Is stát de jure sa Mheán-Oirthear é an Phalaistín (Araibis: دولة فلسطين Dawlat Filasṭīn) .
Dhearbhaigh Eagraíocht Shaoirse na Palaistíne a neamhspleáchas ar an 15 Samhain 1988 i gCathair na hAilgéire.
Stát na Palaistíne | |||||
---|---|---|---|---|---|
دولة فلسطين (ar) | |||||
| |||||
Aintiún | Fida'i | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Príomhchathair | Iarúsailéim agus Ramallah | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 5,227,193 (2021) | ||||
• Dlús | 868.3 hab./km² | ||||
Teanga oifigiúil | an Araibis | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | An Meánoirthear Iarthar na hÁise Israeli-occupied territories (en) | ||||
Achar dromchla | 6,020 km² | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | Údarás Náisiúnta na Palaistíne | ||||
Bunaitheoir(í) | Eagraíocht Shaoirse na Palaistíne | ||||
Cruthú | 15 Samhain 1988: (Forógra Saoirse na Palaistíne) | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Comhlacht feidhmiúcháin | Údarás Náisiúnta na Palaistíne | ||||
Comhlacht reachtach | Palestinian Legislative Council (en) | ||||
• President of the State of Palestine (en) | Mahmoud Abbas (en) | ||||
• Príomh-Aire Stát na Palaistíne | Mohammad Shtayyeh (en) (2019–) | ||||
Údarás breithiúnach is airde | Comhairle Uachtarach Bhreithiúnach na Palaistíne | ||||
Eacnamaíocht | |||||
OTI ainmniúil | 18,109,000,000 $ (2021) | ||||
Airgeadra | dinar na hIordáine | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Fearann Idirlín barrleibhéil | .ps | ||||
Glaochód | +970 | ||||
Cód tíre | PS |
'Cosantóireacht' ab ea an Phalaistín, faoi smacht na Breataine ón 1920 ar aghaidh. Ach ar 2 Samhain 1917 fógraíodh an "Balfour Declaration": Tugadh ''Sainordú na Breataine sa Phalaistín' ar an tír san am sin.
Bhí claonadh ann i bhfabhar na nGiúdach. D'fhógair Rúnaí Gnóthaí Eachtracha na Breataine, Arthur Balfour, go mbunófaí stát Giúdach sa Phalaistín fiú.
Sna blianta 1945-1947, tháinig méadú ar inimirce na nGiúdach go dtí an Phalaistín, agus bhí go leor conspóide faoin inimirce sin. Bhí feachtas sceimhlitheoireachta, nó treallchogaíocht, ar siúl sna 1940idí. Bhí na Giúdaigh ag iarraidh críochdheighilt a chur i bhfeidhm agus stát Giúdach a bhunú.
I dtús 1947, d'fhógair Ernest Bevin (Aire Gnóthaí Eachtracha na Breataine) go mbeadh an Ríocht Aontaithe tarraing amach na trúpaí Briotanacha sa Phalaistín. I mí Feabhra 1947, sheol Bevin an fhadhb (críochdheighilt na Palaistíne) chun na Náisiúin Aontaithe.
Ar an 29 Samhain 1947, ghlac na Náisiún Aontaithe le Rún 181(II) maidir le críochdheighilt na Palaistíne. Ach níor ghlac na hArabaigh sa Phalaistín agus sa Mheán-Oirthear le réiteach na Náisiún Aontaithe. Bhris cogadh cathartha amach go gairid ina dhiaidh.
Ar an 14 Bealtaine 1948, tháinig deireadh le húdarás na Breataine an Phalaistín a rialú agus tháinig Stát Iosrael ar an saol. Thosaigh an Cogadh Arab-Iosraelach (1948) an lá dár gcionn.
Is tír sa Leibheaint í an Phalaistín.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Stát na Palaistíne, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.