Géarchéim Iosrael-Palaistín, 2022

Thosaigh géarchéim Iosrael-Palaistín, 2022 ar 3 Lúnasa 2022 nuair a rinne Iosrael ionsaí réamhchoisctheach ar Jiohád Ioslamach na Palaistíne (an PIJ).

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtGéarchéim Iosrael-Palaistín, 2022
Íomhá
Cineáloibríocht mhíleata Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deGaza–Israel conflict (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse5 - 7 Lúnasa 2022
Dáta na blianaLúnasa 2022 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhStráice Gaza Cuir in eagar ar Wikidata
TírStát na Palaistíne agus Iosrael Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí
SpriocTayseer Jabari (en) Aistrigh agus Palestinian Islamic Jihad (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Meán cumarsáide

Imeachtaí

Ar' 2 Lúnasa 2022, gabhadh Bassam al-Saadi, ceannaire áitiúil de chuid an PIJ, i Jenin,

Trí lá níos déanaí, ar 5 Lúnasa, bhí sé fógartha ag an Aire Cosanta Benny Gantz ar Jiohád Ioslamach go raibh "a ré caite." Mar sin, bhí leid tugtha ag Rialtas Iosrael go rabhthas ar shéala fogha a thabhairt faoi Ghaza.

píolóta ag déanamh a chás mar chosaint
ullmhúcháin

I ngníomh' réamhchoisctheach' eile, maraíodh Tayseer al-Jabari, ball sinsearach den ghrúpa PIJ, de bharr ruathar na nIosraelach. Scaoileadh diúracáin ó scairdeitleáin le bloc árasán i gCathair Ghaza. Dúirt an IDF go raibh Tayseer freagrach as iliomad ionsaithe sceimhlitheoireachta ar shibhialtaigh Iosraelacha. Rinneach damáiste comhthaobhach. Maraíodh seachtar ar a laghad, cailín Palaistíneach cúig bliana ina measc. Feallmharaíodh Tisir Jabari, ceannaire eile in ionsaí eile.

Géarchéim Iosrael-Palaistín, 2022
dianghlasáil in Gaza

Mar fhreagra, scaoil Jiohád Ioslamach na céadta roicéad le lonnaíochtaí in Iosrael. Níor maraíodh éinne.

Bhí srianta le cois curtha ag na hIosraelaigh ar mhuintir Ghaza. Ní raibh cead ag daoine breoite a bhfuil coinní ospidéal acu ná daoine a bhfuil pasanna oibre acu an iamhchríoch a fhágáil. Bhí cosc freisin ar bhreosla a thabhairt isteach ann. Bhí an t-aon ionad ginte cumhachta i nGaza díomhaoin de cheal breosla ar 6 Lúnasa.

Rinneadh na hÉigiptigh eadráin idir na hIosraelaigh agus Jiohád Ioslamach. Ar 7 Lúnasa, cuireadh i ngníomh sos comhraic idir iad agus Jiohád Ioslamach na Palaistíne. An lá dár gcionn, ligeadh leoraithe lán breosla isteach i ndeisceart Ghaza.

Iarmhairtí

Dúirt na húdaráis i nGaza gur maraiodh 44 duine - cúig pháiste dhéag ina measc - agus gur donaíodh 360 de bharr ionsaithe buamála na nIosraelach ar an limistéar Palaistíneach idir 5-7 Lúnasa.

Ionsaithe eile

Bhí ruathair á dtabhairt mórán gach uile lá ag na hIosraelaigh faoin mBruach Thiar idir Máirt-Lúnasas agus iad ag féachaint le baill den eagraíocht mhíleata Jiohád Ioslamach na Palaistíne a ghabháil nó a mharú.

Ar 9 Lúnasa, mharaigh na na hIosraelaigh beirt bhall den eagraíocht mhíleata dá ngairtear Briogáid Mhairtírigh Al-Aqsa i dteach sa chathair Nablus ar an mBruach Thiar sna críocha Palaistíneacha; bhí duine de cheannasaithe na heagraíochta Ibrahim al-Nabulsi ar dhuine acu. In iomlán, maraíodh triúr (nó níos mór) agus gortaíodh breis is 70 duine nuair a thug fórsaí Iosrael ruathar faoi Nablus.

Chaith ógánaigh Phalaistíneach clocha le saighdiúirí Iosrael le súil eang a chur sa roth acu, mar is iondúil (dála chás an leoin agus na luiche)

Féach freisin

Naisc sheachtracha

Tagairtí

Tags:

Géarchéim Iosrael-Palaistín, 2022 ImeachtaíGéarchéim Iosrael-Palaistín, 2022 IarmhairtíGéarchéim Iosrael-Palaistín, 2022 Ionsaithe eileGéarchéim Iosrael-Palaistín, 2022 Féach freisinGéarchéim Iosrael-Palaistín, 2022 Naisc sheachtrachaGéarchéim Iosrael-Palaistín, 2022 TagairtíGéarchéim Iosrael-Palaistín, 20222022Iosrael

🔥 Trending searches on Wiki Gaeilge:

June CrespoGaiméitMcLarenKylie MinogueEdward WoodwardDlíPápa Eoin Pól IStephen HawkingGaiscíochSan Mateo, CaliforniaGaeilge MhanannMuintir na hÉireannInnealtóireacht bhogearraíBarry HumphriesOspidéalAntonio BanderasContaetha in MissouriSuíomh Oidhreachta DomhandaÉiceolaíochtVivien Leigh1740Luas (tram)Steve PrefontaineCoille ChalltainnNicolás AlmagroBrazzavilleCaisleán CheatharlachMarcus Mac ConghailSimon HarrisCráin dhubhSamhail BohrBordeauxReicteamVientianeHidrigincharbónáitAdam CarollaChris ByrdJohn PrescottAn FhraincIarthuaisceart-Lár na Tíre (toghcheantar na hEorpa)Clive JamesWoodrow WilsonMeasán catachBruce LeeAn tAontas SóivéadachElon MuskErik SatieMediaWikiThe Onion RouterTeangacha CeilteachaGnóTracy BrabinLeann dubhAn PhacastáinRialtasAn DanmhairgMarcus DalyOró Sé do Bheatha 'BhaileContaetha ShasanaAn tÍliadFáinneCàirinisDoire2024DolmainPinseanContaetha na hÉireannTeileafón610íADietrich BonhoefferComhriachtainBlazin' in BeaulyMesse ocus Pangur BánBláthola1🡆 More