An Phortaingéilis

Is í an Phortaingéilis teanga náisiúnta na Portaingéile, chomh maith le 5 dtír neamhspleách eile ar fud an domhain.

Labhraíonn timpeall is 280 milliún duine ó dhúchas í ar fud an domhain, agus céad milliún eile mar dhara teanga nó mar theanga iasachta. Mar sin, tá sí ar theangacha móra an domhain, agus meastar go bhfuil sí ar an tséú teanga is líonmhaire cainteoirí.

Infotaula de llenguaAn Phortaingéilis
português agus português
An Phortaingéilis
Cineálteanga agus teanga bheo
Úsáid
Cainteoirí dúchais221,000,000 (2019)
Dúchasach doan Phortaingéil agus Na hAsóir
Stáitan Phortaingéil, an Bhrasaíl, an Spáinn, Angóla, Rinn Verde, an Téaváin, Tíomór Thoir, Guine Bissau, Poblacht Mhósaimbíc agus São Tomé agus Príncipe
An Phortaingéilis
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Ind-Eorpacha
teangacha Iodáilice
teangacha Rómánsacha
teangacha Iodál-Iartharacha
teangacha Rómánsacha Iartharacha
teangacha Gall-Ibéaracha
teangacha Ibéar-Rómánsacha
teangacha Iar-Ibéaracha
Galician-Portuguese (en) Aistrigh
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaaibítir na Portaingéilise agus aibítir Laidineach
Institiúid caighdeánaitheInternational Portuguese Language Institute (en) Aistrigh, Community of Portuguese Language Countries (en) Aistrigh, Brazilian Academy of Letters (en) Aistrigh agus Sciences Academy of Lisbon (en) Aistrigh
Staidéar agPortuguese studies (en) Aistrigh
Stairhistory of Portuguese (en) Aistrigh
Cóid
ISO 639-1pt
ISO 639-2por
ISO 639-3por
Glottologport1283
Linguasphere51-AAA-a
Ethnologuepor
ASCL2302
IETFpt

Chuaigh an teanga ar fud an domhain nuair a bhunaigh na Portaingéalaigh a n-impireacht choilíneach. Inniu, tá sí ar an tseachtú teanga is líonmhaire cainteoirí. Is í an Phortaingéilis atá ó dhúchas ag duine as gach beirt i Meiriceá Theas, cé nach labhraítear ach in aon tír amháin í - an Bhrasaíl, ar ndóigh.

Cé go bhfuil dlúthghaol ag an bPortaingéilis leis an Spáinnis, rud atá le haithint ar an ngramadach ach go háirithe, tá fuaimeanna na teanga níos cosúla leis an bhFraincis agus leis an gCatalóinis, nó bíonn gutaí doiléire agus gutaí srónacha le cloisteáil sa Phortaingéilis.

Mar cheann de theangacha móra an domhain, is léir gur teanga mhór litríochta agus filíochta í freisin. Is é an cur síos a thug duine d'fhilí móra na Brasaíle ar a theanga dhúchais ná bláth deireanach Latium, chomh fiáin, chomh hálainn.

Stór focal

Fuair an Phortaingéilis an chuid is mó dá stór focal ón Laidin, ar ndóigh, ach thairis sin, tá focal Araibise, Bascaise, Ceilteacha agus Gearmáinice (ó na Viseagotaigh) ann.

Ar ndóigh, cloistear a lán focal ó na teangacha bundúchasacha sa Bhrasaíl. Bhí an-trádáil ag na Portaingéalaigh sa Chian-Oirthear, tráth, agus ba ansin a d'fhoghlaim siad an focal Sínise chá, tae. (Le fírinne, is ionann chá agus "tae" mar fhocail, ach tháinig siad ó chanúintí difriúla Sínise.)

Sa Bhrasaíl, bhí an teanga bhundúchasach Nheengatulingua geral ("teanga ghinearálta") á labhairt go coitianta faoin tuath, fiú ag sliocht na nEorpach, agus is iomaí focal a tháinig ón teanga sin, go háirithe ainmneacha na n-ainmhithe, na n-éan agus na bplandaí. (Inniu, ní chloisfeá an lingua geral ach i gcorr-áit sa Bhrasaíl. Teanga Tupi-Guaraní í a bhfuil gaol aici le Guaráinis Pharagua.)

