Is comórtas Eorpach bliantúil é Comórtas Amhránaíochta na hEoraifíse (nó Comórtas Amhrán Eoraifíse uaireanta; Béarla: Eurovision Song Contest, Fraincis: Concours Eurovision de la Chanson) ina nglacann baill ghníomhacha Aontas Craolacháin na hEorpa (ACE) páirt.
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann. Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Cineál | annual music competition (en) saincheadúnas teilifíse |
---|---|
Bailíocht | 1956 - |
Tréimhse | 1956 - |
Fad ama | 2 h agus 4 h |
Bunaithe ar | Sanremo Music Festival (en) |
Mór-roinn | An Eoraip, An Áise, An Aigéine agus an Afraic |
Eagraí | European Broadcasting Union (en) |
Teanga an tsaothair nó an ainm | Béarla agus an Fhraincis |
Seánra | singing competition (en) |
Eile | |
Nation in the Eurovision Song Contest (en) | |
Eurovision Song Contest entry (en) | |
Eurovision Song Contest edition (en) | |
Suíomh gréasáin | eurovision.tv |
Haischlib | #eurovision agus #ESC |
Cuireann gach ballstát amhrán isteach chun a bheith curtha i láthair ar an teilifís beo agus ansin caitheann siad vótaí d'amhráin na dtíortha eile chun an t-amhrán is fearr sa chomórtas a bhaint amach. Glacann gach tír páirt trí cheann de na stáisiúin teilifíse atá ina mbaill den ACE. Tá sé mar thasc ag an stáisiún teilifíse sin amhrán agus amhránaí a roghnú chun páirt a ghlacadh sa chomórtas idirnáisiúnta.
Craoltar an Comórtas gach bliain ó bhliain a thionscnaimh (1956) agus is é an clár teilifíse is sinne agus fós ar siúl ar domhain. Breathnaíonn a lán daoine ar an teagmhas sin (is é an teagmhas is mó ar domhain seachas tionóil lúthchleas). Luaitear figiúirí don lucht féachana idir 100 milliún agus 600 milliún le blianta beaga anuas. Craoltar an Eoraifís lasmuigh den Eoraip freisin, i dtíortha mar an Airgintín, an Astráil, Ceanada, an tSín, an Éigipt, an India, an tSeapáin, an Iordáin, Meicsiceo, an Nua-Shéalainn, an Téalainn, na hOileáin Fhilipíneacha, an Chóiré Theas agus Uragua cé nach nglacann siad páirt sa chomórtas. Ón mbliain 2000, craoltar an comórtas ar an idirlíon.
Sna 1950idí, bhí an Eoraip ag athfhorbairt i ndiaidh an Dara Chogaidh Dhomhanda agus chuir Aontas Craolacháin na hEorpa (ACE), atá bunaithe san Eilvéis coiste ad hoc ar bun chun bealaigh nua a lorg chun tíortha na hEorpa a thabhairt le chéile trí chláir shiamsaíochta. Ag cruinniú coiste a comóradh i Monacó i mí Eanáir 1955, choincheap Marcel Bezençon, ard-stiúrthóir teilifís na hEilvéise agus cathaoirleach coiste, idé an chomórtais amhránaíochta idirnáisiúnta, ina nglacfadh tíortha páirt i gclár teilifíse amháin a dtarchuirfeadh go comhuaineach do gach tír san aontas. Bhí an comórtas bunaithe ar Fhéile Cheoil Sanremo ón Iodáil. Chonacthas an comórtas mar thurgnamh teicneolaíocha i dteilifíseán beo mar, san am sin, tionscadal uaillmhianach a bhí ann roinnt tíortha a nascadh le chéile i ngréasán idirnáisiúnta mar sin. Ní raibh teilifís satailíte ann ag an am sin agus gréasán micreathoinne domhanda a bhí i gceist leis an nGréasán Eoraifíse mar a deirtear le. Cheadaigh Comhthionól Ginearálta ACE an coincheap, dá ngaireadh "Eurovision Grand Prix" ag an am sin, i gcruinniú a comóradh sa Róimh an 19 Deireadh Fómhair 1955 agus beartaíodh go mbeadh an chéad chomórtas ar siúl i rith an earraigh sa bhliain 1956 in Lugano, an Eilvéis. Baineadh George Campey, iriseoir Briotanach úsáid don chéad uair as an ainm "Eurovision" maidir le gréasán an ACE in London Evening Standard sa bhliain 1951.
