Liz Truss: Polaiteoir Briotanach

Polaiteoir de chuid an Pháirtí Choimeádaigh sa Ríocht Aontaithe is ea Elizabeth Mary Truss (a rugadh in Oxford ar 26 Iúil 1975), i bhfad amach ar an eite dheis den pháirtí.

Infotaula de personaAn Ró-Onórach
Liz Truss
Liz Truss: Gairm, Pearsanta, Féach freisin
(2022) Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(en) Mary Elizabeth Truss
Beathaisnéis
Breith26 Iúil 1975
48 bliana d'aois
Oxford (an Ríocht Aontaithe)
Liz Truss: Gairm, Pearsanta, Féach freisin 78 Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe
6 Meán Fómhair 2022 – 25 Deireadh Fómhair 2022
← Boris JohnsonRishi Sunak →
Ball de chomh-aireacht: Truss ministry (en) Aistrigh
Céad Tiarna an Státchiste
6 Meán Fómhair 2022 – 25 Deireadh Fómhair 2022
← Boris JohnsonRishi Sunak →
Aire an Aontais
6 Meán Fómhair 2022 – 25 Deireadh Fómhair 2022
← Boris JohnsonRishi Sunak →
Aire na Státseirbhíse
6 Meán Fómhair 2022 – 25 Deireadh Fómhair 2022
← Boris JohnsonRishi Sunak →
Ceannaire an Pháirtí Caomhaigh
5 Meán Fómhair 2022 – 24 Deireadh Fómhair 2022
← Boris JohnsonRishi Sunak →
Rúnaí Stáit do Ghnóthaí Eachtracha agus Comhlathais
15 Meán Fómhair 2021 – 6 Meán Fómhair 2022
← Dominic RaabJames Cleverly →
Liz Truss: Gairm, Pearsanta, Féach freisin Ball den 58ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
12 Nollaig 2019 –

Toghcheantar: Norfolk Thiar Theas

Aire na mBan agus Comhionannas
10 Meán Fómhair 2019 – 6 Meán Fómhair 2022 – Nadhim Zahawi (en) Aistrigh →
Uachtarán an Bhoird Trádála
24 Iúil 2019 – 15 Meán Fómhair 2021
← Liam Fox
Rúnaí Stáit um Thrádáil Idirnáisiúnta
24 Iúil 2019 – 15 Meán Fómhair 2021
← Liam Fox
Príomh-Rúnaí an Státchiste
11 Meitheamh 2017 – 24 Iúil 2019
← David GaukeRishi Sunak →
Liz Truss: Gairm, Pearsanta, Féach freisin Ball den 57ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
8 Meitheamh 2017 – 6 Samhain 2019 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Norfolk Thiar Theas

Ard-Seansailéir
14 Iúil 2016 – 11 Meitheamh 2017
← Michael GoveDavid Lidington →
Rúnaí Stáit an Cheartais
14 Iúil 2016 – 11 Meitheamh 2017
← Michael GoveDavid Lidington →
Liz Truss: Gairm, Pearsanta, Féach freisin Ball den 56ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
7 Bealtaine 2015 – 3 Bealtaine 2017 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Norfolk Thiar Theas

Rúnaí Stáit don Chomhshaol, Bia agus Gnóthaí Tuaithe
15 Iúil 2014 – 13 Iúil 2016
← Owen PatersonAndrea Leadsom →
Ball de Chomhairle Dhlíthiúil na Ríochta Aontaithe
2014 –
Ball den 53ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
6 Bealtaine 2010 – 30 Márta 2015 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Norfolk Thiar Theas

President of the Oxford University Liberal Democrats (en) Aistrigh
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Idé-eolaíocht pholaitíochtaPoblachtachas, Eorpachas agus monarcachas
Scoil a d'fhreastail sé/síRoundhay School (en) Aistrigh
Coláiste Merton, Oxford - Fealsúnacht, Polaitíocht, agus Eacnamaíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheThetford
Burnaby
Teanga dhúchaisBéarla
Airde165.7 cm Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibrePolaitíocht
Suíomh oibre Westminster Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpolaiteoir, cuntasóir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaAn Páirtí Coimeádach (1996–)
An Páirtí Daonlathach Liobrálach (–1996) Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Spéis aige/aici iKaraoke (en) Aistrigh agus Taylor Swift
Mac/iníon léinn de chuidMarc Stears
Faoi thionchar
TeangachaBéarla
Ghlac sé/sí páirt i
Asia Summit 2020 (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
CéileHugh O'Leary (2000–) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairJohn Kenneth Truss  agus Priscilla Mary Grasby
Síniú
Liz Truss: Gairm, Pearsanta, Féach freisin

