Bhunaigh an cúpla Pádraig agus Noel Ó Dúgáin an sárghrúpa Clannad i nGaoth Dobhair sa bhliain 1970 i gcomhluadar a nianna agus a neachtanna i gclann Uí Bhraonáin, Máire, Ciarán, Pól agus Enya.
Uncailí le muintir Bhraonáin – Ciarán, Pól, Moya agus Enya ab ea Pádraig agus Noel.
Sonraí | |
---|---|
Cineál | banna ceoil |
Gníomhaíocht | |
Tréimhse oibre | 2004 – |
Seánra | Ceol tíre traidisiúnta |
Le cuid | |
Rugadh agus tógadh Pádraig agus Noel i nGaeltacht Ghaoth Dobhair agus bhí siad ar an mbeirt ab óige den seisear clainne a bhí ag Aodh agus Máire Duggan.
D’éirigh go maith ó thús leis an mbanna agus lena gceol sainiúil, ar mheascán é den cheol traidisiúnta agus stíleanna eile ceoil.
Bhíodh Noel ag seinm, ag canadh agus ag cumadh amhrán don ghrúpa. Bhíodh Pádraig ag seinm giotáir. Thug siad chéad turas le Clannad ar Mheiriceá sa mbliain 1979 agus dhá bhliain ina dhiaidh sin thug siad an sintéiseoir isteach sa ngrúpa, rud a spreag an t-ainm don chéad albam eile Fuaim.
Agus sos á thógáil ag Clannad chuir Pádraig agus Noel albam dá gcuid féin, Rubicon, amach in 2005.
Ainneoin gur iomaí cineál fuaime a bhain Pádraig agus Clannad as uirlisí éagsúla ina gcuid taistil as baile, bhí baint mhór aige le teagasc an cheoil feadóige agus fífe ina pharóiste féin agus le buíonn fífeanna Ghaoth Dobhair mar is léir ó ranganna ann i 1984.
Bhásaigh Noel Ó Dúgáin go tobann ar 16 Deireadh Fómhair 2022 agus é amuigh le cairde i nDún na nGall. Bhí sé 73 bliain d’aois.
Bhí Pádraig tinn ar feadh tamaill sna 2010idí agus fuair sé bás in Ospidéal Bhaile Bhlainséir sa bhliain 2016.
Fear as Dobhar, RTÉ (2016), Sa chlár seo caitheann Dónall Mac Ruairí súil siar ar Phádraig, ar an méid a bhain sé amach, an tionchar a bhí aige ar an ghrúpa, agus an bhearna atá fágtha ag a bhás.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Na deartháireacha Noel agus Pádraig Ó Dugáin, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.