Bhí an chéad chomórtas ar siúl an 24 Bealtaine 1956 i mbaile Lugano, an Eilvéis. Ghlac seacht dtír páirt sa chomórtas-chuir gach tír dhá amhrán isteach sa chomórtas agus mar sin, bhí 14 amhrán san iomlán. B'é seo an t-aon chomórtas inar cheadaíodh níos mó ná amhrán amháin ó gach tír a cur i láthair: ón mbliain 1957, ní raibh ach amhrán amháin ceadaithe ó gach tír. Bhuaigh an Eilvéis, an tír aíochta, an chéad chomórtas sin.
Tugadh "Eurovision Grand Prix" ar an gcomórtas ar dtús. Glacadh an t-ainm "Grand Prix" seo leis na tíortha Frainciseora agus tugadh "Le Grand-Prix Eurovision de la Chanson Européene" ar an gComórtas. Ní úsáidtear "Grand Prix" a thuilleadh agus cuireadh "Concours" (comórtas) in ionad "Grand Prix" sna tíortha sin. Baintear úsáid as an nGréasán Eoraifíse chun cláir nuachta agus spóirt a chraoladh go hidirnáisiúnta, i measc teagmhas eile lena n-eagraítear leis an ACE. In aigne an phobail, áfach, tá an t-ainm "Eurovision" i gcomhlachas go géar leis an gComórtas Amhránaíochta.
Tá formáid an chomórtais tar éis athrú trí na blianta, cé go mbíonn dearbhphrionsabail an chomórtais mar seo a leanas i gcónaí: cuireann na tíortha rannpháirteacha amhráin isteach sa chomórtas agus cuirtear na hamhráin seo i láthair le linn chlár teilifíse bheo a chraoltar go comhuaineach ar fud ghréasán na hEoraifíse do gach tír. Bíonn craoltóir teilifíse ina ionadaí do gach tír: de ghnáth is é sin eagraíocht craolta poiblí na tíre, ach níl sé sin an cás i gcónaí. Bíonn ceann de na tíortha rannpháirteacha ina n-óstach don chomórtas agus seoltar an tarchar ón hall sa chathair aíochta. I rith an chláir seo, agus tar éis gach amhrán a bheith curtha i láthair, leanann na tíortha ar aghaidh chun vótaí a chaitheamh d'amhráin na dtíortha eile: ní cheadaítear vóta a chaitheamh do do thír féin, áfach. Ag deireadh an chláir, fógraítear an buaiteoir - is é sin an tír leis an líon pointí is mó. Is é gradam an bhua mar dhuas an chomórtais ach de ghnáth bronntar trófaí ar scríbhneoirí an amhráin. Tugtar cuireadh don tír bua an comórtas a óstáil an bhliain dár gcionn.
De ghnáth, osclaíonn láithreoir amháin nó níos mó an clár, ag cur fáilte roimh lucht féachana an seó. Uaireannta, feictear gearrthóga físe den tír aíochta i rith an chláir. Idir na hamhráin agus fógairt na dtorthaí, cuirtear gníomh idirlinne i láthair. Cuimsíodh hidirlinnte sin gníomhartha mar The Wombles (1974) agus céad chur i láthair den seó Riverdance (1994).
Is é réamhdhréacht do Te Deum le Marc-Antoine Charpentier an ceol téama a seinntear roimh agus tar éis chraoltaí Chomórtas Amhránaíochta na hEoraifíse.
