Spéirling

Stoirm ollmhór ghaoithe agus bháistí is ea spéirling, nó stoirm nó cuaranfa trópaiceach, nó tíofún srl, go minic millteach, a tharlaíonn mar chuilithe ag déanamh bíse mórthimpeall ar chóras brú ísil.

Físeán: Hurricane Irma 2017 (NOAA NWS Weather Prediction Cente)
Spéirling
Físeán: NASA 360

Tréithe

Físeán: sábháilteacht

Tosaíonn spéirlingí mar stoirmeacha beaga, os cionn farraigí teo, sna tropaicí. Is minic nach mbíonn na gaotha láidir ag an bpointe seo. Tosaíonn spéirlingí os cionn uisce te (os cionn 26°), de ghnáth idir Mí na Bealtaine is Deireadh Fómhair, agus gluaiseann siar nó siar ó thuaidh sa leathsféar thuaidh, siar nó siar ó dheas sa leathsféar theas, agus cailleann fuinneamh nuair a thagann i dtír. Casann an spéirling tuathal má tá sí ar an taobh ó thuaidh den mheánchiorcal agus casann sí deiseal má tá sí ó dheas de.

Nuair a ghluaiseann an spéirling trasna an aigéin, súnn sí fuinneamh ón aer teolaí, méadaíonn ar a luas agus éiríonn sí níos láidre. Casann sí timpeall agus timpeall uirthi féin agus maireann sí ar feadh cúpla uair an chloig ar a laghad, agus i bhfad níos mó go minic. Bailíonn spéirling na billiúin tonna galuisce ón bhfarraige agus déanann sí scamaill mhóra as seo

Bíonn luasanna na ngaoth an-ard inti (os cionn 130 km u-1 nó i bhfad níos mó agus ≥ 14 ar an scála Beaufort), ach i lár na bíse (croí na stoirme) bíonn an aimsir ciúin.

Úsáideann meiteáreolaithe Scála Saffir-Simpson chun spéirlingí a thomhas.

  • Rang 1 ar Scála Saffir-Simpson ː Luas na Gaoithe (ksu): 119-153. Comharthaí: Craobhacha agus crainn briste. Comharthaí lúbtha nó briste. Báid stroicthe dá múráil.
  • Rang 2 ar Scála Saffir-Simpson ː Luas na Gaoithe (ksu): 154-177 Comharthaí: Crainn sractha as an talamh / leagtha. Roinnt damáiste do dhoirse, d'fhuinneoga agus do dhíonta.
  • Rang 3 ar Scála Saffir-Simpson ː Luas na Gaoithe (ksu): 178-209. Comharthaí: Damáiste do chrainn, do dhoirse, d'fhuinneoga agus do dhíonta. Tithe beaga cois cósta scriosta. Seans maith go dteipfidh ar an gcóras cumhachta.
  • Rang 4 ar Scála Saffir-Simpson ː Luas na Gaoithe (ksu): 210-249. Comharthaí: Na comharthaí ar fad leagtha. An-damáiste do thithe. Tránna millte. Tuilte i ngach áit. Smionagar (debris) dainséarach ar iompar ag an ngaoth.
  • Rang 5 ar Scála Saffir-Simpson ː Luas na Gaoithe (ksu): 250+. Comharthaí: An-chuid foirgneamh scriosta go hiomlán. Tithe iompaithe bun os cionn nó imithe le gaoth. Tuilte móra cois cósta.
Spéirling 
samhaltú

De réir mar a fhásann spéirlingí agus mar a ghluaiseann siad, éiríonn siad níos láidre agus níos tapúla. Bíonn na gaotha ag dul timpeall i gciorcail ach bíonn áit chiúin shocair i lár an chiorcail sin agus tugaimid croí na stoirme uirthi. Bíonn luas agus láidreacht na spéirlinge ag méadú i gcónaí. Cruthaíonn sí scamaill mhóra thoirniúla. Uaireanta, bíonn an córas iomlán 800km ar leithead (i gcomparáid, 486km an fad atá idir cósta thuaidh na hÉireann agus an cósta theas).

Damáiste

Is í an spéirling an stoirm is láidre ar domhan, agus maraíonn spéirlingí na céadta daoine, nó níos mó, gach bliain. Is é an t-uisce is cúis le formhór an damáiste a dhéanann spéirling. Bíonn báisteach throm i gceist, ach chomh maith leis sin, éiríonn tonnta móra millteacha aníos as an aigéan - tugaimid borradh stoirme orthu seo. Bíonn na tonnta seo suas le 15m ar airde.

Nuair a thagann an spéirling isteach in aice na talún, méadaíonn an borradh stoirme agus réabann sé dumhaigh, ballaí agus bacáin eile. Nuair a bhíonn an spéirling ag taisteal trasna na tíre, bíonn gaotha fíochmhara agus báisteach throm ag bascadh an cheantair ar feadh cúpla uair an chloig. Cailleann an spéirling a cuid cumhachta go tapa, de réir mar a théann sí isteach faoin tír.

Beartais cosanta

Má tá rabhadh luath ann faoi spéirling ní mharóidh sí mórán daoine. Ní féidir spéirling a stopadh, ach tá eolaithe ábalta a haistear a rianú trasna an aigéin. Is mór an chabhair í an nua- theicneolaíocht chun gníomhaíochtaí na spéirlinge a thuar.