Suíomh gréasáinelizabethtruss.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm4876461 Facebook: LizTrussMP Twitter: trussliz Instagram: elizabeth.truss.mp LinkedIn: liz-truss Youtube: UCUIKsfowQEQM0ewtLN9xS4g Flickr: 196098344@N03 Cuir in eagar ar Wikidata

Cé go raibh Truss in aghaidh an Bhreatimeachta sa bhliain 2016, d’athraigh sí a hintinn. Sna 2020idí, bhí sí ar an eite dheis ar fad den pháirtí agus í ag brath ar thacaíocht leithéidí Jacob Rees-Mogg. Agus í ina príomhaire sa bhliain 2022, bhí a rialtas gearrthréimhseach ag tuairteáil ó ghéarchéim go géarchéim.

Gairm

D'fhreastail Truss ag Ollscoil Oxford agus d'éirigh sí ina cuntasóir cairte (ACMA) sa bhliain 1999. D'fhostaigh Shell í ó 1996 go dtí 2000, agus bhí sí le Cable and Wireless ó 2000 go dtí 2004.

2012

Sa bhliain 2012, d'fhoilsigh Truss (in éineacht le feisirí óga eile, an dream is diongbháilte ar an eite dheas sa Pháirtí Coimeádach) a straitéis don Ríocht Aontaithe sa leabhar "Britannia Unchained: Global Lessons for Growth and Prosperity".

Scríobh sí go raibh an tír bánaithe ag na cánacha agus níor spreag na cánacha obair chrua sa Bhreatain. "Ní mór dúinn leagan as na rialacha agus na dianrialacháin", a dheimhnigh an leabhar. Bhí sé ráite gur eiseamláirí iad an Astráil, Ceanada, Singeapór srl.

2019

Mar Rúnaí Stáit Trádála Idirnáisiúnta na Breataine (idir 2019-2021), dúirt Truss sa bhliain 2019 gur "feirmeoirí a raibh roinnt tornapaí i gcúl a leoraithe acu" an t-aon dream in Éirinn a bhí imníoch faoi Bhreatimeacht gan chomhaontú. Bhí claonadh ag Truss gníomhú go meargánta, mar a tharla anseo.

Liz Truss: Gairm, Pearsanta, Féach freisin 
2021

Rúnaí gnóthaí eachtracha

Ceapadh Truss mar rúnaí gnóthaí eachtracha na Breataine ar 15 Meán Fómhair 2021. D'fhan sí bliain amháin, beagnach, sa phost sin.

Rinné sí idirbheartaíocht le Ruanda chun lucht iarrtha tearmainn a dhíbirt ann.

I mí Eanáir 2022, bhí sé tugtha le fios ag Truss go bhféadfadh sí Airteagal 16 den Phrótacal a chur i ngníomh mura nglacfaidh an tAontas le leasuithe ar an bPrótacal atá á moladh ag an mBreatain.

Maidir leis an ghéarchéim ag Stormont sa bhliain 2022, dúirt Truss nach mbeidh Feidhmeannas ann go dtí go réiteofar an prótacal.

Albain

I mí Lúnasa 2022, chuir Truss i leith Nicola Sturgeon gur ag iarradh aird a tharraingt uirthi féin a bhí sí agus reifreann ar neamhspleáchas na hAlban á éileamh aici. Dhearbhaigh sí nach dtabharfadh sí a beannacht do reifreann ar neamhspleáchas na hAlban.

Prótacal an Tuaiscirt

Bhrúigh Truss chun cinn an reachtaíocht chun fáil réidh le gnéithe de Phrótacal an Tuaiscirt. Nuair a ceapadh Truss ina Rúnaí Gnóthaí Eachtracha ar dtús síleadh go mbeadh sí sásta iarracht a dhéanamh teacht ar chomhaontú faoin bprótacal ach d’éirigh sí níos daingne ina dearcadh de réir a chéile, go háirithe le linn toghchán na ceannaireachta.