Tarlaíonn babhta ceannais de sheó Chomórtas Amhránaíochta na hEoraifíse de ghnáth i rith oíche Dé Sathairn, ag 19.00 UTC (20.00 BST, nó 21.00 CEST). Rognaítear Satharn amháin i mí na Bealtaine, ach tharla an comórtas ar Déardaoin cheana (1956) agus chomh luath mar mhí an Mhárta.
Is féidir le gach tír san Eoraip páirt a ghlacadh sa chomórtas. Canann siad i ngach teanga, ach go háirithe as Béarla, ach is féidir amhrán a chanadh as Gaeilge, Iodális, i Fraincis, srl.
Tá Baill ghníomhacha ACE incháilithe chun páirt a ghlacadh sa chomórtas. Is iad na Baill ghníomhacha ná na stáit a bhfuil laistigh de Cheantar Craolacháin na hEorpa, nó na stáit a bhfuil ina mbaill de Chomhairle na hEorpa. Tá Ceantar Craolacháin na hEorpa sainmhínithe ag an Aontas Teileachumarsáide Idirnáisiúnta mar:
“ | The "European Broadcasting Area" is bounded on the west by the western boundary of Region 1, on the east by the meridian 40° East of Greenwich and on the south by the parallel 30° North so as to include the western part of the USSR, the northern part of Saudi Arabia and that part of those countries bordering the Mediterranean within these limits. In addition, Iraq, Jordan and that part of the territory of Turkey lying outside the above limits are included in the European Broadcasting Area. | ” |
Cuimsíonn baill ghníomhacha eagraíochtaí craolacháin le tarchur a bhfuil ar fáil do 98% de na teaghlaigh ina dtír ar a laghad.
Bliain | Datá | Óstach | Buaiteoir | Ceolteor/í | Amhrán | Pointe | Imeall | An dara háit |
---|---|---|---|---|---|---|---|---|
1956 | 24 Bealtaine | Lugano | An Eilvéis | Lys Assia | "Refrain" | Níl fhógartha | ||
1957 | 3 Márta | Frankfurt | An Ísiltír | Corry Brokken | "Net Als Toen" | 31 | 14 | An Fhrainc |
1958 | 12 Márta | Hilversum | An Fhrainc | André Claveau | "Dors, Mon Amour" | 27 | 3 | An Eilvéis |
1959 | 11 Márta | Cannes | An Ísiltír | Teddy Scholten | "Een Beetje" | 21 | 5 | An Ríocht Aontaithe |
1960 | 25 Márta | Londain | An Fhrainc | Jacqueline Boyer | "Tom Pillibi" | 32 | 7 | An Ríocht Aontaithe |
1961 | 18 Márta | Cannes | Lucsamburg | Jean-Claude Pascal | "Nous Les Amoureux" | 31 | 6 | An Ríocht Aontaithe |
1962 | 18 Márta | Lucsamburg | An Fhrainc | Isabelle Aubret | "Un Premier Amour" | 26 | 13 | Monacó |
1963 | 23 Márta | Londain | An Danmhairg | Grethe & Jørgen Ingmann | "Dansevise" | 42 | 2 | An Eilvéis |
1964 | 21 Márta | Cóbanhávan | An Iodáil | Gigliola Cinquetti | "Non ho l'età" | 49 | 32 | An Ríocht Aontaithe |
