Bhí aimsir na bliana 2022 is teo dár taifeadadh ariamh in Éirinn agus sa Bhreatain.
Sáróidh an meánteocht bhliantúil i mbliana an meánteocht a b'airde ariamh a baineadh amach i 2014. Cé go gcuimhníonn go leor daoine ar an teas mór a bhí ann an samhradh seo, gurb "é an rud is suntasaí in 2022 ná an teas seasta a bhí ann ar feadh na bliana uilig nuair a bhí gach mí seachas Nollaig níos teo ná mar a bheithfí ag súil."
Bhuail roinnt mhaith tonnta teasa Éire agus an Bhreatain ó thosach an Mheithimh i mbliana 2022, rud a d'fhág an ceathrú samhradh ab teo a taifeadadh ariamh ann. Sháraigh an mearcair pointe na 40 céim den chéad uair nuair a taifeadadh teocht de 40.3C i Coningsby i Lincolnshire ar an 19 Iúil 2022.
D'eisigh an Oifig Mheitéareolaíochta sa Bhreatain a gcéad rabhadh an-teasa dearg ariamh an mhí chéanna.
Bhuail tuilte an Phacastáin idir 14 Meitheamh - Deireadh Fómhair 2022, de thoradh titim throm báistí. Séasúr an mhonsúin a bhí ann, ach bhí an fhearthainn ar scála nach bhfacthas riamh cheana. Bhí aon trian den tír báite.
Bhuail stoirm fhiánta Meiriceá Thuaidh i rith mhí na Nollag 2022. Réab an stoirm os cionn 3,200 ciliméadar, idir Texas agus Quebec. 'Buama cioclóin' a bhí an chúis, agus ní minic a tharlaíonn sé sin. Fuair nach mór 100 duine bás de bharr na drochaimsire agus an teocht chomh híseal le 45 céim celsius in áiteanna.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Aimsir na bliana 2022, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.