Is iomaí bealach atá againn le heolas ar an aimsir a bhailiú, mar shampla, satailítí agus aerárthaigh. Bailíonn satailítí aimsire eolas, de lá agus d'oíche, faoi theocht agus faoi phátrúin na scamall. Taifeadann siad an t-eolas seo agus seolann siad ar ais chuig an domhan é.

Bíonn aeráthaigh aimsire ag eitilt i lár stoirme chun eolas a bhailiú. Uaireanta, bíonn uirlisí faoi sciatháin na n-aerárthach seo agus tomhaiseann siad teocht, brú agus luas na gaoithe. Bíonn 'srón' an-fhada ar aerárthaigh eile toisc go mbíonn uirlisí áirithe sa tsrón. Tomhaiseann na heitleáin seo láidreacht, luas agus treo na gaoithe.

Bíonn eolaithe aimsire, nó meitéareolaithe, ar bord na n-árthach seo agus déanann siad staidéar ar na torthaí, sa chaoi gur féidir leo a rá cad a tharlóidh don stoirm. Má tá seans ann go mbuailfidh an spéirling faoi cheann 24 nó 36 uair an chloig, eisíonn siad rabhadh darbh ainm 'Faire'.

Is féidir rabhadh a chur amach i bhfad níos luaithe na laethanta seo. Dá bhrí sin, tagann i bhfad níos mó daoine slán ná a tháinig fadó.

Téamh domhanda

Tharla 10 spéirling, nó mar sin, gach bliain sa Mhurascaill sna 1990idí. Measann roinnt eolaithe anois go méadóidh an uimhir sin agus an téamh domhanda buailte linn.

Ainmneacha

Seans gur tháinig an focal Béarla 'hurricane' ó fhocal de chuid na Meiriceánach Dúchasach, Huracan, a raibh an chiall 'droch-spiorad na gaoithe' leis.

  • Tugtar tíofún ar spéirling in iarthuaisceart an Aigéin Chiúin.
  • Tugtar cioclón agus cuaranfa ar spéirling i mBá na Beangáile.
  • Tugtar 'willy willies' orthu san Astráil,

Gach bliain ainmnítear na spéirlingí le hainmneacha in ord aibítreach (ach litreacha tearca mar Q is X a fhágáil ar lár) chun míthuiscint a sheachaint nuair a bhíonn níos mó ná ceann amháin ann ag an am céanna.

Úsáidtear ainmneacha difriúla san Atlantach, oirthear an Aigéin Chiúin, agus lár an Aigéin Chiúin.

Spéirling 
1970: Oileán Patuakhali, tréad bó scriosta agus Cioclón Bhola saBhanglaidéis. Maraíodh 300,000 ar a laghad

Stair

Fadó, nuair a bhuail spéirling tír ar lá féile naoimh thug na daoine ainm an naoimh sin ar an spéirling. Mar shampla, bhuail Spéirling San Felipe Oileán Puerto Rico ar an 13ú Meán Fómhair 1876. Ag tús an 19ú céad, chuir meitéareolaí Astráileach tús le hainmniú stoirmeacha trópaiceacha. Sa bhliain 1979, chuir Meiriceá tús le húsáid ainmneacha fear agus ban le haghaidh stoirmeacha. Tá 6 liosta d'ainmneacha ann agus tá 21 ainm i ngach liosta díobh. Tosaíonn gach ainm le litir éagsúil ón aibítir. Úsáideann siad liosta uair amháin i ngach tréimhse 6 bliana. Má dhéanann spéirling áirithe damáiste damanta, baineann siad an t-ainm sin den liosta agus cuireann ainm nua ina áit.

Ar 12 Samhain 1970, bhuail Cioclón Bhola an Bhanglaidéis, cioclón fíordhíobhálach. Maraíodh 300,000 ar a laghad, 500,000 b'fhéidir.

Féach freisin

Tagairtí

Tags:

Spéirling TréitheSpéirling AinmneachaSpéirling StairSpéirling Féach freisinSpéirling TagairtíSpéirlingCuilithe

🔥 Trending searches on Wiki Gaeilge:

Grindr, Saghdar, agus CherUSENETCharles Villiers StanfordNo Line on the HorizonÉire agus an Bhreatain Mhór13 Meitheamh1998 sa scannánCléópátraGood Girl Gone BadCiclipéidBreall10ú céadAn ChróitCosRíomhaireachtAn FhionlainnTeach solaisAn FhraincisPápa ProinsiasThomas KilroyPyotr KropotkinEachtra imirceach San Antonio, 2022Coinín1 (uimhir)APsychidaeBoeing1980 sa scannánBanc Angla-ÉireannachXenophon911Ealaín FheidhmeachAn AstráilDefinitely MaybeRobin WilliamsRúnscríobhPalermoUisceadán Londan27 LúnasaCanterburyBurt BacharachNua-Eabhrac (cathair)Claude ShannonLacha mhandrachTíotán (gealach)CúbaSteallaireNicolás MaduroGoogleVíolMont-Saint-Michel2021 sa spórtAn tSeoirsiaPaincréasAndy WarholAn TéalainnDonostia-San SebastiánRíocht na FrainceDealbhóireacht15 FeabhraIonad aclaíochtaHarry Potter agus Ord an FhéinicsBaictéirScannánaíochtFearghas mac LéiteAiko, An Banphrionsa ToshiBrabhsálaí GréasáinRio de JaneiroCath Hastings1965Mairtíreach🡆 More