1965 | 20 Márta | Napoli | Lucsamburg | France Gall | "Poupée de cire, poupée de son" | 32 | 6 | An Ríocht Aontaithe |
1966 | 5 Márta | Lucsamburg | An Ostair | Udo Jürgens | "Merci Chérie" | 31 | 15 | An tSualainn |
1967 | 8 Aibreán | Vín | An Ríocht Aontaithe | Sandie Shaw | "Puppet on a String" | 42 | 25 | Éire |
1968 | 6 Aibreán | Londain | An Spáinn | Massiel | "La La La" | 29 | 1 | An Ríocht Aontaithe |
1969 | 29 Márta | Maidrid | An Spáinn | Salomé | "Vivo Cantando" | 18 | Ceann ar bith | |
An Ríocht Aontaithe | Lulu | "Boom Bang-a-Bang" | ||||||
An Ísiltír | Lennie Kuhr | "De Troubadour" | ||||||
An Fhrainc | Frida Boccara | "Un Jour, Un Enfant" | ||||||
1970 | 21 Márta | Amstardam | Éire | Dana | "All Kinds of Everything" | 32 | 6 | An Ríocht Aontaithe |
1971 | 3 Aibreán | Baile Átha Cliath | Monacó | Séverine | "Un Banc, Un Arbre, Une Rue" | 128 | 12 | An Spáinn |
1972 | 25 Márta | Dún Éideann | Lucsamburg | Vicky Leandros | "Après Toi" | 128 | 14 | An Ríocht Aontaithe |
1973 | 7 Aibreán | Lucsamburg | Lucsamburg | Anne-Marie David | "Tu Te Reconnaîtras" | 129 | 4 | An Spáinn |
1974 | 6 Aibreán | Brighton | An tSualainn | ABBA | "Waterloo" | 24 | 6 | An Iodáil |
1975 | 22 Márta | Stócólm | An Ísiltír | Teach-In | "Ding-A-Dong" | 152 | 14 | An Ríocht Aontaithe |
1976 | 3 Aibreán | An Háig | An Ríocht Aontaithe | Brotherhood of Man | "Save Your Kisses for Me" | 164 | 17 | An Fhrainc |
1977 | 7 Bealtaine | Londain | An Fhrainc | Marie Myriam | "L'Oiseau Et L'Enfant" | 136 | 15 | An Ríocht Aontaithe |
1978 | 22 Aibreán | Páras | Iosrael | Izhar Cohen & Alphabeta | "A-Ba-Ni-Bi" | 157 | 32 | An Bheilg |
1979 | 31 Márta | Iarúsailéim | Iosrael | Gali Atari & Milk and Honey | "Hallelujah" | 125 | 9 | An Spáinn |
1980 | 19 Aibreán | An Háig | Éire | Johnny Logan | "What's Another Year?" | 143 | 15 | An Ghearmáin |
1981 | 4 Aibreán | Baile Átha Cliath | An Ríocht Aontaithe | Bucks Fizz | "Making Your Mind Up" | 136 | 4 | An Ghearmáin |
1982 | 24 Aibreán | Harrogate | An Ghearmáin | Nicole | "Ein Bisschen Frieden" | 161 | 61 | Iosrael |
1983 | 23 Aibreán | München | Lucsamburg | Corinne Hermès | "Si La Vie Est Cadeau" | 142 | 6 | Iosrael |
1984 | 5 Bealtaine | Lucsamburg | An tSualainn | Herreys | "Diggi-Loo Diggi-Ley" | 145 | 8 | Éire |
1985 | 4 Bealtaine | Göteborg | An Iorua | Bobbysocks | "La det swinge" | 123 | 18 | An Ghearmáin |
1986 | 3 Bealtaine | Bergen | An Bheilg | Sandra Kim | "J'Aime La Vie" | 176 | 31 | An Eilvéis |
1987 | 9 Bealtaine | An Bhruiséil | Éire | Johnny Logan | "Hold Me Now" | 172 | 31 | An Ghearmáin |
