File agus scríbhneoir Gaeilge ba ea Séamus Ó hÚltacháin nó Jim Nolan (1948 - 19 Meán Fómhair 2023.
Chaith sé scór bliain is tuilleadh ag teagasc i mBÁC, agus é ag scríbhneoireacht ag an am céanna.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1948 Corr na Gaoithe, Éire |
Bás | 19 Meán Fómhair 2023 74/75 bliana d'aois Cluainín, Éire |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Galar néarón luadrach) |
Gníomhaíocht | |
Gairm | file, scríbhneoir |
Teangacha | An Ghaeilge |
Ar scor, d'fhill sé ar an mBlaic i gContae an Chabháin, áit a mbíodh sé ag obair mar threoraí i bPáirc Náisiúnta an Bhoirinn. Bhí an galar néarón luadrach air.
Chaith sé scór bliain is tuilleadh ag teagasc i mBÁC, áit ar chruthaigh sé an tsraith leabhar Deco agus a chairde le O'Brien Press (sraith theilifíse do dhéagóirí ar RTÉ níos déanaí). Foilsíodh aistí leis ar iarsmaí seandálaíochta, go háirithe ar chlocha sa tírdhreach, i Breifne agus Archeology Ireland. Bhí sé ina chomhúdar ar Stair Chill na Laighneach. Chonacthas saothar filíochta leis i Scríbhneoirí Cois Teorainn fosta.
Airítear macalla cian staire agus nua-staire sa chnuasach filíochta seo ó Shéamus Ó hUltacháin. Díríonn sé ar Bhréifne Thiar agus tá bá iontach aige le laochra Gaelacha na dúiche – Cathal Buí Mac Giolla Ghunna, file, agus Seán Éamoinn Ruairí Mag Uidhir, seanchaí. Féachann sé le canúint atá caillte anois a aimsiú mar aon le meon agus tuiscint saoil ar leith. - An Ceathrú Póilí
Mar is dual don bhfile seo is aisfhreagra ar stair, tír-dhreach, seanchas is béaloideas Bhreifne cuid mhaith des na dánta anseo; agus mar spíosra bhreise dúinn ortha is minic friotal, foclaí agus frásaí ón chanúint a bhíodh sa treis san dúthaigh sin in úsáid aige. Anuas ar sin tá seodra snasta aige dúinn as a chaidreamh le bun-dúchasaigh, san Astráil ach go háirithe. - Coiscéim
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Séamus Ó hUltacháin, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.