Faisisteachas

Idé-eolaíocht a d'fhás san Eoraip sa tréimhse idir na cogaí domhanda (1919-39) is ea an Faisisteachas.

Tá na ceannairí Faisisteacha i gcoinne an Daonlathais, an Liobrálachais agus an Chumannachais. Bhí siad de ghnáth frith-Sheimíteach chomh maith sna 1930idí.

Faisisteachas
fasces na Sean-Róimhe, siombail chumhacht duce na hIodáile, Benito Mussolini
Faisisteachas
2017ː agóid in aghaidh Donald Trump

Tréithe

Leag na riailréimeanna Faisisteacha go léir béim ar leith ar an Náisiúnachas agus ar ollchumhacht an stáit. Spreagadh an pobal chun a ndícheall a dhéanamh ar mhaithe leis an stát.

Bhí deachtóir carasmatach i gceannas ar gach stát agus tacaíocht aige ó pháirtí polaitíochta amháin, ar nós na Naitsíthe sa Ghearmáin. Thóg siad a riailréim trí mheascán de bholscaireacht agus de sceimhle.

Cuireadh toirmeasc go hiondúil ar pháirtithe an fhreasúra, ar cheardchumainn agus ar thoghcháin shaora.

Ó thaobh an gheilleagair de, lean na Faisistithe prionsabal an 'náisiúnachais eacnamaíoch". Chosnaítí an geilleagar trí chánacha a chur ar iompórtálacha, agus dhéantaí tréaniarracht táirgí a sholáthar sa tír féin. Níl an Faisisteachas i gcoinne úinéireacht ar shealúchas príobháideach ná ar ghnólacht, a fhad is atá sí ag cur le leas an stáit. Tugtar an difríocht seo mar difríocht mhór idir an Cumannachas, faoina bhfuil gach rud leis an stát, agus an Faisisteachas.

Sanasaíocht

Tagann an focal ón ghluaiseacht a chuir Benito Mussolini chun cinn san Iodáil ó 1919 (nó 1921/1922) ar aghaidh. Ba iad na fasces siombail d’údarás sa tSean-Róimh.

Ach tá ciall níos leithne ag an bhfocal, a thagraíonn do na páirtithe polaitíochta ina lán de thíortha na hEorpa a lean idé-eolaíocht a bhí cosúil leis an idé-eolaíocht a chuir Mussolini agus Adolf Hitler chun cinn, cé go raibh difríochtaí áirithe eatarthu.

Stair

Tháinig an Faisisteachas chun cinn mar thoradh ar dhroch-choinníollacha eacnamaíocha agus sóisialta ina lán de thíortha na hEorpa sa tréimhse tar éis an Chéad Chogadh Domhanda.

Bhunaigh Mussolini an Fasci Italiani di Combattimento ar an 23 Márta  1919,.a d'éirigh an Páirtí Náisiúnta na bhFaisisteach sa bhliain 1921.

Faisisteachas 
Bratach Léinte Gorma na hÉireann.

An Faisisteachas in Éirinn

Eagraíocht pholaitiúil Éireannach den eite dheis sna 1930í ab ea An Garda Náisiúnta (National Guard) nó mar is iondúil Na Léinte Gorma (nó "na Léinteacha Gorma"). Ba é Cumann Chomrádaithe an Airm (Army Comrades Assocation as Béarla) ainm oifigiúil na heagraíochta. Athraíodh an t-ainm níos déanaí go An Garda Náisiúnta.

Féach freisin

Tagairtí

Tags:

Faisisteachas TréitheFaisisteachas SanasaíochtFaisisteachas StairFaisisteachas Féach freisinFaisisteachas TagairtíFaisisteachas19191939CogadhCumannachasDaonlathasEoraipLiobrálachas

🔥 Trending searches on Wiki Gaeilge:

FungasPeter FondaAn VicipéidBruno MadernaGalátaighAvesKrak des ChevaliersPiongainAnraí II ShasanaÁr nAthairMommie Beerest19101899CaipitleachasMuintir na hÉireannComhéadan grafach úsáideoraMicéinéLeabhar19401816Leptis Magna19301993Kelly ClarksonCultúrJeanne d'ArcThe SaturdaysContae Dillon, Carolina TheasGrowing PainsÇatal HüyükPuchán aeGuma cogantaLiosta daoine as ÉirinnDrámaíocht1909An tAontas EorpachBig Brother (RA)SEIFStáit Aontaithe MheiriceáBéarlaReiligiúnRichard NixonSuncaireAn tSlóivéinisAlpheratzBlagFelix Mendelssohn1973 sa teilifísCeolPáirtí Daonlathach (Stáit Aontaithe)Pápa Iúil IIPlátaAn GhearmáinHakainde HichilemaThomas JeffersonNicolás AlmagroComhdháil VínHidribhitheolaíochtJermaine JenasIdirnáisiúnúCumarsáidDaidí na NollagAigéad hidricianach30 AibreánAn GhealachAn Chéad ChrosáidLouis de BeaufrontBalún (aerárthach)Ceirtlis🡆 More