Ba uachtarán na Fraince idir 2007 agus 2012 é Nicolas Sarkozy, an 23ú uachtarán na Fraince (rugadh Nicolas Paul Stéphane Sarközy de Nagy-Bocsa ar an 28 Eanáir 1955, 17ú arrondissement, Páras, An Fhrainc).
Ní mór feabhas a chur ar an litriú agus/nó ar an ngramadach san alt seo. Ná bain an chlib seo den alt ach i ndiaidh do chainteoir dúchais nó líofa súil a chaitheamh air, le do thoil. Tar éis an t-alt a cheartú, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. |
Fuair sé an ceann is fearr ar Ségolène Royal sa dara babhta den toghchán uachtaránachta ar an 6 Bealtaine 2007. Tháinig sé i gcomharbacht ar Jacques Chirac ar an 16 Bealtaine 2007.
Roimh a uachtaránacht, ba é ceannaire an UMP (Aontacht chun Gluaiseachta Coitianta) é. Ceapadh mar Aire Gnóthaí Baile é sa chéad rialtas de chuid Jean-Pierre Raffarin ó Bealtaine 2002 go Márta 2004 agus ansin ceapadh mar Aire Airgeadais é i rialtas deireanach Raffarin ó Márta 2004 go Bealtaine 2005. Ceapadh arís mar Aire Gnóthaí Baile é i rialtas Dominique de Villepin (2005-2007).
Ba Uachtarán Chomhairle Ginearálta départment (contae) Hauts-de-Seine é ó 2004 go 2007 agus ba mhéara é ar Neuilly-sur-Seine, ceann de na communes (bailte) is saibhre sa Fhrainc ó 1983 go 2002. Ceapadh é mar Aire Cáinaisnéise é i rialtas Édouard Balladur (RPR, réamhtheachtaí an UMP) i rith téarma deireanach François Mitterrand.
Tá Sarkozy go mór i bhfabhar dlí agus oird agus ba mhaith leis geilleagar na Fraince a athbheochan. Gheall sé go neartófar an entente cordiale leis an Ríocht Aontaithe agus go mbeadh níos mó comhoibrithe leis na Stáit Aontaithe.
Tugtar an leasainm Sarko air go forleathan.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Nicolas Sarkozy, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.