I dtuaisceart Chúige Mumhan atá an Clár nó Contae an Chláir.
Tá teorainn aige le Contae na Gaillimhe ó thuaidh agus tá an tAigéan Atlantach ar an taobh thiar de. Tá Inbhear na Sionainne ar an dtaobh ó dheas, agus an tSionainn í féin agus Loch Dearg ar an taobh thoir.
Contae an Chláir | |||||
---|---|---|---|---|---|
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | Éire | ||||
Cúige Éireannach | Cúige Mumhan | ||||
Príomhchathair | Inis | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 117,096 (2011) | ||||
• Dlús | 33.94 hab./km² | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Achar dromchla | 3,450 km² | ||||
Ar theorainn le | |||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Comhlacht feidhmiúcháin | office of the Cathaoirleach of Clare County Council (en) | ||||
Comhlacht reachtach | comhlacht reachtach Chomhairle Contae an Chláir | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Cód ISO 3166-2 | IE-CE | ||||
Cód NUTS | CE | ||||
Eile | |||||
Logainm.ie | 100009 | ||||
Suíomh gréasáin | clare.ie |
Is í Inis an t-aon bhaile mór atá sa chontae. Tá Aerfort na Sionainne tuairim is 20 km siar uaidh. Tá an t-aerfort an-tábhachtach do mhuintir na háite agus d'iarthar na hÉire ar fad - tá sé níos éasca ar thurasóirí cuairt a thabhairt ar iarthar na tíre, agus d'imircigh ón iarthar cuairt a thabhairt abhaile. Tá eastát tionsclaíochta an-tábhachtach in aice leis an Aerfort chomh maith, i mbaile na Sionainne, baile nua a cruthaíodh thart ar daichead bliain ó shin.
Tá cáil ar an gcontae, leis, mar ionad don cheol traidisiúnta Gaelach. Gar do Inis atá an Tulach, agus is ann atá an grúpa ceoil cáiliúil 'Banna Céilí na Tulaigh'.
Tá tuaisceart an chontae clochach go maith, agus tugtar carst ar an sórt seo tíre, le leacacha móra d'aolchloch, pluaiseanna, agus blátha idir na craige nach bhfásann mórán sa chuid eile den tír. An Bhoireann a thugtar ar an gceantar sin, agus tá an sórt leagain amach céanna, nach mór, in oileáin Árann atá thiar uaidh thar farraige.
Tá cáil ar aillte an Mhothair leis, na haillte is airde sa tír, mar gheall ar na radharcanna breá amach ar chuan na Gaillimhe agus ar oileáin Árann uathu. Tá titim caol díreach síos uathu go farraige.
Tá roinnt talún maith i ndeisceart agus in oirthear an chontae ar bhruach na Sionainne.
Sa daonáireamh deireanach(2011), bhí 53,853(48.1%) duine i gcontae an Chláir in ann Gaoluinn a labhairt, agus labhair 2,052(1.8%) duine Gaoluinn go laethúil lasmuigh don chóras oideachais. Labhair 10,711 duine sa chontae teanga eile seachas Gaoluinn nó Béarla sa bhaile. Ba í an Pholainnis an teanga ba chomónta de na teangacha seo agus 2,644(2.4%) cainteoirí ann.
Is baile measartha gnóthach í Inis le roinnt blianta anuas. Bíonn trácht as Gaillimh go hAerfort na Sionainne ag dul tríd agus mealltar roinnt turasóireacht ghinearálta freisin. Is ann freisin, a thionóltar ceann de na Fleánna Ceoil is mó na tír. Tá tránna breá i Leath Inse, i gCill Chaoi agus in áiteanna eile. Tá cáil idirnáisiúnta ar Leath Inse, freisin, mar láthair ghailf. Is áit mhór shaoire, freisin, Lios Dúin Bhearna, agus bhain go leor de cheoltóirí móra traidisiúnta na tíre a gcáil amach ann. Is ann, freisin, a bhíonn féile 'chuile bhliain do bhaitsiléirí, timpeall an ama a bhíonn deireadh leis an bhfómhar. Feirmeoirí is mó a bhíodh ag dul ann, ach tagann go leor eile idir óg agus aosta anois.
Ón gcontae seo a tháinig Brian Bóirmhe, an ceannaire Gaelach a chloígh na Lochlannaigh i gCath Chluain Tarbh. B'as oirthear an Chláir Brian Mac Giolla Meidhre, údar Chuairt an Mheán Oíche, a thosaíonn le cur síos ar áit a bhí gar dá chroí, Loch Gréine. Ba sa chontae seo a tógadh Eamon de Valera, a bhí páirteach i gCogadh na Saoirse, agus a bhí ina uachtarán agus ina Thaoiseach ar Éire.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Contae an Chláir, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.