1988 | 30 Aibreán | Baile Átha Cliath | An Eilvéis | Celine Dion | "Ne Partez Pas Sans Moi" | 137 | 1 | An Ríocht Aontaithe |
1989 | 6 Bealtaine | Lausanne | An Iúgslaiv | Riva | "Rock Me" | 137 | 7 | An Ríocht Aontaithe |
1990 | 5 Bealtaine | Ságrab | An Iodáil | Toto Cutugno | "Insieme: 1992" | 149 | 17 | Éire |
An Fhrainc | ||||||||
1991 | 4 Bealtaine | An Róimh | An tSualainn | Carola | "Fångad av en stormvind" | 146 | 0 | An Fhrainc |
1992 | 9 Bealtaine | Malmö | Éire | Linda Martin | "Why Me" | 155 | 16 | An Ríocht Aontaithe |
1993 | 15 Bealtaine | Sráid an Mhuilinn | Éire | Niamh Kavanagh | "In Your Eyes" | 187 | 23 | An Ríocht Aontaithe |
1994 | 30 Aibreán | Baile Átha Cliath | Éire | Paul Harrington & Charlie McGettigan | "Rock 'n' Roll Kids" | 226 | 60 | An Pholainn |
1995 | 13 Bealtaine | Baile Átha Cliath | An Iorua | Secret Garden | "Nocturne" | 148 | 29 | An Spáinn |
1996 | 18 Bealtaine | Osló | Éire | Eimear Quinn | "The Voice" | 162 | 48 | An Iorua |
1997 | 3 Bealtaine | Baile Átha Cliath | An Ríocht Aontaithe | Katrina and the Waves | "Love Shine a Light" | 227 | 70 | Éire |
1998 | 9 Bealtaine | Birmingham | Iosrael | Dana International | "Diva" | 172 | 6 | An Ríocht Aontaithe |
1999 | 29 Bealtaine | Iarúsailéim | An tSualainn | Charlotte Nilsson | "Take Me to Your Heaven" | 163 | 17 | An Íoslainn |
2000 | 13 Bealtaine | Stócólm | An Danmhairg | Olsen Brothers | "Fly on the Wings of Love" | 195 | 40 | An Rúis |
2001 | 12 Bealtaine | Cóbanhávan | An Eastóin | Tanel Padar, Dave Benton & 2XL | "Everybody" | 198 | 21 | An Danmhairg |
2002 | 25 Bealtaine | Taillinn | An Laitvia | Marie N | "I Wanna" | 176 | 12 | Málta |
2003 | 24 Bealtaine | Ríge | An Tuirc | Sertab Erener | "Everyway That I Can" | 167 | 2 | An Bheilg |
2004 | 15 Bealtaine | Iostanbúl | An Úcráin | Ruslana | "Wild Dances" | 280 | 17 | An tSeirbia agus Montainéagró |
2005 | 21 Bealtaine | Cív | An Ghréig | Elena Paparizou | "My Number One" | 230 | 38 | Málta |
2006 | 20 Bealtaine | An Aithin | An Fhionlainn | Lordi | "Hard Rock Hallelujah" | 292 | 44 | An Rúis |
2007 | 12 Bealtaine | Heilsincí | An tSeirbia | Marija Šerifović | "Molitva" | 268 | 33 | An Úcráin |
2008 | 24 Bealtaine | Béalgrád | An Rúis | Dima Bilan | "Believe" | 272 | 42 | An Úcráin |
2009 | 16 Bealtaine | Moscó | An Iorua | Alexander Rybak | "Fairytale" | 387 | 169 | An Íoslainn |
2010 | 29 Bealtaine | Osló | An Ghearmáin | Lena Meyer-Landrut | "Satellite" | 246 | 76 | An Tuirc |
