Tharla crith talún ar 21 Samhain 2022 i gceantar Cianjur in iarthar Iáva san Indinéis.
| |||||
Cineál | Crith talún | ||||
---|---|---|---|---|---|
Dáta na bliana | 21 Samhain 2022 (13:21) | ||||
Suíomh | Cianjur, An Indinéis | ||||
Tír | an Indinéis | ||||
Méadaíocht crith talún (Scála Móimint) | 5.6 | ||||
Scála déine Mercalli | Mercalli scale VI (en) | ||||
Doimhneacht ingearach | 11 km | ||||
Líon básanna | 310 (25 Samhain 2022) | ||||
Líon gortaithe | 2,046 (25 Samhain 2022) | ||||
Líon ar iarraidh | íosmhéid 24 (25 Samhain 2022) | ||||
I gceantar sléibhe a bhí eipealár an chreatha talún, a raibh méid 5.6 ar an scála Richter ann. Níl 5.6 chomh ard sin, ach tharla an crith ag doimhneacht éadomhain (tuairim is 10 km), rud a chuir treise leis an méid fuinnimh a scaoileadh amach i limistéar beag go leor agus bhfuil níl na tithíochta sa cheantar thar mholadh beirte . Rinneadh scrios mór de bharr sin. Mar bharr ar an mí-ádh, bhí sciorradh talún sa cheantar tar éis an chreatha talún agus mar sin bhí deacrachtaí ag na seirbhísí éigeandála cuidiú le daoine.
Maraíodh 268 duine ar a laghad. B'éigean do bhreis agus 58,000 a dtithe a thréigean de bharr na tubaiste. Tugadh go leor daoine chuig an ospidéal áitiúil ach de cheal spáis b'éigean cóir leighis a chur ar a bhformhór faoi thóirsí sa charrchlós agus ar an mbóthar féin.
Sórt crosbhealaigh idir phlátaí teicteonacha atá sa cheantar sin in Iáva agus tharla go leor creathanna talún ann cheana.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Crith talún in iarthar Iáva san Indinéis, 2022, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.