Tharla pléasc in Ospidéal Al-Ahli i gCathair Gaza ar 17 Deireadh Fómhair 2023, le linn Cogadh Iosrael - Gaza.
| ||||
Cineál | pléascadh mass killing (en) friendly fire (en) aerionsaí | |||
---|---|---|---|---|
Cuid de | Israeli attacks on health facilities during the 2023 Israel–Hamas war (en) | |||
Dáta na bliana | 17 Deireadh Fómhair 2023 | |||
Suíomh | al-Ahli Arab Hospital, Stát na Palaistíne (en) , Stráice Gaza | |||
Tír | Stát na Palaistíne | |||
Ba chúis leis | international reactions to the al-Ahli Arab Hospital explosion (en) | |||
Déantóir na coire | Palestinian Islamic Jihad (en) | |||
Arm | diúracán treoraithe rocket (en) | |||
Fuair b'fhéidir 50 bás ach bhí eagla ann ar dtús gur maraíodh na céadta daoine. Daoine a bhí aslonnaithe agus a bhí ar foscadh sa chlós ab ea na mairbh, de réir Aireacht Sláinte Gaza. Thosaigh cluiche an mhilleáin láithreach, Hamas agus Iosrael ag iarraidh an milleán a chur ar a chéile.
Ar dtús, chuir na húdaráis Palaistíneacha in Gaza, a bhí faoi smacht ag Hamas, an locht ar Iosrael, ag éileamh gur buille aeir d’aon turas a bhí ann. Ach bhí baint leis an ionsaí á séanadh ag Iosrael.
De réir an BBC, agus an rialtas Francach agus Meiriceánach, b'fhéidir go ndeachaigh roicéad Palaistíneach as smacht agus thit sé ar na daoine a bhí ar foscadh sa chlós in aice leis an ospidéal.
De réir an New York Times, a rinne mionanailís, b'fhéidir nach raibh diúracán ná roicéad i gceist ar chor ar bith, ach ionsaí sliogán de chuid Iosrael.
Ar aon nós, bhuail diúracáin eile as Iosrael sibhialtaigh neamhchiontacha i nGaza timpeall an ama seo... mar shampla tuairiscíodh ar an lá céanna gur maraíodh seisear nuair a bhuail diúracán Iosraelach scoil i gcampa teifeach i lár Gaza. I ráiteas ó Eagraíocht Fóirithinte na Náisiún Aontaithe do Dhídeanaithe Palaistíneacha, dúradh gur gníomh uafásach a bhí ann agus gur léirigh sé gur cuma leis na daoine a bhí freagrach as faoi shibhialtaigh.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Pléasc in Ospidéal Al-Ahli, Gaza, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.