Stráice talún sa Mheánoirthear is ea Stráice Gaza (Araibis: قطاع غزة Qiṭɑʿ Ġazza/Qita' Ghazzah, Eabhrais: רצועת עזה Retzu'at 'Azza), atá suite ar chósta na Meánmhara idir Iosrael agus an Éigipt.
Stráice Gaza | |||||
---|---|---|---|---|---|
Ainmnithe in ómós | Cathair Gaza | ||||
Suíomh | |||||
Críoch á éileamh ag | Iosrael | ||||
Príomhchathair | Cathair Gaza | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 2,098,389 (2023) | ||||
• Dlús | 5,749.01 hab./km² | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | na Críocha Palaistíneacha | ||||
Achar dromchla | 365 km² | ||||
Pointe is airde | Abu Auda (en) (105 m) | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Cruthú | 1949 | ||||
Eachtra thábhachtach | Israeli disengagement from Gaza (en) Battle of Gaza (2007) (en) Fatah–Hamas conflict (en) Gaza War (en) Gaza flotilla raid (en) Operation Pillar of Defense (en) Coimhlint Iosrael–Gaza 2014 Operation Guardian of the Walls (en) Géarchéim Iosrael-Palaistín, 2022 Agóidí Gaza-Iosrael, 2018-2019 Cogadht Iosrael-Hamas | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
• Ceannaire an rialtais | Mahmoud Abbas (en) Ismail Haniyeh (en) | ||||
Eacnamaíocht | |||||
Airgeadra | seiceal nua | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Glaochód | +970 |
Tagann an t-ainm ó chathair Gaza. Níl cuan ar bith ag an Stráice.
Tá barr ar dhá mhilliún duine ina gcónaí i nGaza agus a mbunáite i gcruatan leis na blianta marbha mar gheall ar easpa saorghluaiseachta agus mírialú, gan trácht ar fhoréigean.
Mhill arm Iosrael an rúidbhealach in Aerfort Idirnáisiúnta Iasar Arafat le buamaí i 2000.
Is lú ná fríd máthair an oilc, deirtear. Ar an 12 Meitheamh 2014, fuadaíodh agus dúnmharaíodh triúr déagóirí Iosraelacha i Heabrón (is in Heabrón atá an choilíneacht mhíchlúiteach Kiryat Arba). Mhúscail an drochscéal seo conspóid agus thionscain sé ráig foréigin. Chuir Iosrael tús le feachtas ionsaí ar stráice Ghaza ar 8 Lúnasa. Stop na hionsaithe ar 26 Lúnasa 2014. Maraíodh 2,100̟ Palaistíneach ar taobh amháin agus ar an taobh eile, 68 Iosraelach.
Tharla go leor ó shin ... Agóidí Gaza-Iosrael, 2018-2019, Géarchéim Iosrael-Palaistín, 2021, Géarchéim Iosrael-Palaistín, 2022, Coimhlint Iosrael-Hamas, 2023 ...
Is é Hamas an t-aon pháirtí amháin atá i gceannas ar shaol polaitíochta na háite faoi láthair.
Sa bhliain 2008 coinneáladh Naisrín Elsafty agus Treasa Ní Cheannabháin tamall i nGaza tar éis dóibh éalú thar teorainn isteach ón Éigipt le hairgead a bailíodh in Éirinn do theaghlaigh Phalaistíneacha.
Vótáil an Dáil ar 10 Nollaig 2014 ar son rún ó Shinn Féin le haitheantas mar stát a thabhairt don Phalaistín. Tugadh aitheantas sa rún freisin do cheart mhuintir na Palaistíne a dtodhchaí féin a roghnú. Dá bharr, d'éirigh Éire an 135ú tír a thug aitheantas mar stát don Phalaistín.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Stráice Gaza, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.