2011 | 14 Bealtaine | Düsseldorf | An Asarbaiseáin | Eldar & Nigar | "Running Scared" | 221 | 32 | An Iodáil |
2012 | 26 Bealtaine | Baki | An tSualainn | Loreen | "Euphoria" | 372 | 113 | An Rúis |
2013 | 18 Bealtaine | Malmö | An Danmhairg | Emmelie de Forest | "Only Teardrops" | 281 | 47 | An Asarbaiseáin |
2014 | 10 Bealtaine | Cóbanhávan | An Ostair | Conchita Wurst | "Rise Like a Phoenix" | 290 | 52 | An Ísiltír |
2015 | 23 Bealtaine | Vín | An tSualainn | Måns Zelmerlöw | "Heroes" | 365 | 62 | An Rúis |
2016 | 14 Bealtaine | Stócólm | An Ucráin | Jamala | "1944" | 534 | 23 | An Astráil |
2017 | 20 Bealtaine | Cív | An Phortaingéil | Salvador Sobral | "Amar Pelos Dois" | 758 | 143 | An Bhulgáir |
2018 | 12 Bealtaine | Liospóin | Iosrael | Netta | "Toy" | 529 | 93 | An Chipir |
2019 | 18 Bealtaine | Tel Aviv | An Ísiltír | Duncan Lawrence | "Arcade" | 492 | 27 | An Iodáil |
2021 | 22 Bealtaine | Rotterdam | An Iodáil | Måneskin | "Zitti e buoni" | 524 | 25 | An Fhrainc |
2022 | 14 Bealtaine | Torino | An Ucráin | Kalush Orchestra | "Stefania" | 631 | 165 | An Ríocht Aontaithe |
2023 | 13 Bealtaine | Learpholl | An tSualainn | Loreen | "Tattoo" | 583 | 57 | An Fhionlainn |
Buaiteoirí | Tír | Bliana |
---|---|---|
7 | Éire | 1970, 1980, 1987, 1992, 1993, 1994, 1996 |
An tSualainn | 1974, 1984, 1991, 1999, 2012, 2015, 2023 | |
5 | An Fhrainc | 1958, 1960, 1962, 1969, 1977 |
Lucsamburg | 1961, 1965, 1972, 1973, 1983 | |
An Ríocht Aontaithe | 1967, 1969, 1976, 1981, 1997 | |
An Ísiltír | 1957, 1959, 1969, 1975, 2019 | |
4 | Iosrael | 1978, 1979, 1998, 2018 |
3 | An Iorua | 1985, 1995, 2009 |
An Danmhairg | 1963, 2000, 2013 | |
An Iodáil | 1964, 1990, 2021 | |
An Úcráin | 2004, 2016, 2022 | |
2 | An Spáinn | 1968, 1969 |
An Eilvéis | 1956, 1988 | |
An Ghearmáin | 1982, 2010 | |
An Ostair | 1966, 2014 | |
1 | Monacó | 1971 |
An Bheilg | 1986 | |
An Iúgslaiv | 1989 | |
An Eastóin | 2001 | |
An Laitvia | 2002 | |
An Tuirc | 2003 | |
An Ghréig | 2005 | |
An Fhionlainn | 2006 | |
An tSeirbia | 2007 | |
An Rúis | 2008 | |
An Asarbaiseáin | 2011 | |
An Phortaingéil | 2017 |
Tír | Iomlán | Blianta | |||
---|---|---|---|---|---|
Éire | 7 | 4 | 1 | 12 | 1970, 1980, 1987, 1992, 1993, 1994, 1996 |
An tSualainn | 7 | 1 | 6 | 14 | 1974, 1984, 1991, 1999, 2012, 2015, 2023 |
An Ríocht Aontaithe | 5 | 16 | 3 | 24 | 1967, 1969, 1976, 1981, 1997 |
An Fhrainc | 5 | 5 | 7 | 17 | 1958, 1960, 1962, 1969, 1977 |
An Ísiltír | 5 | 1 | 1 | 7 | 1957, 1959, 1969, 1975, 2019 |
Lucsamburg | 5 | 0 | 2 | 6 | 1961, 1965, 1972, 1973, 1983 |