Gramadach

Is é an briathar an chuid is deacra de ghramadach na Portaingéilise, mar is dual do theanga Rómánsach.

Cá labhraítear Portaingéilis?

An Bhrasaíl

Is í Portaingéilis an t-aon teanga oifigiúil sa Bhrasaíl.

Angóla

Is teanga oifigiúil í an Phortaingéilis san Angóla.

Mósaimbíc

Is í an Phortaingéilis an t-aon teanga oifigiúil sa Mósaimbíc. Bhí eolas ar an bPortaingéilis ag 50̥% den daonra sa bhliain 2007 ach ó dhúchas ag 3% (1998).

An Fhrainc

Tá 650,000 duine de shíolrach na Portaingéile ina gcónaí ann.

São Tomé agus Príncipe

Is í Portaingéilis an teanga oifigiúil i São Tomé agus Príncipe. Tá 98% den daonra ábalta í a labhairt.

Tíortha eile

An Astráil

I 2001 bhí Portaingéilis ina theanga dhúchais ag 23,688 duine san Astráil.

Ceanada

I 2011 bhí Portaingéilis ina theanga dhúchais ag 211,335 duine i gCeanada ( 219,275 duine i 2006).

Guine Bissau

Is í Portaingéilis an teanga oifigiúil i bPoblacht Guine Bissau, ó dúchas ag 11-14% den daonra.

An Ghuine Mheánchiorclach

Is teanga oifigiúil í an Phortaingéilis sa Ghuine Mheánchiorclach chomh maith leis an Spáinnis agus an Fhraincis.

Macau

Is teanga oifigiúil í an Phortaingéilis i Macau, ag 0.6% den daonra.

An Namaib

Cé nach bhfuil an Phortaingéilis oifigiúil sa Namaib, measadh i 2011 go raibh sí ina theanga dhúchais ag timpeall 100,000 (4-5% den daonra).

S.A.M.

De réir American Community Survey 2006-2010 bhí an Phortaingéilis á labhairt ag 684,493 duine i S.A.M.. Bhí thart ar 26.5% (181,437) na cainteoirí ina gcónaí i Massachusetts.

Tíomór Thoir 

Teanga oifigiúil sa Tíomór Thoir. Measadh i 2012 go raibh 35% den daonra Tíomór Theas ábalta Portaingéilis a léamh, scríobh agus í a labhairt.

Tagairtí

Tags:

An Phortaingéilis Stór focalAn Phortaingéilis GramadachAn Phortaingéilis Cá labhraítear Portaingéilis?An Phortaingéilis TagairtíAn PhortaingéilisAn Phortaingéil

🔥 Trending searches on Wiki Gaeilge:

Carles Puigdemont17 MártaAntraipeolaíochtSefton ParkJoe Biden2002Liosta daoine as an mBreatain BheagForaois DeanEoin BaisteIntleacht shaorgaJames MadisonAn TasmáinIdirdhealú dearfachBaisleac PheadairAn ChúlógRoberto BenigniAilbhe Ó MonacháinIonradh na Rúise ar an ÚcráinCharleroiEoraipiamLloyd HoneyghanInis OírrAn tAigéan ArtachIacóbMireille MathieuBuirg Londan CamdenLomnochtachtLe CorbusierÉanna Ó CoinnighAn IndiaLeo VaradkarNeoiliteachAn AfraicArm na hÉireannBratachSeirbhís Póilíneachta Thuaisceart ÉireannAn Biúró Eorpach do Theangacha NeamhfhorleathanaÉire (Poblacht na hÉireann)CiclipéidKölnCál ceannannScannánaíochtS4CTairired na nDéssiCistUrumhainThomas D'Arcy McGeeFéachOghamMediaWikiRMS TitanicBreallAn IaráinChris HuggettContae LúAraicnidInbhir GhobhraidhReese WitherspoonAn RómáinEalaín FheidhmeachCré na nAspalJamie-Lee O'DonnellIvan DragoAn BhrasaílTalmhaíocht17 FeabhraLeanne WoodLeabharuimhir Chaighdeánach IdirnáisiúntaLitríochtPenn-ar-BedAn Bhreatnais🡆 More