Is éard atá i gceist leis an bpriontaíocht ná saothair ealaíne a chruthú trí phriontáil, de ghnáth ar pháipéar, ach freisin ar fhabraic, adhmad, miotal, agus dromchlaí eile.
Sa phriontaíocht thraidisiúnta, cruthaítear priontaí de láimh, gan leas a bhaint as atáirgeadh grianghrafadóireachta ná printéirí leictreonacha.
Cruthaítear priontaí trí dúch a aistriú ó “mhaitrís” go leathanach páipéir nó ábhar eile. Braitheann cineál na maitríse ar an teicníc priontála atá i gceist. Sa ghreanadóireacht agus san eitseáil, úsáidtear pláta miotail; sa liteagrafaíocht, úsáidtear cloch, alúmanam, nó polaiméir; sa ghearradh líonóile, úsáidtear líonóil; agus sa ghreanadóireacht adhmaid, blocanna adhmaid. Úsáidtear scáileáin déanta as síoda nó fabraicí sintéiseacha don phróiseas scagphriontála.
Ach amháin i gcás an aonchló, is féidir le haon phróiseas priontaíochta go leor leaganacha den saothar ealaíne céanna a tháirgeadh; ar a dtugtar “priontaí”. Breathnaítear ar gach prionta mar “bhunsaothar” ealaíne, agus tugtar “imprisean” air, seachas “cóip”, toisc go bhféadfadh difríocht sách mór a bheith ann idir imprisin, d'aon ghnó nó trí thimpiste. Tugtar “prionta atáirgthe” ar phrionta ar cóip de shaothar ealaíne eile é, go háirithe saothar péintéireachta.
Tugtar “eagrán” ar na himprisin a dhéantar ón mhaitrís chéanna. Ó dheireadh an 19ú haois, is gnách go síníonn ealaíontóir na himprisin aonair in eagrán, agus cuirtear uimhreacha orthu chun eagrán teoranta a chruthú. Ansin, scriostar an mhaitrís ionas nach féidir tuilleadh priontaí a tháirgeadh uaithi. Is féidir priontaí a phriontáil i leabhair mhaisithe nó i leabhar ealaíne freisin.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Priontaíocht, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.