Rinne na míleataigh Ioslamacha Hamas ionsaí mór, gan choinne, ar Iosrael ar 7 Deireadh Fómhair 2023.
Mar fhrithbheart, d’fhógair rialtas Iosrael cogadh ar Hamas, agus léigear iomlán ar Stráice Gaza. Ar 28 Deireadh Fómhair, rinne Iosrael ionradh talún ar Gaza. Ní raibh meas ná aird ag Iosrael ar an mbeatha, agus neamhshuim iomlán den dlí idirnáisiúnta, rud a tharraing conspóid. Faoi dheireadh Nollaig 2023 bhí 70% de thithe Gaza scriosta ag buamaí Iosrael.
As Eabhrais, tugtar תגובות בין-לאומיות למלחמת חרבות ברזל ar "Cogadh Iosrael-Gaza" nó "Cogadh na gclaimhte gan trua gan taise", agus fonn mallaithe díoltais ar Rialtas na hIosrael, rialtas i bhfad amach ar an eite dheis, agus rinne na Náisiúin Aontaithe cáineadh géar ar gach taobh.
Ar 7 Deireadh Fómhair, cuireadh tús leis an aighneas nuair a chuaigh míleataigh armtha de chuid Hamas trasna na teorainn as Gaza agus déanadh ionsaí gan choinne ar Iosraelaigh. Thug lucht Hamas 'Oibríocht Dhíle d'al-Aqsa' (en arabe : عملية طوفان الأقصى, ʿamaliyyat ṭūfān al-ʾAqṣā) air. Mharaigh Hamas thart ar mhíle dhá chéad duine in Iosrael, páistí agus seandaoine ina measc. Maraíodh níos mó ná dhá chéad seasca duine óg a bhí ag freastal ar fhéile cheoil.
Dúirt 'Fórsaí Cosanta Iosrael' gur mharaigh siad níos mó ná míle cúig chéad de na míleataigh Hamas san ionsaí.
Thosaigh arm Iosrael ag bailiú taobh amuigh d'halla teorann Gaza ar 8 Deireadh Fómhair, agus iad ag fáil réidh le hionsaí talún. Ar 9 Deireadh Fómhair, bhí ordú tugtha ag Aire Cosanta Iosrael Yoav Gallant go ndéanfaí léigear iomlán ar Stráice Gaza. Ghearr siad soláthar de bhia, uisce, leictreachas, leigheas, agus gach ní eile, mar chuid den léigear.
Bhí ná mílte Palaistíneach maraithe taobh istigh de Gaza sna hionsaithe millteacha a rinne fórsaí Iosrael agus eachtraithe eile, mar shampla, pléasc in Ospidéal Al-Ahli, Gaza agus ruathair aeir ar champa teifeach Jabalia.
Dúirt na Náisiúin Aontaithe arís is arís go raibh beatha leanaí in Gaza i mbaol de dheasca an díhiodráitithe, srl.
Ar an 28 Deireadh Fómhair, thosaigh ionradh Iosrael ar Gaza i ndáiríre.
Dar le Roinn Sláinte Gaza, bhí breis agus 30,000 Palaistíneach maraithe idir Deireadh Fómhair - Feabhra 2024. Bhí Stráice Gaza faoi léigear le linn an ama seo agus tharla gorta.
Dúirt na Náisiúin Aontaithe i mí na Samhna 2023 go bhfuair timpeall 5,400 daoine bás san iomlán i ngach coimhlint eile a bhí idir Iosrael agus Hamas ó bhí 2007 ann (am nuair a tháinig Hamas i gcumhacht in Gaza) agus an feachtas buamála is faide de chuid Iosrael.
Stair
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Cogadh Iosrael-Gaza, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.