Contae Dhún Na Ngall

In iarthuaisceart Chúige Uladh atá Dún na nGall nó Contae Dhún na nGall, ceann de thrí chontae i gCúige Uladh nach bhfuil i dTuaisceart Éireann.

Úsáidtear an t-ainm Tír Chonaill chun tagairt leis an chontae fosta, cé nach ionann an dá áit go stairiúil, toisc nach nglacadh an téarma Tír Chonaill Inis Eoghain, leithinis mhór in oirthuaisceart an chontae, san áireamh.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilContae Dhún na nGall
Contae Dhún Na Ngall Contae Dhún Na Ngall
Contae Dhún Na Ngall
Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Contae Dhún Na Ngall
 54°55′N 8°00′W / 54.92°N 8°W / 54.92; -8
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Uladh Cuir in eagar ar Wikidata

PríomhchathairLeifear Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán161,137 Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús33.15 hab./km²
Tíreolaíocht
Cuid deNorthwest Ireland and Lakelands (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla4,861 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Airde749 m Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Eagraíocht pholaitiúil
Comhlacht feidhmiúcháinoffice of the Cathaoirleach of Donegal County Council (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachcomhlacht reachtach Chomhairle Contae Dhún na nGall Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód ISO 3166-2IE-DL Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Logainm.ie100013
Suíomh gréasáindonegal.ie Cuir in eagar ar Wikidata

Is é Leifear príomhbhaile an chontae, ach is í Leitir Ceanainn an baile is mó atá ann, agus daonra 19,274 aici de réir daonáirimh 2016. Is é Bun Cranncha an dara baile is mó sa chontae, agus is é Baile Dhún na nGall an baile as ar ainmníodh an contae.

Is í Gaeltacht Dhún na nGall an ceann is mó in Éirinn ó thaobh líon na gcainteoirí dúchais.

Tíreolas

De réir achair, tá sé ar an chontae is mó in Ultaibh agus an ceathrú contae is mó in Éirinn. Go sainiúil as contaetha Phoblacht na hÉireann, níl teorainn aige ach le contae amháin eile sa stát: Contae Liatroma. Tá an chuid is mó dá theorainn talún roinnte le trí chontae sa Tuaisceart: Contae Dhoire, Contae Thír Eoghain, agus Contae Fhear Manach. Tá baint mhór eacnamaíochta agus sóisialta idir Dhún na nGall agus Cathair Dhoire, atá suite thart ar 10 gciliméadar uaidh ar taobh eile na teorann. Go deimhin, áirítí Cathair Dhoire ina cuid de Chontae Dhún na nGall go dtí 1610, an bhliain ar cruthaíodh Contae Dhoire as codanna de Chontae Dhún na nGall agus Contae Chúl Raithin.

Barúntachtaí

Tá ocht mbarúntacht stairiúla sa chontae:

Ceantracha neamhfhoirmiúla

Tá cuid mhór ceantracha neamhfhoirmiúla a aithnítear sa chontae chomh maith. In oirthear an chontae, tá Gleann na Finne, gurb é Bealach Féich a phríomhbhaile, agus in aice leis ar an taobh thoir de, tá an Lagan, atá láraithe ar bhaile Ráth Bhoth. Tá cuid mhór ceantracha Gaeltachta ar chósta an chontae: ar an chósta iarthair tá Na Rosa agus Gaoth Dobhair, agus ar an chósta thuaidh tá Cloch Cheann Fhaola, lena n-áirítear na bailte Gort an Choirce agus An Fál Carrach. 'Na Trí Pharóiste' a thugtar ar Na Rosa, Gaoth Dobhair agus Cloch Cheann Fhaola trí chéile. Thoir ó Chloch Cheann Fhaola tá trí leithinis: Ros Goill, Fánaid, agus Inis Eoghain, agus an pointe is faide ó thuaidh ar oileáin na hÉireann, Cionn Mhálanna, suite ar an cheann dheireanach díobh seo.

Tíreolaíocht nádúrtha

Contae Dhún Na Ngall 
An Earagail, an sliabh is airde i gContae Dhún na nGall
Contae Dhún Na Ngall 
Cró Nimhe, in iarthuaisceart an chontae

Tá an contae ar an cheann is sléibtí in Ultaibh, agus an chuid is mó de déanta suas de trí shliabhraon beaga: sléibhte Inis Eoghain san oirthuaisceart, sléibhte Dhoire Bheatha san iarthuaisceart, agus na Cruacha Gorma san iardheisceart. Is í an Earagail, i sléibhte Dhoire Bheatha, binn is airde an chontae, agus 749m aici. Tá cósta an-bhearnach ag an chontae chomh maith ina bhfuil go leor lochanna mara, gurb iad Loch Feabhail agus Loch Súilí na cinn is mó díobh. Tá aillte Shliabh Liag ar na séú cinn is airde san Eoraip, agus is é Cionn Mhálanna an pointe is faide ó thuaidh ar mhórthír Éireann.

