Is é ceann stáit na hÉireann an tUachtarán.
Bunaíodh an post seo le Bunreacht na bliana 1937 nuair a cuireadh post an Ghobharnóra, a bhí ina ionadaí ag Rí Shasana in Éirinn agus í ina ballstát de Chomhlathas na Breataine, ar ceal.
| |||||
Sealbhóir | Mícheál D. Ó hUiginn ó 11 Samhain 2011 | ||||
---|---|---|---|---|---|
Cónaithe | Áras an Uachtaráin | ||||
Dlínse | Éire | ||||
Stáit | Éire | ||||
Sainordú | 7 bliain | ||||
Cruthú | 25 Meitheamh 1938 | ||||
Suíomh | president.ie… |
Is beag cumhachta atá ag an Uachtarán i ndáiríre ach amháin i gcás go bhfuil amhras air nó uirthi faoi dhlíthe a reachtaíonn an Dáil. Is é Mícheál D. Ó hUiginn an tUachtarán reatha.
De réir Airteagal 12 de Bhunreacht na hÉireann tá tosach ag an Uachtarán ar gach uile dhuine sa Stát, 'agus ní foláir dó na cumhachtaí agus na feidhmeanna a bheirtear don Uachtarán leis an mBunreacht seo agus le dlí a oibriú agus a chomhlíonadh'. Toghthar an tUachtarán trí vóta díreach an phobail ar mhodh an Aonvóta Inaistrithe agus ceart ag gach saoránach de chuid na hÉireann vótáil sa toghchán. Tréimhse seacht mbliana a chaitheann Uachtarán in oifig, agus is féidir é a atoghadh ar feadh tréimhse amháin eile de sheacht mbliana. Cónaíonn an tUachtarán in Áras an Uachtaráin i bPáirc an Fhíonuisce, Baile Átha Cliath.
Is é an tUachtarán a cheapann an Taoiseach (Príomh-Aire) agus baill eile an Rialtais de réir molta nó ainmnithe ó Dháil Éireann. Is é chomh maith a achtaíonn gach dlí de chuid an Oireachtais agus atá in ardcheannas ar na Fórsaí Cosanta. Chaith Eamon de Valera, Seán T. Ó Ceallaigh agus Pádraig Ó hIrighile dhá thréimhse san Áras agus chaith Máire Mhic Ghiolla Íosa dhá thréimhse ann leis.
I gcás go mbíonn an tUachtarán as láthair, ar míthreoir, éagtha, éirithe as oifig nó curtha as oifig nó má theipeann air feidhmeanna a oifige a chomhlíonadh, déantar foráil sa Bhunreacht go ndéanfaidh Coimisiún cumhachtaí agus feidhmeanna an Uachtaráin a chomhlíonadh.
I measc cumhachtaí an Uachtaráin tá:
Ba é Dubhghlas de hÍde, a toghadh gan iomaíocht, an chéad Uachtarán i 1938.
Uimhir | Ainm | Pictiúr | In oifig | As oifig | Páirtí |
---|---|---|---|---|---|
1. | Dubhghlas de hÍde | 25 Meitheamh, 1938 | 24 Meitheamh, 1945 | Ainmniúchán uile-pháirti | |
2. | Seán T. Ó Ceallaigh | 25 Meitheamh, 1945 | 24 Meitheamh, 1959 | Fianna Fáil | |
3. | Éamon de Valera | 25 Meitheamh, 1959 | 24 Meitheamh, 1973 | Fianna Fáil | |
4. | Erskine H. Childers | 24 Meitheamh, 1973 | 17 Samhain, 1974 | Fianna Fáil | |
5. | Cearbhall Ó Dálaigh | 19 Nollaig, 1974 | 22 Deireadh Fómhair, 1976 | Fianna Fáil | |
6. | Pádraig Ó hIrighile | 3 Nollaig, 1976 | 2 Nollaig, 1990 | Fianna Fáil | |
7. | Máire Mhic Róibín | 3 Nollaig, 1990 | 12 Meán Fómhair, 1997 | Lucht Oibre | |
8. | Máire Mhic Giolla Íosa | 10 Samhain, 1997 | 10 Samhain, 2011 | Fianna Fáil / Neamhspleách | |
9. | Mícheál D. Ó hUiginn | 11 Samhain, 2011 | in oifig fós | Lucht Oibre / Neamhspleách |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Uachtarán na hÉireann, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.