Ar 17 Lúnasa 2022, chuir Joe Biden,̟ Uachtarán na Stát Aontaithe, a lámh leis an tAcht Laghdaithe Boilsciú, 2022 (the Inflation Reduction Act), an dlí is suntasaí ar son na haeráide dár reachtaíodh riamh i stair Mheiriceá go dtí an pointe seo.
Cineál | bill (en) Act of Congress in the United States (en) | |||
---|---|---|---|---|
Fógairt | 117ú Comhdháil na Stát Aontaithe | |||
Príomhábhar | boilsciú 2021–2023 inflation surge (en) | |||
Tír | Stáit Aontaithe Mheiriceá | |||
Baint le limistéar údaráis | Stáit Aontaithe Mheiriceá | |||
Joe Biden | ||||
Sínitheoir | ||||
Cúis | 2021–2023 inflation surge (en) | |||
Meastar go bhféadfadh an tAcht na hastaíochtaí ó bhreoslaí iontaise na Stát Aontaithe a laghdú agus go mbeidís 41%-42% faoin leibhéal ag a rabhadar in 2005 faoin mbliain 2030.
Sa bhliain 2018, bhí na Stáit Aontaithe freagrach as 12% d’astaíochta gás teasa (GCT) na cruinne (C02e). Má chomhairtear na hastaíochtaí ar fad ó bhreoslaí iontaise ó 1750, is mó a tháirg SAM ná aon tír eile ar domhan.
Faoin reachtaíocht seo, cuirfear $369 billiún ar fáil mar mhaoiniú chun acmhainní fuinnimh inathnuaite a neartú agus astaíochtaí ceaptha teasa a laghdú.
An sprioc atá leis an reachtaíocht seo go mbeadh billiún tonna de laghdú ar astaíochtaí gásanna ceaptha teasa na Stát Aontaithe in 2030. Faoin mbliain 2030, meastar nach mbeidh ach 9.7% de leictreachas na Stát Aontaithe á fháil ó ghual, tionscal atá ag dul i léig ansin le fada.
Cé go raibh an gás nádúrtha mar fhoinse fuinnimh ag ardú thall le tamall, meastar go mbeidh a úsáid sin freisin laghdaithe 28% sa bhliain 2030.
Cháin na polaiteoirí is forásaí nó is liobrálaí sa Chomhdháil an bille seo toisc é a bheith níos teoranta ná an uaillmhian a bhí ag an Uachtarán Biden leis an ‘Acht Atógála Níos Fearr’. Ach theip air dóthain tacaíochta a fháil don acht sin agus a bhuíochas do na forálacha ar son na haeráide atá san Acht Laghdaithe Boilsciú seo, glacadh leis.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article An tAcht Laghdaithe Boilsciú (acht aeráide na S-A), 2022, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.