Is iaruachtarán de chuid na Fionlainne í Tarja Halonen (a rugadh i Heilsincí ar 24 Nollaig 1943) agus an chéad bhean sa phost sin ó 2000 go 2012.
Thosaigh sí a céad téarma sa bhliain 2000, agus bhuaigh sí toghchán arís ar an 26 Eanáir 2006. Léiríonn a saol oibre eiseamláir den chaoi ar féidir le dlíodóir teacht chuig an bpolaitíocht tríd an dlí.
Nuair a bhísí óg, bhí post aici san Aontas Náisiúnta na Mac Léinn (1969-70) agus ansin san Eagraíocht Lárnach Cheardchumainn na Fionlainne (1970-1974).
Is mar gheall ar a cúlra sa dlí a ceapadh mar rúnaí parlaiminte í den chéad uair.
Toghadh chun Comhairle Cathrach Heilsincí (1976-1996) agus chun na Parlaiminte (1979-2000) í, mar iarrthóir de chuid Pháirtí Sóisialach Daonlathach na Fionlainne.
Bhí sí ina hAire ó am go ham (Gnóthaí Sóisialta agus Sláinte, 1987-90; Comhar Nordach, 1989-91; Dlí agus Cirt, 1990-91 agus Gnóthaí Eachtracha, 1995-2000).
Toghadh mar Uachtarán í (faoi dhó, i 2000 agus i 2006), le tromlach beag an dá uair. Le linn an dá théarma léirigh sí lántacaíocht do neodracht na Fionlainne agus amhras faoi bhallraíocht na Stát Baltacha in ECAT.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Tarja Halonen, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.