Sochraid Bhanríon Eilís Ii

Reáchtáladh Sochraid Bhanríon Eilís II ar 19 Meán Fómhair 2022.

Cailleadh Eilís II ar 8 Meán Fómhair 2022, in aois 96 bliain di. Ba i gCaisleán Balmoral in Albain a bhí Banríon Shasana ag cur fúithi le tamall de bharr nach raibh a sláinte thar mholadh beirte.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtSochraid Bhanríon Eilís II
Íomhá
Cineálbás Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana8 Meán Fómhair 2022 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhCaisleán Bhaile Mhorail, Scotland Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Eilís II Cuir in eagar ar Wikidata
Cúis Cuir in eagar ar Wikidata
Ba chúis leisstate funeral of Elizabeth II (en) Aistrigh
Operation London Bridge (en) Aistrigh
accession of Charles III (en) Aistrigh (8 Meán Fómhair 2022) Cuir in eagar ar Wikidata
Haischlib#GodSaveTheQueen Cuir in eagar ar Wikidata

Ba í Banríon Eilís II an monarc is faide i réim riamh i Sasana.

Sochraid Bhanríon Eilís Ii

Sochraid

Sochraid Bhanríon Eilís Ii 
Sochraid Bhanríon Eilís Ii 

Bhailigh na céadta míle i lár Londan ar 19 Meán Fómhair 2022 do shochraid Bhanríon Eilís II.   I ráiteas roimh an tsochraid, dúirt Séarlas III go ndeachaigh na daoine ar fad a léirigh a n-ómós don bhanríon “i bhfeidhm go mór air féin agus ar a bhean chéile”.

Sochraid Bhanríon Eilís Ii 

Carráiste gunna, á tharraingt ag 142 mairnéalach ón gCabhlach Ríoga, a thug cónra na Banríona ó Halla Westminster go dtí Mainistir Westminster ar maidin. Lean an Rí Séarlas III an chónra agus baill den teaghlach ríoga ina theannta, an Prionsa William agus an Prionsa Harry ina measc.

Sochraid Bhanríon Eilís Ii 

Slua 2,000 duine a bhí ag an searmanas, lucht ríoga, ceannairí polaitiúla agus reiligiúnacha an domhain san áireamh. Bhí an searmanas bunaithe ar Leabhar na hUrnaí Coitinne 1662, leabhar urnaí oifigiúil Eaglais Shasana. Bhí Uachtarán na hÉireann Micheál D. Ó hUigínn agus an Taoiseach Micheál Martin i láthair. Bhí an tArdeaspag Mark O'Toole, ar de bhunú Chonamara é, freisin i láthair.

Ag deireadh an tsearmanais, seinneadh an Last Post ar an mbuabhall agus tugadh dhá nóiméad ciúnais don bhanríon sular seinneadh an Reveille. Ansin canadh Amhrán Náisiúnta Shasana ‘God Save the King’. Píobaire na Banríona, Paul Burns, a chuir críoch leis an gcuid sin den searmanas nuair a sheinn sé ‘Sleep, Dearie, Sleep’. Ina dhiaidh sin cluineadh clingireacht phlúchta chloig Mhainistir Westminster de réir traidisiún sochraide rí nó banríona.

Bhí 3,000 lucht Airm páirteach san mórshúil a chuaigh thar chuid de na láithreacha is mó cáil i Londain. An 20 míle bóthair ó Áirse Wellington go Caisleán Windsor facthas na mílte ag léiriú a meas ar Eilís an uair dheireanach.

Ansin reáchtáladh seirbhís adhlactha i Séipéal Naomh Seoirse i gCaisleán Windsor agus cuireadh tugtha ansin do 800 duine. Canadh an cór Kontakion Rúiseach na Marbh. Léigh Déan Windsor, an Dr David Conner, as Apacailipsis [Taispeáint] Eoin 12, véarsaí 1-7, an ceann céanna a léadh ag sochraidí an Rí Seoirse V agus an Bhanríon Máire, seantuismitheoirí na Banríona Eilís agus ag sochraid a hathar Seoirse VI i 1952.

Adhlacadh an bhanríon le taobh a fir chéile i Séipéal Cuimhneacháin an Rí Seoirse VI.

Oráidí

Dúirt Ard-Easpag Canterbury Justin Welby ina sheanmóir go raibh an Bhanríon “lán de cheol” agus go raibh a muintir agus daoine ar fud na tíre, an Chomhlathais agus an domhain go léir faoi scamall bróin ó bhásaigh sí. Thagair sé don mhóid a thug an Bhanríon i bpíosa cainte a craoladh nuair a bhí sí bliain is fiche. Mhóidigh sí an uair sin go dtabharfadh sí a saol go léir i mbun seirbhíse don náisiún agus don Chomhlathas. “Is annamh a choimeád aon duine riamh chomh maith sin aon ghealltanas,” arsa an tArd-Easpag.

Féach freisin

Tagairtí

Tags:

Sochraid Bhanríon Eilís Ii SochraidSochraid Bhanríon Eilís Ii Féach freisinSochraid Bhanríon Eilís Ii TagairtíSochraid Bhanríon Eilís Ii19 Meán Fómhair20228 Meán FómhairAlbainCaisleán BalmoralEilís II na Ríochta Aontaithe

🔥 Trending searches on Wiki Gaeilge:

Cogadh na Saoirse (Éire)Gael-MheiriceánaighMuintir na hÉireann1676Bratach na hÉireannDelbnaRíomheolaíochtDomhanIonghamasSkibidi ToiletCéadaoinCatCluain TarbhTerry WoganDuillíneachNuala Ní DhomhnaillTaoiseachBrian BóramhaHarriet Osborne O'HaganBogearraí saoraNicolás AlmagroAimsir na bliana 2023Contae ChiarraíBRICSPeter FondaSéamus Ó Conghaile1 EanáirFranz LisztAn Nua-ShéalainnConradh na GaeilgeÉigrit bheagÉin chreiche1910An BhrasaílGoogle1879 Wimbledon ChampionshipBarack ObamaBarbara MikulskiCorn Domhanda FIFA na mBan 20232 AibreánTubaiste Stardust1973Gealtacht Mael MórdhaThe SaturdaysLuciano PavarottiAn tAontas EorpachVicipéidDon GibsonIaltóg ghiobach AlcathoeRíocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart ÉireannTeicneolaíochtMargrethe II na DanmhairgeRichard BriersAigís22 MártaCluichí Oilimpeacha an tSamhraidh 2024Pléasc in Ospidéal Al-Ahli, GazaCómhaoin WikimediaLiosta daoine as an mBreatain BheagLeathanach gréasáin dinimiciúilTrent Harmon1909Samhail Tagartha OSICráin dhubhNaomh Seoirse25 IúilAiden McGeadyPuchán aeJohn PrescottRoy Blunt1900GaeilgeEiblitheoiríJelena JankovićCamfar13 Deireadh Fómhair🡆 More