Club sacair atá suite i Fulham, Londain, Sasana, an Ríocht Aontaithe is ea Chelsea Football Club
Sonraí | ||||
---|---|---|---|---|
Leasainm | The Blues agus The Pensioners | |||
Cineál | club sacair | |||
Foirm dlí | ||||
Dáta a bunaíodh | 10 Márta 1905 | |||
Bunaitheoir(í) | Joan Laporta agus Joseph Mears | |||
Gníomhaíocht | ||||
Spórt | sacar | |||
Sraith spóirt | Premier League | |||
Ionad baile | Stamford Bridge: Fulham, Londain . 41,875 | |||
Rialachas corparáideach | ||||
Ceanncheathrú | ||||
Uachtaránacht | Todd Boehly (en) (2022–) | |||
Príomhchóitseálaí | Mauricio Pochettino (2023–) | |||
Úinéir | Todd Boehly (en) (2022–) | |||
Úinéir de | ||||
Eile | ||||
Dath | gorm, bán | |||
Trealamh spóirt | ||||
| ||||
Urraitheoir | Yokohama Rubber Company | |||
Suíomh gréasáin | chelseafc.com… | |||
Suíomh geografach |
Bunaíodh an club ar an 14 Márta 1905 i dteach tábhairne an Rising Sun. Níor éirigh go maith le Chelsea go dtí gur ceapadh an t-iar-imreoir idirnáisiúnta Ted Drake mar bhainisteoir sa bhliain 1952. Bhuaigh an club sraith Shasana i 1954/1955. Bhí foireann mhaith ag Chelsea faoi cheannas Tommy Docherty sna 1960í agus bhuaigh siad Corn an FA sa bhliain 1970 agus an Corn Eorpach do Bhuaiteoirí na gCorn sa bhliain 1971. Ina dhiaidh sin, áfach, níor éirigh go maith leo sna 70í agus sna 80í. Ceapadh Ruud Gullit mar bhainisteoir sa bhliain 1996 agus bhuaigh an club Corn an FA sa bhliain 1997. Bhuaigh Gianluca Vialli an corn Eorpach do bhuaiteoirí na gcorn sa bhliain 1998 agus corn an FA sa bhliain 2000. Cheannaigh Rúiseach saibhir, Roman Abramovich, an club sa bhliain 2003, agus ansin bhí a lán airgid le caitheamh ag an gclub. Faoi cheannas José Mourinho, bhuaigh siad an tsraith dhá bhliain as a chéile (2005 agus 2006) agus Corn an FA sa bhliain 2007.
|
|
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Chelsea Football Club, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.