Tubaiste Shearnóbail

Ar an 26 Aibreán 1986, tharla Tubaiste Shearnóbail (Chernobyl i mBéarla), an tubaiste núicléach ba mheasa ar domhan go dtí sin.

Tá Searnóbail suite cóngarach do Pripyat san Úcráin.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtTubaiste Shearnóbail
Íomhá
 51°23′22″N 30°05′57″E / 51.389439°N 30.099169°E / 51.389439; 30.099169
Cineáltubaiste núicléach
environmental disaster (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana26 Aibreán 1986 (01:23. UTC+04:00) Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhChernobyl Nuclear Power Plant, An Úcráin (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata, Kyiv Oblast, An Úcráin (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
TírAn tAontas Sóivéadach Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí
Líon básanna ± 4,000 Cuir in eagar ar Wikidata

Pléascadh

Phléasc imoibreoir uimhir a ceathair de chuid an stáisiúin. Chuaigh turgnamh ar an imoibreoir ar strae, cailleadh smacht ar theocht an bhreosla ann, leádh cuid mhaith den bhreosla sa chroíleacán, agus phléasc clúdach an imoibreora san aer.

Scaoileadh cainníochtaí móra d’ábhar radaighníomhach isteach san atmaisféar, rud a d’éilligh earraí bia agus ábhair bheatha i roinnt tíortha Eorpacha ar leibhéil a bhí suntasach ó thaobh na sláinte de, rud ba chúis le breoiteachtaí agus riochtaí sláinte ba bhagairt do shaol daoine. Is ann i gcónaí d’ardleibhéil éilliúcháin radaighníomhaigh fós inniu.

Tubaiste Shearnóbail 

Scaoileadh idir tríocha agus daichead oiread an méid radachuir sa phléascadh sin ná mar a scaipeadh i ndiaidh gur phléasc na buamaí adamhacha in Hiroshima agus Nagasaki sa bhliain 1945. Seoladh ábhar contúirteach núicléach thuas sna spéartha os cionn iarthar an Aontais Shóivéadaigh agus na hEorpa. Thit an cleitín truaillithe faoin ngaoth ar thíortha éagsúla ar fud na hEorpa, ach ba iad na ceantair bá mhó a d’fhág sé a rian uafásach orthu ná an Bhealarúis, an Úcráine agus Iarthar na Rúise.

Dhearbhaigh na húdaráis ag an am gur cailleadh 31 duine sa tubaiste. Ach rinneadh dochar fadtéarmach do lucht an réigiúin mháguaird.

Leagáid

Fiú sa lá atá inniu ann, níl an obair críochnaithe ag Searnóbail. Tagann oibrithe faoina gcultacha bána isteach anois is arís chun sciath choincréiteach úrnua a thógáil in áit na gceann a tógadh cheana. Caithfear an sciath a athnuachan i gcónaí chun an chontúirt a choinneáil faoi smacht.

Tá go leor ceachtanna le foghlaim ón tragóid Searnóbail. Iontas na n-iontas, níl an damáiste fadtéarmach do shláinte na n-ainmhithe sa cheantar ró-dhona, is cosúil. Tá an zón eisiaimh beo le fiadhúlra anois (in 2023). Tá iontas ar eolaithe nach bhfuil an t-éilliú radaighníomhach ró-ard.

I gcomparáid leis an Tubaiste núicléach Fukushima sa bhliain 2011, bhí líon na mbásanna díreacha níos airde in Searnóbail, ach bhí an truailliú radaighníomhach níos measa sa tSeapáin.

In Éirinn

San astitim ar Éirinn, bhí iseatóip radaighníomhacha éagsúla, ina measc caesiam-137 a bhfuil leathré 30 bliain aige. Ionsúitear an dúil seo isteach sa bhféar ón ithir agus cruinníonn sí faoi dheireadh i mbainne na bó.

Tubaiste Shearnóbail 
Chernobyl Children's Project UK

Bhí leibhéal radaighníomhaíochta suas go dtí 340 beicireil (Bq) de réir an líotair i mbainne sa tír seo ag an am, ach laghdaigh an leibhéal go tapa ina dhiaidh sin.

Bhí na leibhéil arda sin níos lú ná an leibhéal tairseachúil de 370 Bq sa lítear atá leagtha amach ag an gComhphobal Eorpach chun teorainneacha a chur ar úsáid bainne. Mar a tharlaíonn, bhí tromlach na radaighníomhaíochta seo sa bhainne bearrtha. Ba lú i bhfad a tiúchan sa tsaill nó táirgí na saille, im nó uachtar.

Sláinte

Tubaiste Shearnóbail 
John Crown

Tá sé faighte amach ag saineolaithe nach raibh fianaise eolaíoch ann go ndearna tionóisc Chernobyl an méid dochair do shláinte phoiblí is a deirtear. Mar shampla dhearbhaigh an iar-Sheanadóir agus dochtúir John Crown go bhfuil míthuiscint ann gur tháinig méadú mór ar líon na bpáistí a rugadh le máchail sna blianta a lean an tionóisc, ach nach raibh na fíricí ann chun é sin a chruthú.

Tagairtí

Tags:

Tubaiste Shearnóbail PléascadhTubaiste Shearnóbail LeagáidTubaiste Shearnóbail In ÉirinnTubaiste Shearnóbail TagairtíTubaiste Shearnóbail198626 AibreánAn BéarlaAn DomhanAn ÚcráinNúicléas adamhach

🔥 Trending searches on Wiki Gaeilge:

RéalteolaíOlltoghchán na Spáinne, 2023BlátholaNat King ColeSléacht BuchaTiomsú i leabhar gearrthógPápa ProinsiasBrest na BriotáineCruitchordaMílechosachLoc canálaNoel CowardVicíSpórtStráice Gaza919Werner HeisenbergAsmaAcht um Intleacht ShaorgaCeannairc de chuid an ghrúpa WagnerBuamáil mhosc Peshawar, 2023Mozilla FirefoxBaile Átha CliathDroichead Francis Scott Key (Baltimore)Toghcháin na Stát Aontaithe 2022MinicíochtEolaíocht shóisialtaIoraBraisle réaltaí13 MeitheamhAilléirgeTescoBuaf6 FeabhraAn GhiúdaisWayback MachineUlchabhán réiscHarry BelafonteThe Da Vinci CodeHaileabóPeiptídí codlaidíneachaIonsaí diúracán ar HorzaWolfgang BorchertRuathar ar institiúidí an stáit sa Bhrasaíl, 2023Íosa CríostThe TimesDomhain síceolaíochta2021 sa spórtEalaín ar OileánGurdbharaCeirmeachtAn Prionsa William, Diúc CambridgeSpokane ValleyMícheál Ó MáirtínMairtíreachColáiste na nÉireannach i bPárasSinn FéinIúr Cinn TráPyotr KropotkinRyan GoslingAntraipeolaíochtSúnásC++Eolaíocht nádúrthaScála RichterCamille SouterMick MoloneyAn Tríú CrosáidCesc FàbregasCoimhlint Iosrael-Hamas, 2023Plean tearmainn na Ríochta Aontaithe in RuandaRobin WilliamsÚsáid mhídhleathach drugaí in Éirinn🡆 More