh na póilíní feidearálacha fianaise go raibh baint ag Bolsonaro féin leis an ionradh a rinneadh ar thithe an rialtais san ardchathair, Brasília, ar an 8 Eanáir 2023.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Olltoghchán na Brasaíle, 2022, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.