Is polaiteoir Éireannach é Pádraig Parthalán Ó hEachthairn (Patrick Bartholemew Ahern as Béarla), nó Bertie Ahern mar a thugtar air de ghnáth, a rugadh ar an 12 Meán Fómhair 1951.
D'ob é an 10ú agus 11ú Taoiseach (ceann Rialtais na hÉireann) ó 26 Meitheamh 1997 go dtí 6 Bealtaine 2008. Tháinig sé i gcomharbacht ar Sheán de Briotún i 1997. D'fhógair sé go n-éireodh sé as a phost mar Thaoiseach agus mar cheannaire Fhianna Fáil ar 2 Aibreán 2008 de bharr an bhrú a bhí ag teacht air ó Bhinse Fiosraithe Mahon. Tháinig Brian Ó Comhain i gcomharbacht air.
Níos túisce, chaith sé sealanna ag feidhmiú mar an Aire Airgeadais agus an Aire Saothair.
Saolaíodh Bertie Ó hEachthairn i nDroim Conrach i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath, agus is san áit seo a chaith sé a shaol ar fad go dtí an lá inniu. Is eisean an duine is óige de chúigear, mac le Con agus Julia Ahern, as Contae Chorcaí don bheirt. Phós a thuismitheoirí i mí Dheireadh Fómhair 1937, agus chuireadar fuathú in Ascaill an Teampaill i nDroim Conrach, áit ina chaithfidís iomlán a saolta.
D'éirigh Ahern as sa bhliain 2008 nuair a bhí an tóin ag titim as An Tíogar Ceilteach.
Thug Bertie Ahern, an Taoiseach ó 1997 go 2008, fianaise “dhochreidte” don Bhinse sa bhliain 2007. Bhí 'rath fáistine' ag Ahern. De bharr an bhrú a bhí ag teacht air ón mbinse fiosraithe, d'fhógair Ahern go n-éireodh sé as a phost mar Thaoiseach agus mar cheannaire Fhianna Fáil ar 2 Aibreán 2008
Sa bhliain 2012 chuir Binse Fiosrúcháin Mahon ina leith cuir inis Ahern bréaga leis an mbinse i dtaobh a chuir airgid phearsanta.
D'éirigh Ahern as Fianna Fáil i ngeall air seo, is tar éis gur iarr Mícheál Ó Máirtín ar an bpáirtí Ó hEachthairn a ruaigeadh. Glacadh isteach sa pháirtí arís é i 2022, tráth a rabhthas ag tuairimiú go raibh faoi rith don Uachtaránacht.
Is síol faoi Oileán na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Bertie Ó hEachthairn, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.