Tá dhá oileán a bhfuil buandaonra acu: Oileán Árainn Mhór agus Oileán Thoraí, chomh maith le líon mór oileán nach bhfuil ach lucht cónaithe neamhbhuan orthu. Ritheann an dara n-abhainn is faide in Éirinn, an Éirne, isteach i mBá Dhún na nGall cóngarach do Bhéal Átha Seanaidh, agus dambaí uirthi a ghineann leictreachas. Ritheann abhainn na Feabhaile feadh cuid mhaith de theorainn thalún an chontae, í á scaradh ó Chontae Dhoire agus Contae Thír Eoghain.

Contae Dhún Na Ngall 
Cionn Mhálanna, ag amharc chun an oir-dheiscirt

Duaiseanna

Chuir an iris idirnáisiúnta National Geographic an contae ag barr liosta de na 'coolest' áiteanna ar domhan le cuairt a thabhairt orthu sa bhliain 2017. Tá clú agus cáil ar áilleacht an chontae agus ar chairdiúlacht mhuintir na háite, a dúirt an National Geographic.

Bailte i gContae Dhún na nGall

Oileáin ar chósta Dhún na nGall

Bailte fearainn

Tíreolaíocht nádúrtha

Cultúr

Tá an ceol an-láidir sa chontae agus tá clú ar cheoltóirí na háite ar fud an domhain.

Spórt

Na cluichí Gaelacha

Cuirtear suim mhór sna cluichí Gaelacha sa chontae agus tá Craobh na hÉireann buaite ag peileadóirí an chontae faoi dhó - sna blianta 1992 agus 2012.

Sacar

Tá cumann sacair de chuid Chumann Peile na hÉireann ag imirt sa chontae, mar atá Cláirsigh na Finne. Imríonn an fhoireann a gcluichí baile i bPáirc na Finne, i mBealach Féich.

Stair

Polaitíocht

Gailearaí

Tagairtí

Tags:

Contae Dhún Na Ngall TíreolasContae Dhún Na Ngall DuaiseannaContae Dhún Na Ngall Bailte i gContae Dhún na nGallContae Dhún Na Ngall Oileáin ar chósta Dhún na nGallContae Dhún Na Ngall Bailte fearainnContae Dhún Na Ngall Tíreolaíocht nádúrthaContae Dhún Na Ngall CultúrContae Dhún Na Ngall SpórtContae Dhún Na Ngall StairContae Dhún Na Ngall PolaitíochtContae Dhún Na Ngall GailearaíContae Dhún Na Ngall TagairtíContae Dhún Na NgallCúige UladhInis EoghainTuaisceart Éireann

🔥 Trending searches on Wiki Gaeilge:

Recep Tayyip ErdoğanAn Coimisiún Le Rincí GaelachaAn DomhanLá Fhéile Seoirse23 SamhainAigísIdirnáisiúnúCágAn Chéad ChrosáidUachtarán na Stát AontaithePlátaFáilte an AingilFTPCros DomhnaighPeter FondaBéarlagair1964Inter AliaHakainde Hichilema2024Eyvind Johnson11 LúnasaAn tAontas EorpachBuamáil La Mon (1978)TeileachumarsáidEiblitheoiríAn BhealarúisisSeve BallesterosCaipitleachasLeictreafóibeJavaAiltireachtJohn CurtinGrianghrafMuireLondainReitineNuala Ní DhomhnaillClaudio MonteverdiCorp an duineÓgie Ó CéilleachairAn tAontas Eacnamaíoch EoráiseachEalaín fheidhmeachPáirtí an Lucht Oibre (Éire)Steve Prefontaine1835CíochSéamus Ó ConghaileMahatma GandhiBoighreánDlí StokesAn Chearnóg DheargCath Chluain TarbhBlaendulaisSíleáiloptamú innill cuardaighArdeaglais WestminsterAn Ísiltír1676Naomh AntaineDiosbóisOracle CorporationPáirtí Daonlathach (Stáit Aontaithe)Greta ThunbergCogadh na Saoirse (Éire)ÉiceolaíochtLéopold LeauCarles PuigdemontInsane Clown PoppySasanaSícea-chógaseolaíochtRíomhaireacht🡆 More