Uachtarán fíorchoimeádach ar an mBrasaíl idir 2019 2022 ba ea Jair Messias Bolsonaro (a rugadh é ar an 21 Márta 1955 i nGlicério, São Paulo).
Is i bhfad amach ar an eite dheis é.
Ar an 28 Deireadh Fómhair 2018, "baineadh creathadh as an domhan nuair a toghadh an pobalóir fíorchoimeádach, ciníoch, faisisteach, homafóbach, frithbhanda agus gunna-ghrách Jair Bolsonaro ina uachtarán ar an mBrasaíl".
Insealbhaíodh Jair Bolsonaro i dtús 2019. Ar an 25 Eanáir 2019, bhris damba de chuid an chomhlachta mhianadóireachta Bhrasaíligh Vale i mbaile Brumadinho i stát Minas Gerais i gceartlár na Brasaíle. Maraíodh 276 duine. Chuir rialtas Bolsonaro srian le rialacha timpeallachta, "bac ar fhorbairt eacnamaíoch na Brasaíle" dar leis.
Pé pleananna a bhí ag Jair Bolsonaro don tír, is cinnte gur chuir an phaindéim Covid de dhroim seoil iad. Ag an am céanna, rinne éagumas agus ainriail Bolsonaro go leor dochair. Fuair nach mór 700,000 Brasaíleach bás ó Covid-19, líon níos airde ná i dtír ar bith eile ach amháin na Stáit Aontaithe. Agus idir 2020-2021, tháinig méadú 23 faoin gcéad ar líon na ndaoine sa Bhrasaíl a bhí faoi bhun thairseach na bochtaineachta, agus ardú 48 faoin gcéad ar líon na ndaoine nach bhfuil acu ach ón lámh go dtí an béal.
Bhuaigh Lula an toghchán uachtaránachta in aghaidh Bolsonaro ar 31 Deireadh Fómhair 2022. Fíorbheagán — 50.9% den vóta le hais 49.1% — a bhí idir Lula agus Bolsonaro.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Jair Bolsonaro, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.