Iosrael | 4 | 2 | 2 | 8 | 1978, 1979, 1998, 2018 |
An Iodáil | 3 | 3 | 5 | 11 | 1964, 1990, 2021 |
An Úcráin | 3 | 2 | 1 | 6 | 2004, 2016, 2022 |
An Danmhairg | 3 | 1 | 3 | 7 | 1963, 2000, 2013 |
An Iorua | 3 | 1 | 1 | 5 | 1985, 1995, 2009 |
An Ghearmáin | 2 | 4 | 4 | 10 | 1982, 2010 |
An Spáinn | 2 | 4 | 2 | 8 | 1968, 1969 |
An Eilvéis | 2 | 3 | 4 | 9 | 1956, 1988 |
An Ostair | 2 | 0 | 1 | 3 | 1966, 2014 |
An Rúis | 1 | 4 | 4 | 9 | 2008 |
An Bheilg | 1 | 2 | 0 | 3 | 1986 |
Monacó | 1 | 1 | 3 | 5 | 1971 |
An Tuirc | 1 | 1 | 1 | 3 | 2003 |
An Asarbaiseáin | 1 | 1 | 1 | 3 | 2011 |
An Fhionlainn | 1 | 1 | 0 | 2 | 2006 |
An Ghréig | 1 | 0 | 3 | 4 | 2005 |
An Laitvia | 1 | 0 | 1 | 2 | 2002 |
An tSeirbia | 1 | 0 | 1 | 2 | 2007 |
An Iúgoslaiv | 1 | 0 | 0 | 1 | 1989 |
An Eastóin | 1 | 0 | 0 | 1 | 2001 |
An Phortaingéil | 1 | 0 | 0 | 1 | 2017 |
Málta | 0 | 2 | 2 | 4 | |
An Íoslainn | 0 | 2 | 0 | 2 | |
An Pholainn | 0 | 1 | 0 | 1 | |
An tSeirbia agus Montainéagró | 0 | 1 | 0 | 1 | |
An Astráil | 0 | 1 | 0 | 1 | |
An Bhulgáir | 0 | 1 | 0 | 1 | |
An Chipir | 0 | 1 | 0 | 1 | |
An Rómáin | 0 | 0 | 2 | 2 | |
An Bhoisnia-Heirseagaivéin | 0 | 0 | 1 | 1 | |
An Mholdóiv | 0 | 0 | 1 | 1 | |
align="center" |
Is í Éire an tír is rathúla sa chomórtas go stairiúil. Tá sé buaite ag Éirinn seacht n-uaire. Seo a leanas na hamhránaithe agus na hamhráin a bhí i gceist:
Is iad na tíortha seo a leanas na tíortha a bhfuil tar éis páirt a ghlacadh sa chomórtas:
Bliain | Tíortha |
---|---|
1956 | An Bheilg, An Eilvéis An Fhrainc, An Ghearmáin, An Iodáil, An Ísiltír, Lucsamburg |
1957 | An Danmhairg, An Ostair, An Ríocht Aontaithe |
1958 | An tSualainn |
1959 | Monacó |
1960 | An Iorua |
1961 | An Fhionlainn, An Iúgslaiv, An Spáinn |
1964 | An Phortaingéil |
1965 | Éire |
1971 | Málta |
1973 | Iosrael |
1974 | An Ghréig |
1975 | An Tuirc |
1980 | Maracó |
1981 | An Chipir |
1986 | An Íoslainn |
1993 | An Bhoisnia-Heirseagaivéin, An Chróit, An tSlóivéin |
1994 | An Eastóin, An Liotuáin, An Pholainn, An Rómáin, An Rúis, An tSlóvaic, An Ungáir |
1998 | An Mhacadóin Thuaidh |
2000 | An Laitvia |
2003 | An Úcráin |
2004 | An Albáin , Andóra, An Bhealarúis, An tSeirbia agus Montainéagró |
2005 | An Bhulgáir, An Mholdóiv |
2006 | An Airméin |
2007 | Montainéagró, An tSeic, An tSeirbia, An tSeoirsia |
2008 | An Asarbaiseáin, San Mairíne |
2015 | An Astráil |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Comórtas Amhránaíochta na hEoraifíse, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.