Príomh-aire

Liz Truss: Gairm, Pearsanta, Féach freisin 
Lógó, 2022

I rith an tsamhraidh 2022, bhí an t-iarsheansailéir Rishi Sunak agus Truss san iomaíocht le teacht i gcomharbacht ar Boris Johnson. Sna pobalbhreitheanna, bhí Truss mar rogha na coitiantachta na mball. Fuair Truss 57% dena vótaí (81,326) agus deimhníodh gur b'í a bheidh mar Cheannaire an Pháirtí Chaomhaigh.

Bhí Truss ar an 15ú Príomh-Aire ar an mBreatain ó corónaíodh Eilís II.

Géarchéim fhioscach

Thosaigh géarchéim fhioscach na Ríochta Aontaithe, 2022, ar 23 Meán Fómhair 2022 nuair a d'fhógair Kwasi Kwarteng, Seansailéir Státchiste na Ríochta Aontaithe ag an am, 'mionbhuiséad', go gairid tar éis do Truss a bheith tofa ina Príomh-Aire.

B’éigean cistí pinsin a tharrtháil agus tháinig ardú ar rátaí morgáiste i ndiaidh an bhuiséid inar fógraíodh ciorruithe cánach nach raibh maoiniú socraithe dóibh.

Eirí as

Bhí cúrsaí polaitíochta agus eacnamaíochta suaite go maith ó d’fhógair Truss a mionbhuiséad. Tháinig an ghéarchéim chun cinn nuair a d'éirigh Suella Braverman as, Rúnaí Gnóthaí Baile na Breataine ag an am. Mhaígh sí "nach féidir linn ligean orainn féin nach ndearnamar botúin agus leanúint orainn ar nós go bhfuil daoine eile dall ar na botúin sin."

Ar an lá céanna, chinn 40 feisire parlaiminte de chuid na dTóraithe gan tacú le Truss maidir le vóta faoin bhfraiceáil.

An lá dár gcionn, ar 20 Deireadh Fómhair 2022, d'éirigh Truss as mar Príomh-Aire i bhfianaise na corraíola polaitiúla i measc na gCaomhach. Dúirt sí nach bhféadfadh sí an méid a gheall sí nuair a ceapadh ina ceannaire ar na Tóraithe í a chomhlíonadh.

Chaith sí 45 lá sa phost.

Pearsanta

Phós Truss cuntasóir eile, Hugh O'Leary, sa bhliain 2000. Tá beirt chlainne orthu, Liberty O'Leary agus Frances O'Leary.

Bhí caidreamh lasmuigh den phósadh aici, idir 2004-2005, leis an MP Mark Field (cheap an an Páirtí Coimeádach Field mar 'theagascóir pearsanta" do Truss). Fuair Field colscaradh. Scannal a bhí ann sa bhliain 2008 nuair a chuala a toghcheantar, South West Norfolk, faoi.

Féach freisin

Tagairtí

Tags:

Liz Truss GairmLiz Truss PearsantaLiz Truss Féach freisinLiz Truss TagairtíLiz Truss197526 IúilAn Páirtí Coimeádach (An Ríocht Aontaithe)OxfordPolaiteoirRíocht Aontaithe

🔥 Trending searches on Wiki Gaeilge:

An tSlóivéinisGás nádúrthaGnóRothaíochtAvesTíreolaíocht1789Seán Mac DiarmadaDaidí na NollagLe MaraisStánIrisí agus Nuachtáin GaeilgeP. RamleeAn Coimisiún Le Rincí GaelachaSEIFMeiriceá TheasFáilte an AingilMéasónBruno Maderna190021 AibreánAclaíocht isiméadrachBlaaDlí StokesMartin LandauJohn PrescottRíomheolaíochtJamie RaskinBrabhsálaí GréasáinAn GhailísCóras oibriúcháinGalátaigh2024MicéinéAn IodáilDie Verwandlung (An Claochlú)optamú innill cuardaighNuachoimeádachasCloch, Páipéar, SiosúrSkibidi ToiletCogadhTaoiseachBill GatesLondainEsperantoWikidataGeorgia May FooteAigísFyodor DostoyevskyDon GibsonJean-Claude JunckerAoife Ní Thuairisg1973Teangacha GaelachaLomnochtachtSex, Pies and Idiot ScrapesHans ZinsserGuma cogantaRollmopsCath Chluain TarbhAn Dara Cogadh DomhandaCróch bréigeOracle CorporationNuala Ní DhomhnaillMeitiolamfataimínComhéadan grafach úsáideoraC++1909BlaendulaisMuireann Nic AmhlaoibhAn tSean-ChoraintDelbnaHidribhitheolaíocht🡆 More